Auteur Dhoire Cholmcille os cionn a bhuille le A Cambodian Spring

Is éacht oibre ag Chris Kelly é A Cambodian Spring, scannán faisnéise a thugann dúshlán liobrálaigh shotalacha an Chéad Domhain

Auteur Dhoire Cholmcille os cionn a bhuille le A Cambodian Spring

Tep Vanny. Pictiúr:Nicolas Axelrod / Ruom

Sionsaíonn na macallaí ionat, beag beann ar do chead. Fanann siad leat agus na teidil chreidiúna dheiridh ag snámh tharat, dubh agus bán, sara dtiteann bolgán an teilgeora isteach sa dorchadas as ar dhúisigh sé dhá uair a chloig roimhe. Tá deireadh ráite don dul seo ag auteur Dhoire Cholmcille.

Macallaí. An radharc seo. An íomhá sin. An líne úd. An poll nach mínítear sna teidil chreidiúna féin – ainm Toul Srey Pov in easnamh. Níl aon ribín deas ar fáil sa deireadh ann chun beartán néata a dhéanamh as, ná ní ghintear aon bhlúire beag schmaltz nó ardú meanman a thabharfadh scáth dúinn le dul i bhfolach taobh thiar de. Ní thugtar fothain dúinn a cheadódh dúinn maithiúnas a thuilleamh, nó a bhronnadh orainn féin, anois go ‘dtuigimidne’, liobrálaigh shotalacha an Chéad Domhain, an scéal agus a réiteach.

Fágann Kelly fúinn féin é ár mbealach a dhéanamh as an bhfaopach áirithe sin. Ní tiubh ar an dtalamh iad na scannáin fhaisnéise faoin tríú domhain nach soláthraíonn bealach éalaithe mothálach don sprioc-lucht féachana. ’S é A Cambodian Spring an eisceacht a chruthaíonn an riail sin, agus is treise mar scannán is mar fhaisnéis é dá bharr.

Agus a leithéid d’éacht atá anseo againn idir scannán agus scéal.

Ba é Loch Boeung Kak agus an dúthaigh mháguaird fearann traidisiúnta iascairí bhaile seantán Boeung Kak, áit inar mhair pobal dearóil phríomhchathair Phnom Penh leis na glúnta anall.

In 2007 thug Hun Sen, Príomh-Aire tiarnúil na Cambóide ó 1985 go dtí an lá inniu ann, cearta forbartha Boeung Kak don Chorparáid Thrasnáisiúnta Shukaku Inc. Bhí ceangal mífholláin idir a chlann siúd agus na forbróirí. Pé scéal é, dhíol Hun Sen cearta forbartha an locha agus a bhruach, beart a chuir gach ceart oidhreachta, daonna agus sibhialta a bhí ag pobal Boeung Kak, sluaite na cosmhuintire, in áit na leathphingine.

Níorbh fhada go raibh airgead an Bhainc Dhomhanda agus ollghléasra tochailte, ‘Supplied by European Union’ breactha ar a dtaobh (cá bhfuil ár scairt is ár gcoinsias?), ag déanamh smidiríní agus ciolar chiot den timpeallacht, de thithe na ndaoine agus d’fhantaisíocht shoineanta an ionannais na muintire dearóile.

Sin nó gur thug Toul Srey Pov, máthair triúr páistí óga, agus scata de na mná comharsan, le paisean agus le hidéalachas fuinniúil fá na baracáidí, díreach mar a rinne Bernadette s’againne tráth. Chuir mná Boeung Kak iad féin i mbaol le dínit na bhfíréan agus flosc na bhfadfhulangach. Tuigeadh dúinn ón tús nach luífidís síos arís fán ainriail éagórach, anois ná choíche.

Is í an mhíorúilt ná go raibh Chris Kelly istigh ar an scéal, go leanúnach, beagnach ón tús. Is dialann é A Cambodian Spring faoin turas a ghlac pobal Boeung Kak agus an scannánóir le chéile. Léimeann scuainí cinéma vérité leithéid Rouch, agus sraitheanna na ‘bhfísghluaiseachtaí ceoil’ sin ab ansa le Tarkovsky chugainn arís is arís eile. Iompraíonn scór creathánach James Holden ampla agus sceon agus uafás na n-íomhánna de réir mar is cuí. 

Is aisteoir, pearsa geall leis, é an ceamara féin sa dráma. Tá sé ann i gcónaí sa bhearna baoil i measc an phobail, ar thaobh na mbaracáidí leo – súile agus cluasa agus taifeadán an phobail. Tugann an ceamara dúshlán na mbaton, na súistí, na gclogad, na sciatha círéibe. Cuireann ceamara Kelly fianaise dhoshéanta inár láthair. Seasann Kelly is a cheamara gualainn ar ghualainn leis an bpobal in aghaidh ghunnaí na bpóilíní, chuile bhligeardaíocht agus drochobair mharfach shaoistí armtha an chomhlachta, Shukaku Inc.

Siúlann leo ón tús i gcuaráin an phobail, pearsa údarásach áitiúil eile. Is Búdaíoch é an tUrramach Loun Sovath, duine den chomhluadar manach in Pagoda Boeung Kak. Fear atá fá riail na n-údarás Búdaíoch. Tá Hun Sen, ár gcara an Príomh-Aire, méit Shukaku Inc, díreach tar éis an seanteideal ‘An Petrarc Ard-Cheannasach’ a athghairm. Ní nach ionadh dá bharr sin go dtagann seirbhís Póilíní na Manach – sea, tá a leithéid ann – anuas ar cheann Sovath agus tugtar bata agus bóthar don fhear bocht.

Náirithe go poiblí, íocann Sovath praghas an-ard as seasamh lena phobal. Agus é i mbaol a dhúnmharaithe, iarrann sé agus faigheann tearmann polaitiúil i Meiriceá Hillary Clinton/Barack Obama. Bhí cúis na mban ina cause celebre idirnáisiúnta ar feadh tamaill ar chúiseanna éagsúla: feachtas Sovath thall, an drochphoiblíocht a tharraing na tréimhsí fada príosúnachta a gearradh ar mhná a bhí ag léirsiú agus Ban Ki Moon ar cuairt ar an Chambóid in 2013; feachtasaíocht leanúnach phobal Boeung Kak; tacaíocht phoiblí Státrúnaí Mheiriceá san am, Hillary Clinton; agus filleadh abhaile ceannaire an fhreasúra Sam Rainsy a bhí díbeartha as an tír.

June 27, 2012 - Phnom Penh, Cambodia. The 13 women imprisoned on the 24th of May sit in the Appeal Court after 1 month and 3 days in jail, awaiting the final verdict regarding their release. © Nicolas Axelrod / Ruom
Pictiúr: Nicolas Axelrod / Ruom

D’fhill Rainsy ach ba mhó a chaint ná a ghníomh. Thit aontas na mban as a chéile. Tá Toul Srey Pov imeallaithe i measc a pobail féin, í briste, gortaithe, lán de chumha. ’Sí Tep Vanny, léiroidhre Toul Srey Pov ón tús, atá anois sa treis i ngluaiseacht Boeung Kak. Tá an tUrramach Sovath ag déanamh go maith dó féin arís agus a chonair spioradálta féin á shiúl aige le dínit i gcónaí.

Tá ceacht máistriúil tugtha ag Chris Kelly dúinn agus seodscannán nach bhféadfaí luach a chur air déanta aige. Níl eiseamláir níos cumhachtaí ann a léiríonn an streachailt mhífhéaráilte a bhíonn ann idir daibhir agus saibhir. Ná ní ann d’eiseamláir níos cumhachtaí maidir le léargas a thabhairt ar an gcaoi go dtagann fáltas, cumhacht, airgead, fiontraíocht phríobháideach, cumhacht an stáit, saint polaiteoirí agus féinleas na n-údarás reiligiúnda le chéile i gcomhghuaillíocht mhallaithe in éadan leas an phobail.

Croch suas í, Tool Srey Pov, a deirim, bean dhearmadta na Cambóide, ar an altóir atá géillte, cheal ionracais, ag Aung San Suu Kyi, an Aintín ‘deas’ atá i mbéal an dorais beagán suas an bóthar uaithi.

No Paseran!

Tá Obama agus Clinton ar shiúl agus tá réimeas nua sa Teach Bán.

Is le Shukaku Inc Boeung Kak anois.

Tá Hun Sen fós ina Phríomh-Aire ar an Chambóid.

Beidh Chris Kelly agus an tUrramach Sovath i láthair ag na taispeántais seo a leanas:

– Tráthnóna, 30 Aibreán – IFI Bleá Cliath, 18.00

– Máirt 1 Bealtaine – Gate Corcaigh 19.00

– Céadaoin 2 Bealtaine – Eye Cineama Gaillimh 19.00

– Déardaoin 3 Bealtaine – Brunswick Cinebowl, Doire Cholmcille 19.00

– Aoine 4 Bealtaine – QFT, Béal Feirste 18.00

Osclaíonn ‘A Cambodian Spring’ go náisiúnta ar an Aoine 4ú Bealtaine.

   

Fág freagra ar 'Auteur Dhoire Cholmcille os cionn a bhuille le A Cambodian Spring'