Bainfear amach ceann scríbe sna contaetha go léir san iomáint shinsir i gcúige Mumhan roimh dheireadh na míosa. Dar ndóigh tá Craobh an Chláir críochnaithe agus seaimpíní nua acu, Éire Óg, (atá ag imirt sa craobh peile amárach). Tá deireadh déanta i bPort Láirge chomh maith agus an corn buaite ag an gclub céanna don 12ú huair cúpla seachtain ó shin. Is beag club in Éirinn atá tar éis buaic chomh hard a bhaint amach chomh leanúnach sin le Baile Gunnair ó Phort Láirge. Ó 2014 i leith, tá Craobhchomórtas Sinsir Iomána na gClubanna i gCúige Mumhan tugtha leo acu cúig uaire agus an cluiche ceannais caillte ceithre uaire acu.
Nuair a bhuaigh siad craobh Phort Láirge in 2014, ba tús le ré nua é. Bhí siad i gcónaí ina bhfórsa sa chontae féin ach bhí stair an chúige lán den bhriseadh croí. Tháinig deireadh tobann leo an bhliain sin nuair a bhuail Creatlach as an gClár iad, ach caithfidh gur spreag an caillteanas sin iad.
Sna blianta ina dhiaidh sin, bhí siad ina gcuid bhuan de shéasúr an chúige. Shroich siad cluichí ceannais 2015 agus 2017, ach chuir Na Piarsaigh ó Luimneach stop lena n-aisling faoi dhó. Cé gur géar a mhothaigh siad na buanna sin orthu, d’fhoghlaim Baile Gunnair an cheird agus conas maireachtáil lasmuigh de theorainn a gcontae féin.
Tháinig an fhuascailt in 2018. Chuireadar deireadh le ceannasaíocht Na bPiarsach agus ghnóthaigh siad a gcéad chraobh na Mumhan le 17 bliain. Lá stairiúil a bhí ann, a dhearbhaigh gur club mór é seo i ndáiríre. Bhí coróin na Mumhan ar ais i bPort Láirge, agus bhí Baile Gunnair anois ar an stáitse náisiúnta.
In 2019, tháinig Buiríos Ó Luigheach as Tiobraid Árann aniar aduaidh orthu i gcluiche ceannais a bhí chomh teann le haon cheann eile. Bhí sos ann in 2020 de dheasca na paindéime, ach nuair a d’fhill an iománaíocht, bhí Baile Gunnair níos láidre agus níos fíochmhaire ná riamh.
Ó 2021 ar aghaidh, thosaigh an tréimhse órga i gceart. D’éirigh leo trí chraobh na Mumhan as a chéile a bhuachan in 2021, 2022 agus 2023, agus stíl staidéarach, chliste agus chruinn á himirt acu. In 2021, bhuaigh siad éasca go leor ar Cill Mocheallóg. An bhliain dár gcionn, bhuaigh siad ar Baile Aodha, a bhuaigh craobh an Chláir agus lean siad orthu chun Craobh na hÉireann a bhuachan, an chéad cheann ina stair le scór Harry Ruddle sa soicind deireanach i gcoinne Sheamróga Bhaile Héil.
Cuireadh barr maise ar an saothar in 2023 nuair a bhuaigh siad ar Chluain Lára an Chláir agus nuair a bhuaigh siad trí chraobh as a chéile i gCúige Mumhan. Ó laethanta na gcluichí móra idir an Charraig Dhubh, Barra Naofa agus Cnoc Sióin, ní raibh aon chlub eile a rinne an oiread sin a bhuachan.
Tháinig deireadh leis an tréimhse cheannais sin in 2024, nuair a chuir na Sáirséalaigh ó Chorcaigh stop leo i gcluiche ceannais iontach. Ba é sin an chéad uair le fada an lá a bhfacamar Baile Gunnair cloíte. Ach fiú an lá sin féin, bhí onóir sa chailliúint.
De réir mar a thosaíonn séasúr 2025, seasann Baile Gunnair mar eiseamláir den chlub nua-aimseartha atá gairmiúil ina gcur chuige, socair ina meon, agus dílis dá mbunús pobail. D’éirigh le foireann áitiúil a bheith ina cumhacht náisiúnta, agus tá meas tuillte acu ó chách as an tslí a n-imríonn siad agus a n-iompraíonn siad iad féin.
Tá dathanna dearg is dubh Baile Gunnair anois ina siombail ar an sármhaitheas, agus cé go n-athraíonn cuid de na hainmneacha ar an bhfoireann, fanann an spiorad céanna ann, an spiorad a rinne gaiscígh stairiúla díobh.
Ag tosach mhí na Samhna beidh siad ag dul chun páirce i gcoinne sheaimpíní Luimnigh, Dún Bleisce nó na Piarsaigh i bPáirc na nGael i Luimneach . Beidh leithéidí Stephen O’Keefe, na deartháireacha Mahony, Ian Kenny Peter Hogan agus Billy O’Keefe ann, na leaideanna céanna a bhí ag imirt in 2018 nuair a thug siad abhaile a gcéad chorn cúige. Beidh siad i lár an aonaigh arís ach tá na mílte míle den bhóthar siúlta ag mórán acu, rud a d’fhéadfadh teacht ina gcoinne nó a d’fhéadfadh seasamh leo. Neosfaidh an aimsir is dócha.
Fág freagra ar 'Baile Gunnair, an club beag a rinne a gcuid féin den stáitse náisiúnta'