Ní chóir dúinn tacú le clár gránna Macron

Sea, tá athchóiriú an Aontais ar na bacáin, ach ní hé seo an t-athchóiriú a mbíonn Sinn Féin ná Yanis Varoufakis ag caint faoi.

Ní chóir dúinn tacú le clár gránna Macron

Tá clár toghchánaíochta curtha faoi bhráid mhuintir an Aontais Eorpaigh ag Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron – clár a chosnaíonn an nualiobrálachas is a leagann síos na bunchéimeanna atá le tógáil chun ollstát feidearálach a dhéanamh den Aontas.

Ach an oireann an fhís seo dóibh siúd a lorgaíonn síocháin is comhoibriú ar fud an domhain, nó an cuid d’athbheochan an impiriúlachais Eorpaigh í?

Tá trí chuid san fhís seo aige: saoirse (mar a thugann seisean uirthi) agus daonlathas na dtoghchán a chosaint; an mhór-roinn a chosaint le comhchlár míleata agus smacht níos daingne a bheith ag an lár ar theorainneacha an Aontais; agus polasaithe tionsclaíochta, timpeallachta, forbartha is cánach a chomhtháthú in Aontas lárnaithe.

Tá a fhios againn céard is brí leo seo: seafóid eile faoin Rúis a bheith ag bagairt ar thoghcháin na hEorpa agus an gá dá réir a chinntiú go mbeidh smacht láidir ag an lár ar na tuairimí a scaipfear is a phléifear; tuilleadh míleatachais is slándáil lárnaithe; agus treisiú an láir i dtreo an ollstáit.

Leis an mbunbhréag a thosaíonn an t-alt le Macron a cuireadh i gcló i roinnt nuachtán ar fud na hEorpa: is é sin gur bunaíodh an tAontas agus an Fiontar Eorpach ar mhaithe leis an tsíocháin.

Cinnte thuig aithreacha an fhiontair gur scrios na cumhachtaí Eorpacha iad féin trí chogaíocht in aghaidh a chéile, an Ghearmáin agus an Fhrainc ach go háirithe, ach ní raibh sé riamh i gceist acu go gcuirfí deireadh leis an gcur isteach a bhí á dhéanamh ag tíortha Eorpacha ar an gcuid eile den domhan.

Agus fiú más iad Stáit Aontaithe Mheiriceá is mó atá taobh thiar de na cogaí ar fud an domhain, ní raibh aon leisce ar na cumhachtaí Eorpacha páirt a ghlacadh iontu, mar sin féin.

Cuimhnigh gurbh í an Fhrainc a chaith na chéad diúracáin in aghaidh na Libia agus go raibh páirt mhór ag tíortha an Aontais Eorpaigh i scriosadh na tíre sin.

Sea, níl Gearmánaigh is Francaigh ag marú a chéile a thuilleadh, ach is beag sásamh é sin do mhuintir an Mheánoirthir ná thuaisceart na hAfraice. Níl ann ach go bhfuil impiriúlachas nua i gceist ag an Aontas Eorpach, impiriúlachas atá roinnte idir ballstáit an Aontais.

Cuimhnigh freisin nach raibh aon leisce orthu cogadh a fhearadh san Eoraip féin, sna Balcáin mar shampla. (Cé go raibh Macron ag labhairt gan stad faoin Eoraip nuair is é an tAontas a bhí i gceist aige ó cheart.)

Iarracht atá ansin aige oidhreacht fhorásach na hEorpa fré chéile, chomh fada agus a bhaineann sí le cearta an duine, cúlú ón mbunchreidmheachas, agus fiú comhchearta na náisiún, a tharraingt isteach mar chuid den Fhiontar Eorpach, agus den ollstát feidearálach. É sin á dhéanamh ag Macron d’ainneoin gur fuath leis an náisiúnachas, is cuma an náisiúnachas sin a bheith frithAontais mar atá san Ungáir agus sa Pholainn; nó ar son an Aontais mar atá sa Chatalóin agus in Albain.

Agus nuair a thiontaíonn muid ón ardreitric, feiceann muid go bhfuil clár i bhfad níos gránna á mholadh aige. Is éard atá uaidh dáiríre ná daingniú ar pholasaithe slándála is míleata an Aontais agus tuilleadh cumhachtaí a thabhairt d’institiúidí an Aontais seachas d’institiúidí na mballstát féin.

Plean athchóirithe a thugann sé go lom air seo, rud arbh fhiú dóibh siúd a bhíonn ag glagaireacht faoin Aontas Eorpach a athchóiriú seachas é a fhágáil machnamh a dhéanamh air.

Ní chuireann Macron fiacail ann. Teastaíonn uaidh arm Eorpach a bhunú agus é a bheith de dhualgas ar gach ballstát tuilleadh caiteachais a dhéanamh ar bhuiséad ‘cosanta’. Teastaíonn uaidh go mbeadh ar chuile bhallstát géilleadh do na polasaithe leagtar síos sa lár i dtaobh cearta gluaiseachta. Sea, tá athchóiriú an Aontais ar na bacáin, ach ní hé seo an t-athchóiriú a mbíonn Sinn Féin ná Yanis Varoufakis ag caint faoi.

Déanann Macron ionsaí ar ndóigh orthu siúd nach dteastaíonn uathu páirt a ghlacadh sa bhfiontar seo. Agus fiafraíonn sé cén rogha atá le cur chun cinn acusan nach dtacaíonn le fiontar an fheidearálachais san Aontas.

Ag an am céanna admhaíonn Macron gur siombail atá sa mBreatimeacht de theip an Aontais, toisc nach raibh ar a chumas daoine a chosaint ón mbochtaineacht ná ón gcúlú eacnamaíochta. Ach cén freagra atá aigesean air seo seachas an chogaíocht is an caiteachas míleata?

Níl sé ionraic a dhóthain le milleán a chur ar an dearcadh nualiobrálach féin a shaorann infheisteoirí ó shrianta, a fhágann na mílte dearóil i gceantair bhochta ar fud na hEorpa, is a spreagann eisimirce ó thíortha neamhfhorbartha.

Sea, tá sé ceart go leor ceist a chur faoi cé a íocfas na pinsin sa nGearmáin nó sa bhFrainc sa todhchaí, ach cé a íocfas pinsin i Laitvia nó sa Liotuáin má bhíonn an ceathrú cuid d’aos óg na dtíortha sin imithe thar lear?

Ach níl aon áit i bhfís Macron don cheist sin.

Fág freagra ar 'Ní chóir dúinn tacú le clár gránna Macron'

  • Adam Lawson

    Agus muid ag plé faoin eisimirce ó na tíortha nós na Laitvia agus na Liotuáine, sílim gur gá a thabhairt fá deara go bhfuil siad ag déanamh borraithe móra eacnamaíochta; ní hé go bhfuil siad ‘crippled’ ag an eisimirce. San Eastóin, an ceann is saibhre de na stáit iar-Shóivéadach, tá glan-inimirce anois aici, glan-inimirce de shaoránaigh Eastóineacha ina háireamh sin, i ndiaidh go raibh eisimirce mhór sna chéad bhlianta a raibh sí san Aontas. Más sampla úsáideach é seo, is cosúil go dtarlóidh an rud céanna sna tíortha AE eile; nach mbeidh an eisimirce ach ‘fadhb’ shealadach – ‘fadhb’ a thug deiseanna agus sonas do na milliúin daoine, ar ndóigh – agus go dtosóidh na daoine ag filleadh nuair a bheidh na tíortha sin a lán níos saibhre. Cosúil go leor, i ndáiríre, le hÉirinn féin.