Péint glanta den Ghaeilge ar chomhartha sráide ag Ard-Mhéara Bhéal Feirste

Dúirt an tArd-Mhéara, Mickey Murray, gur ‘údar mór díomá’ a bhí sa scéal go ndearnadh  loitiméireacht den dara huair le trí mhí ar an gcomhartha dátheangach do Ghairdíní an Chrainn Mhóir

Péint glanta den Ghaeilge ar chomhartha sráide ag Ard-Mhéara Bhéal Feirste

Thug Ard-Mhéara Bhéal Feirste air fhéin glanadh a dhéanamh ar chomhartha sráide a ndearnadh loitiméireacht ar an nGaeilge air.

Dúirt an tArd-Mhéara, Mickey Murray, gur “údar mór díomá” a bhí sa scéal go ndearnadh  loitiméireacht den dara huair le trí mhí ar an gcomhartha dátheangach do Ghairdíní an Chrainn Mhóir atá in aice le bóthar Lios na gCearrbhach i ndeisceart na cathrach.

Cuireadh péint dhearg ar an gcomhartha chun an Ghaeilge a chlúdach ionas nach mbeadh le feiceáil air ach an leagan Béarla d’ainm na háite, Cranmore Gardens.

Mí Feabhra seo caite a cuireadh in airde an comhartha nuair a cheadaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste é. Rinneadh loitiméireacht ar an gcomhartha den chéad uair i mí Aibreáin nuair a clúdaíodh an Ghaeilge air le péint bhán.

Chaith na póilíní leis an eachtra sin mar choir fuatha sheicteach.

 

Ag tagairt dó don eachtra is déanaí, dúirt an tArd-Mhéara Mickey Murray, ó Pháirtí na Comhghuaillíochta, gur éirigh leis cuid mhaith den phéint a ghlanadh ach go gcuirfeadh sé fios ar an gComhairle chun “sciúradh maith” a thabhairt don chomhartha.

Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh sé  “scannalach” go mbeadh ar aon duine tabhairt faoi chomhartha sráide a ghlanadh.

Faoi pholasaí Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, is féidir le duine atá ina chónaí ar shráid, nó comhairleoir áitiúil, achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge.

Ní gá ach do 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid glacadh leis an mholadh ina dhiaidh sin.

I gcás Ghairdíní an Chrainn Mhóir, bhí 35 duine ar son an chomhartha dhátheangaigh agus 35 duine a bhí ina aghaidh. Níor léirigh 50 duine de mhuintir na háite aon tuairim faoin achainí.

Fág freagra ar 'Péint glanta den Ghaeilge ar chomhartha sráide ag Ard-Mhéara Bhéal Feirste'