Ár gcéad amharc ar a bhfuil i ndán do na foirne peile is fearr sa tír

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil le déanamh ag na foirne i Roinn 1 agus Roinn 2 na Sraithe Peile agus iad ag fáil réidh don séasúr nua

Ár gcéad amharc ar a bhfuil i ndán do na foirne peile is fearr sa tír

Michael Murphy (Dún na nGall), Brian Fenton (Áth Cliath), David Clifford (Ciarraí), Damien Comer (Gaillimh). Pictiúir: INPHO

Agus tús curtha leis an tSraith Náisiúnta Iomána an tseachtain seo caite, beidh peileadóirí idirchontae na tíre ag dul chun páirce inniu agus amárach den chéad uair i mbliana.

Cé go mbeidh foirne áirithe ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar chúrsaí le linn na sraithe agus díriú ar an gcraobh, a mhalairt atá fíor do roinnt mhaith eile agus is iad na seachtainí amach romhainn an chuid is tábhachtaí den bhliain acusan.

Tá an tsraith ciorraithe go mór i mbliana de dheasca na dianghlasála agus gan ach trí chluiche ag gach foireann chun na babhtaí ceannais a bhaint amach.

I Roinn 1 Thuaidh mar shampla, mar a bhfuil Dún na nGall, Ard Mhacha, Tír Eoghain agus Muineachán, tá gach seans ann go mbeidh cuid de na foirne céanna ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gCraobh Uladh. Ach má dhéantar iarracht an bob a bhualadh ar na foirne eile le linn na sraithe agus gan iarracht rómhór a dhéanamh, d’fhéadfadh titim go dtí Roinn 2 a bheith i ndán dóibh.

An dúshlán atá ann do lucht bainistíochta na bhfoirne ná an chothromaíocht cheart a fháil.

Roinn 1 Thuaidh


Roinn 1 Theas


Roinn 2 Thuaidh


Roinn 2 Theas

Fág freagra ar 'Ár gcéad amharc ar a bhfuil i ndán do na foirne peile is fearr sa tír'