Ar thóir scamall agus báistí a bhíonn turasóirí an lae inniu

AN SAOITHÍN AERÁIDE: ní ar oileáin dhóite na Gréige atá muintir na hEorpa ag tabhairt aghaidhe an samhradh seo is cosúil ach ar chósta ceomhar na Mara Thuaidh

Ar thóir scamall agus báistí a bhíonn turasóirí an lae inniu

Le seachtain nó dhó anuas thug an Saoithín Aeráide suntas d’fheiniméan aisteach ina bhaile dúchais san Ísiltír, Heemskerk.

Thosaigh sé le teaghlach ón bhFrainc a chuir fios an bhealaigh air, ag iarraidh fáil amach cá raibh an t-ollmhargadh is gaire.

An lá dár gcionn bhí air teacht i gcabhair ar theaghlach ón mBreatain a bhí ag streachailt le hinneall na dticéad ag an stáisiún traenach.

Ar an Aoine níor chuala sé ina thimpeall ar an margadh ach Gearmáinis.

An chéad rud eile rith sé leis nach bhfaca sé oiread uimhirphlátaí ón Iodáil, ón Spáinn agus ón bPortaingéil ar bhóithre a bhaile dhúchais riamh roimhe sin.

Ní hé nach bhfuil Heemskerk go deas; tá dhá chaisleán ann, tá an baile gar don trá, do dhumhcha gainimh agus d’fhoraoiseacha, agus níl sé i bhfad ó chathair Amsterdam.

Ach ní haon Volendam nó Marken é. Ní bhíonn muintir na háite ag dul thart agus feisteas traidisiúnta orthu (cé go bhfeicfeá corrbhróg adhmaid) agus cé go bhfuil brú óige, óstán agus láthair champála ann ní fhéadfá a rá go bhfuil an rogha lóistín fairsing – ná, go deimhin, go bhfuil saol oíche an bhaile inchurtha le saol oíche Ibiza.

Ach léirigh na nuachtáin nach raibh dul amú ar an Saoithín Aeráide. ‘Ardú 44% ar líon na dturasóirí ón nGearmáin ó thús na bliana seo!’ a bhéic ceannlíne amháin.

Céard a thug ar theaghlaigh ón bhFrainc agus ón mBreatain aghaidh a thabhairt ar bhaile codlatach ar chósta na Mara Thuaidh?

Céard a thug ar Iodálaigh, ar Spáinnigh agus ar Phortaingéalaigh léimt ina gcuid carranna agus turas dhá mhíle ciliméadar a chur díobh le seachtain nó dhó a chaitheamh i dtírín a mbíonn cáil na fliche uirthi sa samhradh?

Cén fáth nach raibh na Gearmánaigh sin ag déanamh bolg le gréin ar thránna na Gréige?

Cúrsaí aeráide gan dabht.

Ba é Déardaoin an 6 Iúil an lá is teo i stair na cruinne agus go deimhin bhí mí Iúil 2023 ar an Iúil is teo riamh.

Tá adhaimsir ar fud an Leathsféir Thuaidh: falscaithe sa Ghréig, san Iodáil agus i dtuaisceart na hAfraice; teas 45 céim nó os a chionn sin sa Spáinn, sna Stáit Aontaithe agus sa tSín.

Ar thóir na báistí agus na scamall a bhíonn turasóirí ár linne, is cosúil; fonn orthu éalú ar feadh seala ó áiteanna nach féidir an samhradh a sheasamh ann a thuilleadh.

Ar ndóigh níl san fheiniméan a thug an Saoithín Aeráide faoi deara an mhí seo ar chósta na Mara Thuaidh ach réamhbhlaiseadh dá bhféadfadh a bheith romhainn mura gcuirtear stop le téamh na cruinne.

Ní turasóirí a bheidh ag tabhairt aghaidh ar chríocha na n-aeráidí measartha ansin ach teifigh ó ollchliseadh aeráide.

Fág freagra ar 'Ar thóir scamall agus báistí a bhíonn turasóirí an lae inniu'