‘Ba fíor-thírghráthóirí iad ceannairí na hAthbheochana agus an Éirí Amach ach tá an dúshlán teanga céanna romhainn’ – McDowell

Is cuma cad a bheadh le rá ag na ‘revisionists’, ní raibh seans ar bith ann go mbainfí saoirse amach gan Conradh na Gaeilge, a deir Michael McDowell agus Clár Chomóradh 1916 an Chonartha á sheoladh anocht aige

Tá an mhórfhadhb chéanna roimh an nglúin seo is a bhí roimh Eoin Mac Néill, Pádraig Mac Piarais agus Éamon de Valera maidir le slánú na Gaeilge, dar leis an iar-Thánaiste Michael McDowell, garmhac an Niallaigh.

“Is muide na hoidhrí ar an Gaeilge agus ar ár gcultúr Gaelach agus anois is linne an dúshlán iad a choimeád beo, a chaomhnú agus a fhorbairt.

“Is é an dúshlán sin an dúshlán céanna a bhí roimh bhunaitheoirí an Chonartha céad bliain ó shin agus tá an dúshlán sin chomh mór agus chomh deacair inniu is a bhí dóibhsean ag an am sin,” a dúirt McDowell agus é ag seoladh Chlár Chomóradh 1916 Chonradh na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide anocht.

Dúirt sé gurbh fhíor-thírghráthóirí iad ceannairí na hAthbheochana agus an Éirí Amach. Dúirt sé nach raibh aon amhras air nach mbeadh Éire saor murach Conradh na Gaeilge.

“Sílimse nach raibh seans ar bith ann go saorfaí ar dtírne gan bunú Chonradh na Gaeilge. N’fheadar cad a bheadh le rá ag na ‘revisionists’ inniu,” a dúirt McDowell.

Maidir le ceist na Gaeilge sa lá atá inniu ann, dúirt sé gur furasta cur síos uirthi ná í a réiteach ach gurb ionann an dúshlán atá romhainn is a bhí roimh ghlúin bhunaitheoirí an Chonartha.

“Gan a bheith róchonspóideach, tá an mhórfhadhb chéanna romhainne is a a bhí roimh Eoin Mac Néill, Pádraig Mac Piarais agus Éamonn De Valera – an spreagaimid fíorlíofacht agus fíorghrá ar an Ghaeilge i gcroíthe gach dalta scoile tar éis deich mbliana á foghlaim sa seomra ranga.

“Tá sé i bhfad níos éasca cur síos a dhéanamh ar an bhfadhb ná é a réiteach.”

Bhí an t-iar-Thánaiste agus iarcheannaire an Pháirtí Dhaonlathaigh dóchasach, áfach, go gcaomhnófaí an Ghaeilge.

“Táim dóchasach agus muiníneach go réiteoimid an chruacheist sin sa todhchaí. Tá slite nua againn chun an teanga a athbheochan agus a chaomhnú, agus chun é a choimeád i lár ár gcroíthe agus i lár ár saoil náisiúnta…Tá na meáin againn anois chun ár dteanga a choimeád inár gcroíthe, inár saolta agus inár gcultúr,” a dúirt sé san Áiléar Eolaíochta i gColáiste na Tríonóide.

Dúirt McDowell gur fhág domhandú an Bhéarla gur cuid den saol anois an dátheangachas ach go bhféadfaí an Ghaeilge a chaomhnú dá n-aithneofaí an “bhunfhírinne” sin.

“Ní shílimse go stopfaimid “globalisation” an Bhéarla i dtréimhse an idirlín, ach ag an am céanna, ní fadhb nua dúinne in Éirinn láidreacht an Bhéarla. Sílimse go mbeidh dátheangachas mar an norm ar fud an domhain as seo amach.”

Chaithfí polasaí Gaeilge an Stáit a thógáil ar an tuiscint sin, a dúirt sé.

Maidir lena sheanathair féin, dúirt McDowell nach raibh sé ach féaráilte go dtabharfaí lánaitheantas don Niallach as an ról lárnach a bhí aige in athbheochan ‘náisiúnachas’ na tíre.

Ba é an Niallach, a dúirt sé, an chéad duine a mhol bunú an Chonartha i mí an Mhárta 1893 in alt a scríobh sé in Irisleabhar na Gaeilge.

Dúirt McDowell go rabhamar ar fad faoi chomaoin cheannairí an Éirí Amach.

“Agus cé nach raibh aon duine acu go hiomlán gan locht nó gan laige, mar is léir anois dúinn, tá sé cinnte go raibh an t-ádh leis an tír seo go raibh sa tréimhse sin an dream sin tírghráthóirí a bhí toilteanach gach rud a bhí acusan a chaitheamh nó a chailliúint ar son na tíre chun ár saoirse pholaitiúil agus chultúrtha a bhaint amach.”

Chaithfí, a dúirt sé, a bheith “mórchroíoch agus cuimsitheach” i rith chomóradh an Éirí Amach toisc go bhfuil “níos mó ná traidisiúin amháin ar an oileán seo” ach ní fhéadfadh duine ar bith a dhiúltú go raibh ceangal mór idir an Conradh agus Éirí Amach na Cásca.

Fág freagra ar '‘Ba fíor-thírghráthóirí iad ceannairí na hAthbheochana agus an Éirí Amach ach tá an dúshlán teanga céanna romhainn’ – McDowell'

  • Seán Mag Leannáin

    Caint an-spéisiúil anseo ón iar-Thanáiste Michael McDowell.