NÍ haon rud nua é go mbeadh cailíní ag déanamh go maith sna scrúduithe scoile – san Ardteist agus a leithéid. Ach feictear dom gur rud nua é go mbeadh cailíní ag déanamh chomh maith sin ar scoil, agus ina dhiaidh sin, san oideachas tríú leibhéal, sa gcaoi is go mbeadh casadh radacach tagtha ar an scéal iomlán.
Is cosúil anois, i dtíortha an domhain fhorbartha, ar nós Mheiriceá, an Bhreatain, Ceanada agus an Spáinn, go bhfuil níos mó fear taobh amuigh den saol oibre ná mar atá mná, den chéad uair riamh sa stair. Cé a cheap go dtiocfadh muid go dtí an staid sin nuair a bhíomar ag lorg cearta na mban sna seachtóidí?
Ach ní inné ná inniu a thosaigh sé seo. Le blianta anois, tá sciar na bhfear (óg) nach bhfuil ag fáil a gcuid oideachais, ná ag obair, ná nach bhfuil fiú ag cuartú oibre, ag fás. Agus tá sciar na mban óg atá ag déanamh go maith ó thaobh an oideachais de, agus atá fostaithe ar thuarastal maith, ag fás freisin.
Níl aon fhadhb againn leis sin, an bhfuil?
Nár throideamar ar feadh i bhfad ar son
comhionannas pá, agus cearta na mban trí chéile? Nach cuimhneach linn nuair ab éigean duit síniú fir a fháil chun iasacht a fháil ón mbanc (mura raibh fear agat sa bhaile)?
Agus is cuimhneach linn na hagallaimh agus na litreacha diúltacha a tháinig ina
ndiaidh, nuair a tugadh an post don fhear – cé go mb’fhéidir nach raibh an taithí chéanna aige ar chor ar bith.
Mar sin ba cheart go mbeimis ag ceiliúradh agus muid ag léamh go bhfuil an oiread sin dul chun cinn déanta ag na mná ar na saolta seo.
Ach is cosúil go bhfuil scéal eile ag borradh taobh thiar de na staitisticí breátha seo. Is í an cheist anois ná cad a dhéanann fir óga nuair nach gcuirtear oideachas maith
orthu agus nuair nach mbíonn obair laethúil acu, ná sin de dhíth orthu?
Nuair a chuirtear ceist ar mhná faoin mbealach a gcaitheann siad an lá, freagraíonn go leor acu go mbíonn siad ag obair agus ansin go mbíonn cúraimí clainne orthu. Ní hamhlaidh an scéal do na fir. Ní bhíonn siad ag obair agus ní ghlacann siad aon fhreagracht as cúraimí clainne. Go deimhin, meastar anois go bhfuil gá le cúram is cuidiú de chineál éigin ó na fir féin. Sa mBreatain ceaptar go bhfuil fadhbanna fadtéarmacha sláinte ag thart ar 80% de na fir óga seo, nach bhfuil obair ná oideachas acu.
Feiceann muid ar an scáileán cad a bhíonn ar siúl ag cuid acu, oíche i ndiaidh oíche.
Deirtear go mbíonn an-tóir acu ar na pearsana idirlín a scaipeann scéalta bréige nuachta.
Ní haon iontas é go mb’fhéidir go mbeadh sé éasca iad a mhealladh i dtreo an fhoréigin agus i dtreo na polaitíochta a théann thar fóir ar fad.
Ach ní haon réiteach ar fhadhb amháin, fadhb eile a chruthú. Agus ní féidir an milleán a chur ar mhná faoina bhfuil ag titim amach i saol na bhfear óg. Ní haon leigheas ar an scéal seo na mná a chur ar gcúl arís.
Agus is cosúil go mbíonn tionchar ag na hathruithe seo ar fad ar an gcaidreamh idir fir agus mná anois. Nuair a dhéantar suirbhé ar dhaoine óga anois, faoina ndearcadh polaitiúil, is cosúil go bhfuil difríochtaí móra ag teacht chun cinn idir fir agus mná.
Bíonn claonadh ag na fir óga i dtreo na heite deise agus bíonn na mná óga ag dul ar mhalairt treo ar fad. Cén chaoi a réiteoidh siad sin le chéile amach anseo?
Agus de réir mar a mhéadaíonn líon na mban óg a bhfuil cáilíochtaí agus céimeanna ardleibhéil acu, cé chomh deacair is a bheas sé páirtnéirí agus fir chéile a aimsiú nuair a bheas ganntanas fear ann a bheas ar comhleibhéal oideachais leo?
Nuair a rinneadh suirbhé faoi seo sa mBreatain in 2022, frítheadh amach go raibh meánioncam níos airde ag mná óga den chéad uair riamh ná mar a bhí ag fir ar chomhaois leo.
Bhí dhá chúis leis seo – tháinig ardú ar ioncam na mban toisc go raibh cáilíochtaí
oideachais níb fhearr acu ná mar a bhíodh. Agus céim ar chéim leis sin, tharla laghdú ar ioncam na bhfear nach raibh cáilíocht tríú leibhéal acu.
Ar ndóigh sa tréimhse chéanna
tháinig laghdú ar líon na bpostanna traidisiúnta a bhíodh ar fáil d’fhir nach raibh ardoideachas orthu – obair láimhe, ceardaíocht, obair le meaisíní agus a leithéidí. Sa mbliain 1991, bhíodh ioncam 57% níos airde ag fir nach raibh céim acu, ná mar a bhí ag mná nach raibh céim acu.
Ach faoi 2022, nuair a rinneadh an suirbhé, fuaireadar amach go raibh fir nach raibh céim acu anois ag saothrú ioncam a bhí 10% níos lú ná a
gcomhionann i measc na mban.
Níor éirigh liom figiúirí dá leithéid a fháil don tír seo. Níl an oiread sin daoine as obair anseo, agus sin rud maith.
Ach is rud nua é nach mbeadh fonn ar bith ar dhaoine dul ag obair, fiú dá dtairgfí jab dóibh. Agus is léir go bhfuil sciar áirithe díobh sin ann agus an-dúil acu i léirsithe, i bhforéigean agus in imeachtaí nach dtaitneodh le go leor de na mná óga.
Seo dúshlán do pholaiteoirí san am atá le teacht – saol na mban a choinneáil á fheabhsú agus gan ligean do na caighdeáin dul ar gcúl, agus saol na bhfear óg gan cáilíochtaí oideachais a fheabhsú agus fís éigin a chruthú a thabharfas dóchas dóibh sa gcaoi nach mbeidh siad fágtha ar an taobhlíne agus b’fhéidir ag déanamh a n-aimhleasa féin.
Fág freagra ar 'Cailíní ag sárú na mbuachaillí – ach cén toradh a bheas air?'