Bac curtha ag ceithre rialtas ar athrú a chuirfeadh fíorchaighdeáin iompair i bhfeidhm sa saol poiblí

Ní neartóidh míchúram ná leithscéal Robert Troy muinín an phobail as an gcóras polaitiúil

Bac curtha ag ceithre rialtas ar athrú a chuirfeadh fíorchaighdeáin iompair i bhfeidhm sa saol poiblí

Robert Troy TD. Pictiúr: Julien Behal / RollingNews.ie

Abair a léitheoir dhil go bhfuair tú post maith deich mbliana ó shin. Abair go ndúirt an fostóir leat go mbeadh iachall ort faisnéis áirithe a sholáthar agus í a uasdátú gach bliain, ionas nach gceilfí rud ar bith a chuirfeadh amhras ar dhaoine a bheadh ag déileáil leat.

Abair freisin go bhfaighfí amach tar éis deich mbliana nach raibh lánfhaisnéis chruinn curtha ar fáil agat. An dóigh leat go mbeifeá slán ó phionós nó ó íde béil nó ó ghearán foirmiúil de chineál éigin?

Toghadh Robert Troy ina Theachta Dála don Longfort-Iarmhí aon bhliain déag ó shin agus mar aire stáit dhá bhliain ó shin. Sa ráiteas fada a d’eisigh sé Déardaoin, dúirt sé go raibh aiféala air go ndearna sé botúin agus gur fhág sé nithe ar lár agus faisnéis faoina mhaoin á cur ar Chlár Leasanna Chomhaltaí an Oireachtais aige.

Ní foláir trí rud a rá faoi ráiteas Troy.

1. Níor cheartaigh sé an fhaisnéis go dtí gur léiríodh a míchruinneas ar The Ditch agus ar nuachtáin éagsúla.

2. Níor chuir fiosrú ná treoir oifigiúil iachall air an fhaisnéis lochtach a cheartú. 

3. Ní féidir pionós a ghearradh ar aire ná ar dhuine ar bith a chuireann faisnéis easnamhach ar Chlár Leasanna Chomhaltaí an Oireachtais.

Shéan Robert Troy go raibh sé freagrach as ‘iompar míchuí’ ó thaobh cúrsaí cánach de. Ghabh sé leithscéal le muintir dháilcheantar an Longfoirt/na hIarmhí, leis an rialtas, leis an Dáil agus leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO). Mhol an Taoiseach a ráiteas agus tá sé féin agus an Tánaiste Leo Varadkar ag tabhairt lántacaíochta don aire stáit.

Mura dtagann bearnaí nó botúin eile ina chuntas poiblí airgeadais chun solais mar sin, beidh Robert Troy slán ina phost. Tá sé ina Aire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ó 2020. Ní beag an faoiseamh dó go bhfuil an Dáil ar atráth agus gan deis ag an bhfreasúra é féin ná ceannairí an rialtais a cheistiú.

Mar is gnáth ní tearc áibhéil ná tuairimíocht gan dealramh agus scéal Troy á phlé ar na meáin shóisialta. Sin ráite áfach, ní neartóidh a mhíchúram ná a leithscéal muinín an phobail as an gcóras polaitiúil – go háirithe na páirtithe atá i bun rialtais faoi láthair agus a bhí ó thús an chéid.

Is in 2001 a cuireadh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar bun. Tá cur síos beacht ar a ghnó agus ar a lagchumhacht in abairt amháin ar a láithreán: “Cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí trédhearcacht agus cuntasacht chun cinn sa saol poiblí.”

Tá neartú ar an dlí faoina ndéanann an Coimisiún a chuid oibre á iarraidh acu le fada – gan toradh faraor. Sa tuarascáil bhliantúil a d’eisigh an Coimisiún coicís ó shin, tá sonraí na leasuithe ar an dlí atá molta ag an gCoimisiún.

Ba mhaith leo mar shampla cead a bheith acu fiosruithe a thionscnamh ar a gconlán féin in ionad a bheith ag fanacht ar ghearáin ó dhaoine eile – mar a chuir an Teachta Paul Murphy (Pobal Roimh Bhrabús) faoina mbráid Déardaoin.

Ainneoin leasú mar seo a bheith iarrtha ag an gCoimisiún den chéad uair in 2004 agus go minic ó shin (agus arís i mbliana) tá droim láimhe tugtha leis an éileamh ag gach rialtas go dtí seo.

Tá iarTheachtaí Dála slán ó cheistiú an Choimisiúin, mar a léirigh cás Dhara Murphy ó Fhine Gael a d’éirigh as a phost in 2019. Bhí cúiteamh ar chostais taistil, oifige agus chothabhála mar Theachta Dála á éileamh ag Murphy ar feadh dhá bhliain tar éis dó post a fháil sa Bhruiséil, ainneoin é a bheith as láthair níos minice ná mar a bhí sé i láthair i dTeach Laighean.

Tá sé ráite ag an gCoimisiún ó shin go bhfuil a neamhábaltacht cásanna mar sin a bhaineann le hiarTheachtaí Dála a iniúchadh “míshásúil”. Arís faraor, níl athrú a cheadódh fiosrú dá leithéid curtha i bhfeidhm ná geallta.

Tá cur síos sa tuarascáil is deireanaí ón gCoimisiún ar 47 leasú eile a mhol siad roimhe seo agus nár cuireadh i bhfeidhm fós.

Ní foláir a rá gur fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath “athbhreithniú” ar an reachtaíocht eitice anuraidh. Ní heol fós cén uair a chríochnóidh an obair sin.

 Ná cuir geall rómhór ar chríochdháta ná ar thoradh na hoibre.

Fág freagra ar 'Bac curtha ag ceithre rialtas ar athrú a chuirfeadh fíorchaighdeáin iompair i bhfeidhm sa saol poiblí'

  • Mise Áine

    Yep, ‘botún’ a bhí ann…sách soiléir…trédhearcacht…cuntas tugtha…ráiteas fáighte…ceannairí sásta… is léir nach bhfuil gá le Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar chor ar bith!