Ardú fógartha ar an deontas a chuirtear ar fáil do mhná tí na Gaeltachta

Ardú beagnach 10% atá i gceist ar an liúntas laethúil a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus an deontas aon uaire a chuirtear ar fáil do theaghlaigh nua ardaithe ó €2,000 go €6,000

Ardú fógartha ar an deontas a chuirtear ar fáil do mhná tí na Gaeltachta

Tá maoiniú breise do mhná tí na gColáistí Samhraidh fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta tráthnóna agus breis is €800,000 le cur ar fáil ón mbliain seo chugainn.

Agus é i gConamara inniu, d’fhógair an tAire Stáit Jack Chambers go raibh arduithe ceadaithe aige ar an liúntas laethúil a íoctar le mná agus fir tí agus ar an deontas a chuirtear ar fáil do theaghlaigh nua a chláraíonn chun lóistín a chur ar fáil.

Ardú beagnach 10% atá i gceist ar an liúntas laethúil a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus €12 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche anois le híoc le mná agus fir tí na gcoláistí samhraidh. Ardaíodh an liúntas go €11 ó €10 níos túisce i mbliana, an chéad ardú a bhí ann ó 2017.

Meastar go mbainfidh tuairim is 700 teaghlach sa Ghaeltacht leas as an airgead breise seo.

Tá curtha go mór freisin leis an deontas aon uaire a íoctar le teaghlaigh atá chun lóistín a chur ar fáil do dhaltaí den chéad uair. Méadú trí oiread a d’fhógair an tAire Stáit inniu ar an deontas tosaithe dóibh siúd a chláraíonn leis an scéim, ó €2,000 go €6,000, nó 80% den chostas inghlactha cibé acu is lú.

Bhí deacrachtaí go leor ag coláistí samhraidh mná agus fir tí a mhealladh i mbliana agus tá súil ann go gcabhróidh an t-airgead breise seo le teaghlaigh a mhealladh lóistín a chur ar fáil do lucht freastail na gcoláistí.

Fágann sé seo ar fad go mbeidh cistíocht bhreise ar fiú tuairim is €820,000 á cur ar fáil ag an Roinn ar leas lucht lóistín chóras na gcoláistí.

Cuireadh airgead breise ar fáil don Roinn faoi Bhuiséad 2023 agus cé gur fógraíodh go mbeadh cuid de ag dul i dtreo na gcoláistí samhraidh, níor tugadh na sonraí i dtaobh an ardaithe go hoifigiúil go dtí inniu.

Thart ar €5.5 milliún a chuirfidh an Roinn ar fáil d’earnáil na gcoláistí samhraidh gach bliain.

Dúirt an tAire Stáit Chambers gur “údar áthais” a bhí ann dó na beartais bhreise a fhógairt ar leas na gcoláistí Gaeilge.

“Bíonn na céadta teaghlaigh fud fad na Gaeltachta ag cur lóistín ar fáil le cúnamh Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge do lucht freastail na gcoláistí Gaeilge agus bainfidh siad uilig leas as an ardú eile seo – an dara hardú i ndeontas na scéime i mbliana. Tá na teaghlaigh seo mar chuid lárnach de chóras na gColáistí ar ndóigh agus is ar na teaghlaigh sin dá réir a bhíonn iarrachtaí na Roinne dírithe den chuid is mó chun cabhrú leis an earnáil go ginearálta i dtéarmaí airgeadais de,” a dúirt sé.

“Cabhróidh an t-ardú atá fógartha agam le teaghlaigh atá cláraithe cheana féin faoi scéim na Roinne chomh maith ar ndóigh le teaghlaigh nua a mhealladh isteach sa chóras – rud a chabhróidh go mór le coláistí a bheith in ann feidhmiú go bisiúil.”

Tá sé deimhnithe cheana ag an Roinn go bhfuiltear chun tabhairt faoi athbhreithniú ar earnáil na gcoláistí samhraidh i rith an fhómhair.

Fág freagra ar 'Ardú fógartha ar an deontas a chuirtear ar fáil do mhná tí na Gaeltachta'