Ba mhaith le Leo Varadkar Éire Aontaithe a fheiceáil sula bhfaighidh sé bás

Dúirt an Taoiseach gur mhaith leis Éire Aontaithe a fheiceáil ach go gcaithfeadh a leithéid tarlú i gcomhréir le Comhaontú Aoine an Chéasta

Ba mhaith le Leo Varadkar Éire Aontaithe a fheiceáil sula bhfaighidh sé bás

Ba mhaith leis an Taoiseach Éire Aontaithe a fheiceáil sula bhfaighidh sé bás.

Thug Leo Varadkar an méid sin le fios agus é faoi agallamh ar stáisiún raidió ar maidin.

Dúirt sé gur mhaith leis Éire Aontaithe a fheiceáil ach go gcaithfeadh a leithéid tarlú i gcomhréir le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Nuair a cuireadh ceist air ar mhaith leis Éire Aontaithe a fheiceáil lena linn, dúirt an Taoiseach:

“Ba mhaith, ach i gcomhréir le Comhaontú Aoine an Chéasta amháin, is é sin de réir thoil mhuintir Thuaisceart Éireann amháin. Rud an-tábhachtach é sin. Níor cheart aon rud a bhrú ar aon duine.

“Agus chomh maith leis sin, má bhainimid an pointe sin amach riamh, caithfimid a chinntiú go mbraithfidh aontachtóirí i dTuaisceart Éireann agus Briotanaigh i dTuaisceart Éireann gur áit í Éire aontaithe ina bhfuil fáilte rompu.

“Níl uainn go dtarlódh an rud céanna is a tharla 100 bliain ó shin nuair a fágadh mionlach chun deiridh.”

Ag labhairt dó le Today FM, dúirt an Taoiseach nach raibh sa Bhreatimeacht ach céim amháin i bpróiseas fada.

“Tá an bhraistint ann go mbeidh sé ina mhargadh, go nglacfar leis agus go bhfágfaidh siad an tAE, ach is ansin a thosaíonn an chéad rud eile, is é sin an idirbheartaíocht faoin gcaidreamh nua.”

Dúirt Varadkar go réitíonn sé go maith le Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson.

Dúirt sé go raibh Johnson “cairdiúil”, “éirimiúil” agus “barrúil”.

“Is féidir labhairt leis faoi stuif, tá a fhios agat. Bíonn sé deacair labhairt le polaiteoirí áirithe. Tá sé beagáinín áirid,  beagáinín difriúil,” arsa an Taoiseach.

 

Fág freagra ar 'Ba mhaith le Leo Varadkar Éire Aontaithe a fheiceáil sula bhfaighidh sé bás'

  • Art

    Trí rud nach ceart aon iontaoibh a bheith agat astu, fiacail gadhair, crúb capaill agus gáire polaiteora. An bheirt araon.