Athbhreithniú ar bun ag Fáilte Ireland faoi úsáid logainmneacha Béarla do cheantair Ghaeltachta

Rinneadh cáineadh ar an eagraíocht turasóireachta le déanaí mar nach bhfuil leagan Gaeilge den suíomh Discover Ireland ar fáil

Athbhreithniú ar bun ag Fáilte Ireland faoi úsáid logainmneacha Béarla do cheantair Ghaeltachta

Deir Fáilte Ireland go gcinnteoidh siad go mbeidh gach logainm Gaeltachta ar shuíomh dá gcuid i nGaeilge agus i mBéarla feasta.

Níl sé i gceist, áfach, leagan Gaeilge den suíomh, Discover Ireland, a chur ar fáil.

Rinneadh cáineadh ar an eagraíocht turasóireachta le déanaí mar nach bhfuil leagan Gaeilge den suíomh Discover Ireland ar fáil agus mar gur i mBéarla amháin a bhí logainmneacha roinnt ceantar Gaeltachta.

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc, dúirt Fáilte Ireland nach raibh aon dualgas reachtúil orthu leagan Gaeilge den suíomh a chur ar fáil ach go raibh athbhreithniú ar bun acu faoi cheist na logainmneacha Gaeltachta. Bhí an t-athbhreithniú ar siúl, a dúradh, lena chinntiú go mbeadh logainmneacha dátheangacha in úsáid do gach ceantar Gaeltachta ar shuíomh Discover Ireland.

“Cé go bhfuil go leor logainmneacha Gaeltachta i mBéarla agus i nGaeilge le feiceáil ar discoverireland.ie cheana féin, tá sé tagtha ar aire Fáilte Ireland nach bhfuil sé seo fíor i ngach cás,” a dúirt urlabhraí.

“Tá Fáilte Ireland anois i mbun athbhreithnithe ar an ábhar ar discoverireland.ie chun a chinntiú go bhfuil gach tagairt a dhéantar do bhailte Gaeltachta ar an suíomh i mBéarla agus i nGaeilge. Beidh an obair seo curtha i gcrích sna seachtainí romhainn.”

Cé go bhfuil logainmneacha i nGaeilge agus i mBéarla úsáidte in áiteanna ar an suíomh Discover Ireland, is i mBéarla amháin atá na leathanaigh a dhéanann cur síos ar cheantair aitheanta Gaeltachta ar nós Gaoth Dobhair, Dún Chaoin agus An Spidéal. Gweedore, Dunquin agus Spiddal atá le feiceáil ar na leathnaigh sin agus na blúiríní eolais faoi na bailte i mBéarla amháin freisin.

Níl Fáilte Ireland chun cloí leis an leagan Gaeilge amháin de na logainmneacha Gaeltachta mar, dar leo, baineann daoine a bhíonn ag cuardach ar an suíomh úsáid as leaganacha Béarla agus leaganacha Gaeilge.

De réir figiúirí a chuir Fáilte Ireland ar fáil, mar shampla, rinneadh 44,100 cuardach ar ‘Spiddal’ ar an suíomh in 2022, breis is deich n-uaire níos mó ná an 4,070 cuardach a rinneadh ar ‘An Spidéal’. 20,540 duine a chuardaigh ‘Dunquin’ i mbliana, i gcomparáid le 4,620 a rinne cuardach ar ‘Dún Chaoin’.

Deir Fáilte Ireland go gcinnteoidh leaganacha dátheangacha de na logainmneacha go mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann teacht ar an eolas atá de dhíth orthu.

Ina ráiteas, thagair Fáilte Ireland do bhealaí eile ina mbaintear úsáid as an nGaeilge i bhfeachtais mhargaíochta na heagraíochta.

Dúirt Fáilte Ireland go raibh siad ag comhoibriú le tionchairí ar líne i mbliana chun roinnt ceantar Ghaeltachta a chur chun cinn. Mar shampla, dúradh go raibh siad i dteagmháil le tionchaire amháin a bhfuil Gaeilge aige a bheidh ag tabhairt cuairte ar Dhaingean Uí Chúis agus ar cheantar Chorca Dhuibhne níos deireanaí i mbliana. Beidh teachtaireachtaí i mBéarla agus i nGaeilge á roinnt ag an tionchaire faoina thuras ar a chuntais mheáin shóisialta.

Thagair Fáilte Ireland freisin den tsraith Heartlands, a rinneadh i bpáirt le TG4, agus a craoladh anuraidh, clár inar thaistil an ceoltóir iomráiteach Sharon Shannon agus a neacht Caoilinn Ní Dhonnabháin suas an tSionainn.

Deir an eagraíocht go mbíonn an Ghaeilge in úsáid ar na meáin shóisialta ag Fáilte Ireland “nuair is cuí” agus go dtugtar tacaíocht do Sheachtain na Gaeilge agus tograí Gaeilge eile.

Deir Fáilte Ireland go bhfuil siad ag déanamh athbhreithnithe ar na dualgais atá orthu maidir leis an nGaeilge faoin Acht Teanga leasuithe.

Nuair a tháinig úsáid na logainmneacha Béalra do cheantair Ghaeltachta ar shuíomh Discover Ireland chun solais, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur léirigh sé “easpa measa” agus gur “bocht an scéal” é nach raibh an suíomh ar fáil i nGaeilge.

Mura mbíonn gealltanas ina scéim teanga ní bhíonn dualgas ar chomhlachtaí poiblí logainmneacha oifigiúla Gaeltachta a úsáid ach amháin i gcásanna áirithe – in achtanna agus ionstraimí reachtúla, ar léarscáileanna áirithe agus ar chomharthaí bóthair nó sráide de chuid na n-údarás áitiúil.

Mar sin féin thug RTÉ treoir i mbliana d’iriseoirí nuacht an Bhéarla ar RTÉ úsáid a bhaint as logainmneacha oifigiúla Gaeilge na Gaeltachta amháin ina gcuid tuairiscí.

Fág freagra ar 'Athbhreithniú ar bun ag Fáilte Ireland faoi úsáid logainmneacha Béarla do cheantair Ghaeltachta'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    “Catch-Up” a tugtar ar seo, agus ní haon rud nua é.