Ba chóir go maoineodh Foras na Gaeilge seirbhísí cúram leanaí ar fud na tíre – tuarascáil Oireachtais

Tá moltaí éagsúla faoi chur chun cinn na Gaeilge déanta ag baill Choiste Oireachtais na Gaeilge ina dtuarascáil nua faoi chuairt a thug siad ar Bhéal Feirste

Ba chóir go maoineodh Foras na Gaeilge seirbhísí cúram leanaí ar fud na tíre – tuarascáil Oireachtais

Deir comhchoiste Oireachtais gur cheart d’Fhoras na Gaeilge maoiniú́ a chur ar fáil do sheirbhísí óige agus do chúram leanaí i nGaeilge ar fud na tíre.

I dtuarascáil nua faoi chuairt a thug baill Choiste Oireachtais na Gaeilge ar Bhéal Feirste, deirtear gur chóir d’Fhoras na Gaeilge maoiniú a chur ar fáil chun anailís cheart a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil ag éirí le pobal na teanga i mBéal Feirste seirbhísí óige agus cúram leanaí a sholáthar i nGaeilge.

Tugtar ardmholadh sa tuarascáil don obair atá ar siúl ar son na Gaeilge i mBéal Feirste agus deirtear gur chóir an bonneagar teanga céanna atá sa chathair sin a bhunú sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta.

Deir baill an choiste chomh maith gur chóir d’Fhoras na Gaeilge oiliúint a chur ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste maidir le dea-chleachtas ó thaobh na Gaeilge agus an dátheangachais.

Deirtear sa tuarascáil gur gá Tionól Thuaisceart Éireann a athbhunú láithreach agus Coimisinéir Teanga don Ghaeilge a roghnú gan a thuilleadh moille lena chinntiú go gcosnófar cearta cainteoirí Gaeilge agus go gcuirfear i bhfeidhm an reachtaíocht nua don teanga.

Moltar freisin go ndéanfadh an Roinn Oideachais gníomh chun iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú, ag áireamh an dara hiar-bhunscoil lán-Ghaeilge i mBéal Feirste. Moltar go gcuirfeadh Ollscoil na Banríona polasaí don chomharthaíocht dhátheangach i bhfeidhm ar fud an champais, go bhforbrófaí an Scéim Cónaithe Gaeilge agus go lonnófaí an lóistín sin níos cóngaraí do phríomhchampas na hollscoile.

Deir Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge gur “ábhar imní” é do bhaill an choiste ciorruithe a d’fhógair Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann le gairid.

“Tá an Comhchoiste den tuairim go mba cheart forbairt a dhéanamh ar mhaoiniú do chur chun cinn na Gaeilge i mBéal Feirste agus sna Sé Chontae, seachas a mhalairt,” arsa Ó Snodaigh.

Is iad na baill den Oireachtas a thug cuairt ar Bhéal Feirste ag deireadh na bliana seo caite, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh agus Pa Daly ó Shinn Féin, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee ó Fhianna Fáil, an Seanadóir neamhslpeách Rónán Mullen agus an Seanadóir de chuid Shinn Féin Niall Ó Donnghaile.

Deirtear sa tuarascáil gur mhór “an t-ardú meanman” do na comhaltaí an obair atá ar bun ag eagraíochtaí teanga agus pobail i mBéal Feirste.

“Bíonn bród ag daoine óga as a n-áit dúchais agus as a gcuid Gaeilge agus bíonn an dá rud sin fite fuaite lena chéile agus iad ag glacadh páirt níos gníomhaí in imeachtaí a bpobail féin,” arsa an Cathaoirleach, Aengus Ó Snodaigh.

“Dá mbeadh a leithéid ann i gcathracha eile ar fud an oileáin, chuideodh sé go mór le cur chuige níos dearfaí agus níos láidre a chruthú don Ghaeilge agus don phobal i gcoitinne.

“Táimid ar fad an-tógtha leis an tsárobair atá ar bun i mBéal Feirste ar son phobal na Gaeilge. Tá súil againn go bhfeidhmeoidh sí mar eiseamláir agus go mbainfear úsáid as an gcur chuige céanna i ngach baile agus cathair mhór eile a fud an oileáin.”

Dúirt Ó Snodaigh go bhfuil earnáil na Gaeilge i mBéal Feirste “beo, bríomhar agus ag fás”.

Le linn a gcuairte, bhuail an Comhchoiste le hionadaithe ó 13 eagraíocht: An Droichead; Turas; Coláiste Feirste; Ionad na Fuiseoige; Raidió Fáilte 107.7FM; Bunscoil Phobal Feirste, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich; an Dream Dearg; Forbairt Feirste; Foras na Gaeilge; Glór na Móna; Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain; agus an Cumann Gaelach in Ollscoil na Banríona.

Fág freagra ar 'Ba chóir go maoineodh Foras na Gaeilge seirbhísí cúram leanaí ar fud na tíre – tuarascáil Oireachtais'

  • Gerry Sóna

    €94 milliún vaicsín don Covid caite san tine ach ganntanas airgid don Gaeilge agus don Ghaeltacht agus na Gaeil go fóill gan iris, greannain nó núachtain ina dteanga fein fiú go seachtainiúil.