Ba cheart ‘post lánaimseartha’ a dhéanamh de ról Uachtarán an Chonartha — Ó Cearbhaill

Cuirfidh Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge moladh chun cinn ag Ard-Fheis na heagraíochta i nGaillimh an deireadh seachtaine seo go ndéanfaí post lánaimseartha den ról

Ba cheart ‘post lánaimseartha’ a dhéanamh de ról Uachtarán an Chonartha — Ó Cearbhaill

Tá molta ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, a dtiocfaidh deireadh lena thréimhse uachtaránachta an deireadh seachtaine seo, go ndéanfaí post lánaimseartha de ról an Uachtaráin san eagraíocht teanga.

Cuirfidh Ó Cearbhaill rún chun cinn ag Ard-Fheis na heagraíochta, a bheidh á reáchtáil i gcathair na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo, go n-aithneofaí ról Uachtarán an Chonartha “mar ról lánaimseartha” agus go ndéanfaí “na socruithe cuí” chuige sin.

De réir bhunreacht Chonradh na Gaeilge, is é an tUachtarán ceann na heagraíochta, agus déanann sé ionadaíocht ghinearálta ar an gConradh, faoi réir an bhunreachta agus pholasaithe an Chonartha.

Is é an tUachtarán cathaoirleach an Choiste Gnó agus is aige a bhíonn an vóta cinniúnach sa chás go mbíonn easaontas ann. Tá cumhachtaí áirithe eile ag an Uachtarán atá leagtha amach i gcáipéisí na heagraíochta.

Ní raibh Uachtaránacht an Chonartha riamh ina ról lánaimseartha cé go raibh uachtaráin áirithe níos gníomhaí sa ról ná mar a bhí uachtaráin eile. Go deimhin, bhí oifig ag roinnt uachtarán i gceannáras an Chonartha ar Shráid Fhearchair.

Dúirt Ó Cearbhaill, nach mbeidh ag seasamh i dtoghchán na huachtaránachta an deireadh seachtaine seo, le Tuairisc.ie go mbraitheann sé go bhfuil “go leor deiseanna á gcailliúint” ag an eagraíocht toisc nach ról lánaimseartha é ról an Uachtaráin faoi láthair.

“Tá sé tábhachtach ó thaobh fhorbairt na heagraíochta de, go mbeadh an tUachtarán in ann freastal níos mó a dhéanamh ar an eagraíocht. Ba cheart go mbeadh sé in ann freastal níos minice ar imeachtaí an Chonartha, agus dul timpeall na tíre ag na craobhacha, agus a bheith ar fáil do bhaill na heagraíochta.

“Tá Seachtain na Gaeilge ag druidim linn, ba chóir go mbeadh Uachtarán lánaimseartha ar fáil don fhéile agus do na himeachtaí éagsúla a bheidh ag tarlú ar fud na hÉireann. Bheadh sé in ann freastal ar fhochoistí Dála agus an teanga a chur chun cinn anseo agus san Aontas Eorpach freisin,” a dúirt Ó Cearbhaill.

Is faoi Bhuanchoiste an Chonartha, coiste a mbíonn an tUachtarán ina bhall de, a bheadh sé mionsocruithe an phoist a réiteach, dar le hÓ Cearbhaill, ach ba mhaith leis go mbeadh tuarastal i gceist leis an ról.

Bheadh ceist oifige agus rudaí eile le socrú freisin ag an mBuanchoiste sa chás go n-éireodh lena rún Dé Sathairn.

“Bhraith mé go raibh dualgas orm, tar éis trí bliana a chaitheamh sa ról, breathnú ar an Uachtaránacht agus moltaí chun feabhais a dhéanamh. Thabharfadh an moladh seo go leor deiseanna don eagraíocht ach bheadh na sonraí le socrú ag cruinnithe i ndiaidh na hArd-Fheise,” a dúirt sé.

Is féidir le duine a bheith ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ar feadh trí bliana as a chéile. Is annamh anois a bhíonn duine sa ról chomh fada sin, cé go raibh Chéad-Uachtarán an Chonartha, Dubhghlas de hÍde, a bhunaigh an eagraíocht in éineacht le hEoin Mac Néill, sa ról ar feadh 22 bliain.

Dúirt Ó Cearbhaill go dtugann go leor comhlachtaí rogha d’fhostaithe sos gairme a thógáil, rud a thabharfadh deis do dhuine an ról lánaimseartha a ghlacadh ar feadh bliana nó mar sin.

Is é Cóilín Ó Cearbhaill an 34ú hUachtarán ar an gConradh ó bunaíodh an eagraíocht in 1893. Bhí folúntas bliana ann idir 1915 agus 1916 i ndiaidh do Dhubhghlas de hÍde éirí as ag Ard-Fheis 1915 i nDún Dealgan.

Ag Ard-Fheis 2014 i gCill Airne a toghadh Ó Cearbhaill ina Uachtarán ar an gConradh den chéad uair. Bhí sé ina Thánaiste ar Choiste Gnó an Chonartha roimhe sin.

Fág freagra ar 'Ba cheart ‘post lánaimseartha’ a dhéanamh de ról Uachtarán an Chonartha — Ó Cearbhaill'