Ardú suntasach ar líon na dteangacha a bhíonn á labhairt sa Bhruiséil

104 teanga a bhíonn á labhairt sa chathair anois, i gcomparáid leis an 72 a taifeadadh 24 bliain ó shin

Ardú suntasach ar líon na dteangacha a bhíonn á labhairt sa Bhruiséil

Tá ardú suntasach tagtha ar líon na dteangacha a bhíonn á labhairt sa Bhruiséil. De réir an ‘Taalbarometer’ (baraiméadar teangacha) is deireanaí a rinneadh sa chathair,  is iad na teangacha is mó a labhraítear sa chathair ná an Fhraincis, an Phléimeannais, an Béarla, an Araibis, an Spáinnis, an Iodáilis, an Ghearmáinis agus an Phortaingéilis.

Tá an Taalbarometer á dhéanamh i bpríomhchathair na hEorpa go tráthrialta ó bhí an bhliain 2000 ann agus faightear léargas sna torthaí ar thírdhreach teangeolaíoch na cathrach.

104 teanga a bhíonn á labhairt sa chathair anois, i gcomparáid leis an 72 a taifeadadh 24 bliain ó shin. Níl san fhigiúr sin ach torthaí an tsuirbhé a rinneadh ar 1,627 duine atá ina gcónaí sa Bhruiséil – fuarthas réidh leis an daonáireamh teangeolaíoch sa chathair i 1947 – mar sin is dócha ná a mhalairt go mbíonn i bhfad Éireann níos mó ná an 104 teanga sin á labhairt dáiríre.

Tá titim shuntasach tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil ceachtar de dhá theanga oifigiúla na cathrach acu mar theanga dhúchais. Bhí an Fhraincis agus an Fhraincis amháin mar theanga dhúchais ag 51.8% de mhuintir na cathrach agus bhí an Phléimeannais agus an Phléimeannais amháin mar theanga dhúchais ag 9.3% in 2000. Thit líon na bhFrainciseoirí dúchais go 41.3% agus líon na bPléimeannaiseoirí dúchais go 7.5% in 2024.

Nuair a chuirtear na daoine a tógadh go dátheangach (le ceann de theangacha oifigiúla na cathrach sa mbaile in éineacht le teanga éigin eile), tá céatadán níos airde i gceist ach mar sin féin tá titim ann ó bhí an bhliain 2000 ann. Bhí an Fhraincis sa bhaile ag 71% den daonra agus an Phléimeannais sa bhaile ag 19.3% in 2000. 24 bliain dár gcionn níl ach 63.6% den phobal ina gcainteoirí dúchais Fraincise agus 11.8% ina gcainteoirí dúchais Pléimeannaise.

Tá go leor daoine sa chathair a d’fhoghlaim na teangacha oifigiúla freisin agus nuair a chuirtear iad sin san áireamh tá na figiúirí i bhfad níos airde – ach arís eile tá titim shuntasach ann le hais scór blianta ó shin. Tá 81% de mhuintir na Bruiséile in ann an Fhraincis a labhairt “go maith” – titim ó 95.% in 2000 – agus tá 22.3% acu in ann an Phléimeannais a labhairt “go maith” – titim ó 33.3% in 2000.

Ar an lámh eile, thug 15.4% d’fhreagróirí an tsuirbhé le fios nach raibh an Fhraincis ná an Phléimeannais acu – méadú mór ón 4% a thug an freagra céanna in 2000. Fágann sé sin go bhfuil tuairim is 150,000 duine ina gcónaí sa chathair nach bhfuil ceachtar den dá theanga oifigiúla ar a dtoil acu. Tá fás mór tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil Béarla acu sa tréimhse chéanna – ó 33% go 46.7%.

Bíonn an Béarla ina dhroichead idir cainteoirí Fraincise agus cainteoirí Pléimeannaise na cathrach ó am go chéile – thug 3.5% den phobal Pléimeannaise le fios go n-iompaíonn siad ar an mBéarla nuair a labhraíonn fostaí de chuid an stáit leo i bhFraincis agus thug 13% den phobal Fraincise le fios go ndéanann siad amhlaidh nuair a labhraítear an Phléimeannais leo.

Léirítear i dtorthaí an tsuirbhé freisin go bhfuil líon suntasach daoine sa Bhruiséil nach bhfuil an Fhraincis, an Phléimeannais, ná an Béarla acu – 10.5% nó 100,000 duine.

Fág freagra ar 'Ardú suntasach ar líon na dteangacha a bhíonn á labhairt sa Bhruiséil'

  • F. Bakker

    An Phléimeannais? Ní teanga ar chor ar bith é sin. Ísiltíris (na Beilge) atá i gceist. Is iad an Ísiltíris, an Fhraicis agus an Ghearmáinis na teangeacha oifigiúla na Beilge.