‘Táim ag foghlaim de shíor agus ag eirí níos muiníní’ – Henshaw

Níor imir siad ar chor ar bith i gcomórtas na Sé Náisiún anuraidh ach tá Henshaw agus Payne ullamh anois don chluiche mór i gcoinne na Breataine Bige.

Aon chineál amháin iad Henshaw agus Payne i bhfoireann na hÉireann. Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne
Aon chineál amháin iad Henshaw agus Payne i bhfoireann na hÉireann. Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne

Nach mór an difríocht a dhéanann bliain? An oíche sular bhuaigh Éire Craobhchomórtas na Sé Náisiún i bPáras anuraidh, d’imir Jared Payne do Chúige Uladh i gcoinne Dhún Éideann. An oíche ina dhiaidh sin, d’imir Robbie Henshaw do Chúige Chonnacht i Newport. Beidh Henshaw agus Payne sa lár i gcoinne na Breataine Bige Dé Sathairn don cheathrú cluiche as a chéile sa chomórtas. Is beag a cheap ceachtar acu gur mar seo a bheadh an scéal agus iad ag imirt sa Pro12 bliain ó shin.

Deir Henshaw, áfach, nach mbíonn deis aige an oiread sin machnaimh a dhéanamh ar an aimsir atá caite toisc na cúraimí a bhíonn air ó lá go lá. Sa chluiche in aghaidh Shasana, sheol Conor Murray an liathróid in airde sa spéir. Seo le Henshaw agus Andy Goode de léim ag iarraidh breith uirthi. Ba é Henshaw ar éirigh leis breith uirthi agus seo leis chun a chéad úd idirnaisiúnta a fháil. Tá an-mhuinín ag Henshaw as féin anois agus Payne taobh leis. Go deimhin, ar éigean gur féidir iad a scaradh óna chéile, bídís ar pháirc na himeartha nó áit ar bith eile.

“Tá na taispeántais go dtí seo tar éis cabhrú go mór liom,” a deir Henshaw. “Táim ag foghlaim de shíor agus ag eirí níos muiníní le gach cluiche, go háirithe le Jared agus Johnny (Sexton) in aice liom. Tá caidreamh maith á dhéanamh againn lena chéile agus teastaíonn uainn cur leis an méid atá bainte amach againn le déanaí.

“Nílim tar éis seomra a roinnt le Jared ach tá an-chuid ama á chaitheamh againn le chéile mar sin féin. Déanann muid gluaiseachtaí imeartha ar leith a phlé, ag breathnú ar fhíseáin den fhreasúra agus ar fhíseain dár dtraenáil féin. Caitheann muid roinnt mhaith ama le chéile, ag imirt cártaí agus ag caint is ag ól caife. Tá an bheirt againn ag foghlaim óna chéile agus faoi dhindiúirí imeartha a chéile de bharr na gcluichí agus na seisiún traenála.”

I ndiaidh an chluiche fhisiciúil i gcoinne Sasana, bhí seachtain sa bhreis ag Éirinn iad féin a ullmhú don chluiche in aghaidh fhoireann Warren Gatland. Tá leanúnachas ag baint le córas roghnaithe imreoirí Gatland ó ceapadh é ina bhainisteoir i Nollag 2007, agus bíodh is go bhfuil cuid mhaith blianta tugtha ag na himreoirí céanna sin anois, ní chreideann Henshaw go bhfuil na blianta is fearr taobh thiar díobh. Níl aon athrú i bhfoireann Gatland ón mbua ar an bhFrainc i bPáras agus dar le Henshaw go mb’fhéidir gur cluiche níos oscailte a bheas sa chluiche in aghaidh na Breataine Bige ná an ceann i gcoinne Shasana.

“Níl an chuid is fearr den imirt taobh thiar díobh. An rud faoi ná go bhfuil siad sa bhaile, áit a n-imríonn siad an rugbaí is fearr. Is bagairt mhór dúinn iad. Beidh orainn bheith fíorchruinn le smachtú na liathróide agus pé deiseanna a thiocfas an treo a thapú. D’fhéadfadh cluiche níos oscailte bheith ann, ach beimid ag cloí lenár bplean féin agus ag leanúint leis an méid a dúirt na cóitseálaithe linn. Cluiche corraitheach a bheas ann gan aon amhras.”

Is cinnte go mbeidh sé corraitheach, ach cluiche brúidiúil a bheas ann freisin le himreoirí ir na Breataine Bige. Bhí tús iontach acu i gcoinne Shasana tar éis do Rhys Webb úd a fháil laistigh de sheacht nóiméad, cé gur chailleadar an cluiche sa deireadh. Dála mar a rinne siad sa chluiche sin, tabharfaidh Jamie Roberts agus Jonathan Davies an dúshlán is mó d’Éirinn ar an Satharn.

“Tá an chomhpháirtíocht láir atá idir Roberts agus Davies incurtha leis na cinn is fearr ar domhan. Fathach fir é Roberts nach seasfaidh siar uainn. Is imreoir maith peile agus reathaí díreach é Jonathan Davies. Táthar chun dúshlán mór a thabhairt dúinn an tseachtain seo agus caithfear bheith iomlán ullamh.    

“Is foireann an-díreach iad an Bhreatain Bheag. Is féidir le Roberts cúpla imreoir dár gcuid a thabhairt leis agus é ag sciúrd tharainn le linn dá chomhimreoirí an chaid a sheoladh i dtreo na gcúlaithe. Dúshlán a bheas sa mhéid sin dúinn. Beidh orainn bheith ullamh, tuisceanach ar a chéile sa chosaint agus labhairt lena chéile ó thús deireadh an chluiche. Beidh sé seo ar cheann de na tástálacha is mó a cuireadh orainn.”