Ba ghránna agus náireach an radharc í agóid Ros Cré

Maireann baile má bhíonn na háiseanna ann le freastal ar riachtanais an phobail – mura mbíonn na haiseanna sin ann faigheann an baile bás

Ba ghránna agus náireach an radharc í agóid Ros Cré

Ba ghránna an radharc é: lucht agóide i Ros Cré ag béiceadh i gcoinne teifeach, mná is páistí óga go háirithe, ag dul faoi na súistí is iad á gcur isteach san óstán áitiúil.  Ba ghránna agus ba náireach an radharc é.

Goilleann an radharc sin ar an gcuid is mó dínn, tá mé ag ceapadh.  Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil bunús ag daoine áitiúla leis an ngearán atá á dhéanamh acu.

Maireann baile ar bith má bhíonn na háiseanna ann.  Ionaid inar féidir le daoine casadh ar a chéile, ceiliúradh a eagrú is a bheith beo mar phobal.

Maireann baile freisin má bhíonn na háiseanna ann le freastal ar riachtanais an phobail, dochtúirí, múinteoirí scoile, lucht seirbhísí poiblí.

Mura mbíonn na haiseanna sin ann faigheann an baile bás.

Tá an Taoiseach Leo Varadkar ag rá anois go gcaithfidh na húdaráis níos mó airde a thabhairt ar imní bhailí an phobail i dtaobh teifeach is eile.  Más maith nach mithid mar feictear dom gur cuma leis an stát faoi dhul i dteagmháil le pobail.  Dhein siadsan cinneadh agus an dearcadh a bhí acu ná go gcaithfeadh daoine glacadh leis.

Chonaic muid a leithéid i gcalafort Ros Láir.  Ghlac muintir an bhaile sin le teifigh go fonnmhar – 300 do phobal 2,000.  Chuir an cinneadh áitiúil seo brú ar sheirbhísí an cheantair, ach d’oibrigh an pobal go dícheallach le fadhbanna a réiteach.

Freagra an stáit?  Ghlac siad gan stró le 300 duine.  Mar sin is féidir linn 400 breise a chur ann, agus an foirgneamh a bhí beartaithe mar áras seandaoine a chur in úsáid do na teifigh agus dearmad a dhéanamh den áras seandaoine.

Mar an gcéanna i Ros Cré.  Tá dhá ionad ag feidhmiú ansin cheana féin do theifigh, is ní raibh aon deacracht, aon fhoréigean, aon chíréib fúthu.  Ach arís, dúirt an stát go raibh sé éasca, gur ghlac muintir na háite leis an dá ionad sin, mar sin cuirfimid breise isteach agus an t-óstán deireanach a bhaint díobh is a chur in úsáid do na teifigh bhreise seo.

Ní thugann na fíricí aon leithscéal don imeaglú gránna a chonaic muid, ach léiríonn siad gné eile den scéal ar cuma le tráchtairí Bhaile Átha Cliath faoi.

Go deimhin, goilleann sé orm nuair a chloisim daoine as ceantracha gustalacha i mBaile Átha Cliath, ar nós Caisleán Cnucha nó Carraig an tSionnaigh – áiteacha nach bhfuil oiread is teifeach amháin le feiceáil ann – ag damnú mhuintir Ros Cré agus áiteacha eile mar lucht ciníochais.

Ag an am céanna, ná bíodh aon mhíthuiscint ann faoi seo.  Tá ciníochas i gceist is tá an dream beag imeallach sin a dtugann muid an ‘Eite Dheis i bhFad Amach’ orthu ag iarraidh leas a bhaint as na deacrachtaí, mí-eolas a scaipeadh is ciníochas a chothú.

Ach ní haon leigheas ar an scéal sin a rá nach bhfuil bunús le himní an phobail nuair atá.  Ní bhaineann sin leis na scéalta bréagacha gur bagairt atá i bhfir óga don phobal, nó go bhfuil an tír lán, nó go bhfuil cultúr éagsúil acu.  Ach baineann an imní leis an easpa seirbhísí.

Agus leis an easpa pleanála don líon daoine atá ag teacht isteach.

Sea, tá dualgas morálta orainn freastal orthu siúd a iarrann dídean, agus cinneadh gasta a dhéanamh faoi na hiarratais sin.  Tá dualgas orainn pleanáil ionas go mbeidh muid in ann freastal orthu agus ar dhaoine atá i ngá.

Faoi dheireadh tá an Taoiseach ag labhairt faoin riachtanas go rachfaí i dteagmháil le pobail áitiúla, ach tá sé fós ag cloí leis na líne sheafóideach nach bhfuil ceart crosta ag pobal maidir le cé a bheidh mar chuid den phobal sin.  Ag deireadh thiar, tá.

Agus ní haon mhaith ach an oiread a rá go ndeachaigh muid thar sáile tráth, mar is í fírinne an scéil ná gur caitheadh go gránna linne i Sasana, sna Stáit Aontaithe agus go háirithe in Albain.

Mar sin féin tá dochar mór déanta cheana féin is tá fuinneamh taobh thiar de scéalaíocht na heite deise i bhfad amach.

Ach níl sé ródhéanach.  Má fhágtar an coimpléasc uaisleachta ar leataobh, má labhraíonn muid go hionraic le pobail ar fud na tíre – agus rud fíorlárnach sa scéal – má chuireann muid na hacmhainní riachtanacha ar fáil le dochtúirí is múinteoirí is seirbhísí a chur ar fáil, ansin is féidir linn teacht as an bpoll gránna seo agus a bheith bródúil as ár dtraidisiún fáilteachais.

Fág freagra ar 'Ba ghránna agus náireach an radharc í agóid Ros Cré'

  • jpmorley0@gmail.com

    Páistí a leath acu!