Athrú aeráide: róthe le bheith i mbun pinn

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: de bharr théamh an domhain is lú litríocht fós a bheidh chugainn feasta ó na teochriosanna

Athrú aeráide: róthe le bheith i mbun pinn

Tá The Writing Life leis an údar ó Mheiriceá, Annie Dillard, ar cheann de na leabhair faoin scríbhneoireacht chruthaitheach is fearr a thaitníonn liom, ach tá caibidil ghairid amháin ann nach raibh mé in ann mórán adhmaid a bhaint aisti riamh.

Sorry To Tell You a Dream! an teideal atá ar an gcaibidil sin agus is é bun agus barr an scéil a insítear ann ná go dtéann clóscríobhán Annie trí thine – go meafarach pé scéal é.

Más é atá i gceist ná cur síos ar an ngliondar úd a thagann ar scríbhneoirí nuair a bhíonn ag éirí chomh maith sin leis an obair go mothaíonn siad go bhfuil siad lasta, tá sé saghas leamh mar mheafar; más rud eile ar fad atá i gceist tá an píosa chomh meitifisiciúil sin go dtéann sé ó thuiscint orm.

Cibé ar bith, is minic an chaibidil chéanna as The Writing Life i mo chuid smaointe le mí nó mar sin anuas. B’fhéidir gur deacair seo a shamhlú agus an colún seo á léamh agat cois tine mhóna agus muga den tseacláid the nó gloine de scailtín fíona na Nollag i do lámh, ach sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí ormsa, tá sé chomh te sin le deireanas nach ndéanaim aon obair scríbhneoireachta a thuilleadh idir meán lae agus a cúig a chlog tráthnóna.

Is é an chaoi go bhfuil eagla orm go rachaidh mo ríomhaire glúine trí thine. Ní go meafarach, ach go litriúil.

Ní feabhas mo chuid scríbhneoireachta, faraor, ach cúrsaí aeráide is cúis leis an dordán a bhíonn ag mo ríomhaire glúine agus leis an teas aisteach a thagann uaidh tar éis an mheán lae, nuair a bhíonn an teas i bhfad os cionn an 30 céim Celsius. Táim ag brath ar an ríomhaire sin chun na billí a íoc agus b’fhearr liom é a mhúchadh in am ná dul sa seans.

Ach ní hí an teicneolaíocht amháin a bhíonn thíos leis an teas, ar ndóigh, ach an duine freisin. Le deireanas, bíonn an brothall chomh marbhánta sin sna tráthnónta go mothaím breoite: masmas nach dtéann i léig go dtí go dtéann an ghrian faoi.

Rith sé liom agus mo mhachnamh á dhéanamh agam faoin gceist seo go bhfuil áiteanna ar domhan anois a mbíonn sé róthe iontu chun a bheith i do scríbhneoir – ar feadh cuid den lá pé scéal é – mura mbíonn córas aeroiriúnaithe costasach agat.

Tá teoiric agam faoi chúrsaí litríochta nach bhfuil bunaithe ar aon taighde eolaíoch: dá fhuaire is dá fhliche tír, is ea is mó líon na scríbhneoirí ann. Is deacair a shamhlú, mar shampla, nach bhfuil baint éigin idir aeráid na hÉireann agus an cháil atá ar an tír ó thaobh na litríochta de. Céard a bhíodh le déanamh ag daoine fadó agus obair an lae curtha i gcrích ach suí cois tine ag éisteacht le seanchaí? Ní haon iontas gur dlúthchuid de DNA náisiúnta na hÉireann í an scéalaíocht.

Ar an gcaoi chéanna, gan dul thar fóir mórán, is féidir líon na scríbhneoirí mór le rá ón Domhan Theas a chomhaireamh ar dhá lámh – agus léiríonn sampla na hÉireann nach gá go mbeadh baint ag coilíneachas nó siondróim iarchoilíneachais leis an scéal sin.

Gan dabht is iomaí dochar a dhéanfaidh téamh an domhain agus i gcomparáid le díothú speiceas nó ardú leibhéal na farraige níl an ceann seo ar an gceann is tromchúisí, ach rith sé liom gur lú fós an litríocht a bheidh chugainn ó na teochriosanna feasta.

Fág freagra ar 'Athrú aeráide: róthe le bheith i mbun pinn'