Údar iontais é ach níl anseo ach an dara huair le deich mbliana a mbeidh cluiche ceannais againn i gCraobh Shinsir Peile Chiarraí gan Crócaigh Chill Airne ná Ciarraí Thoir ag imirt. Cumann Aibhistín de Staic a bhuaigh Corn Moynihan an uair dheireanach nár imir ceachtar den dá chumann sin sa gcluiche ceannais, b’in thiar in 2021, ach is mór atá tarlaithe idir sin agus seo, mar a thuigeann fir Thrá Lí go maith.
Chaith na Stacaigh dhá bhliain ag imirt sa ngrád idirmheánach in 2023 agus 2024 ach bhaineadar an t-ardú céime amach anuraidh agus iad anois imithe díreach tríd go dtí cluiche ceannais contae don dara bliain as chéile.
Tá An Daingean ag fáil réidh don dara cluiche ceannais in imeacht bliana chomh maith ach murab ionann agus na Stacaigh, a bhí ag ceiliúradh a mbua sa gcluiche ceannais idirmheánach anuraidh, briseadh croí eile a bhí i ndán don Daingean.
Bhíodar trí phointe chun tosaigh ar na Crócaigh agus 20 nóiméad fágtha i gcluiche ceannais na bliana seo caite ach thiteadar as a chéile san am a bhí fágtha faid a bhí trí chúl aimsithe ag na Crócaigh chun an corn a sciobadh leo.
Bliain ar aghaidh, tá an Daingean le moladh as an teacht aniar atá léirithe acu chun an cluiche ceannais a bhaint amach arís. Bhíodar ciaptha ag gortuithe ó dheireadh an tsamhraidh ach d’fhill na himreoirí mór le rá de réir a chéile agus cuma na maitheasa orthu anois.
Bhí Paul Geaney, Dylan Geaney, Conor Geaney, Tom O’Sullivan agus Barry Dan O’Sullivan, imreoirí contae gach aon duine acu, ina measc siúd a chaill cuid den bhliain. Tháinig Conor Geaney ar ais chun taispeántas maith a thabhairt ina mbua ar Chiarraí Láir sa gcluiche leathcheannais agus gach duine eile acu ar fáil t seachas Barry Dan.
Cailliúint mhór é an Súilleabhánach mór, a ghortaigh a ghlúin i rith an tsamhraidh, go háirithe agus na Stacaigh an-láidir i lár na páirce. Bhí Joe O’Connor ar fheabhas ar fad d’fhoireann Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann i mbliana agus taobh leis tá imreoir óg cumasach, Ben Murphy, atá ag dul chun na hAstráile ag imirt san AFL i ndiaidh an chluiche seo.
Rachaidh sé san iomaíocht le réalta AFL i bPáirc Aibhistín de Staic tráthnóna. Tháinig Mark O’Connor isteach don chluiche leathcheannais agus d’fheabhsaigh an fear mór de réir mar a chuaigh an cluiche sin ar aghaidh. Agus seachtain eile traenála curtha de aige, d’fhéadfadh O’Connor an-tionchar a imirt ar an gceann seo, bíodh sé ag marcáil Joe O’Connor nó i ról éigin eile.
1-4 a d’aimsigh O’Connor mór na Stacach sa mbua ar an Ráth Mór sa mbabhtaí leathcheannais agus beidh ar an Daingean súil ghéar a choinneáil ar Paddy Lane freisin, a d’aimsigh sé phointe sa gcluiche céanna. Tá Lane ar dhuine den seachtar atá ag na Stacaigh a bhí ar fhoireann Faoi 20 Chiarraí i mbliana agus cé go bhfuil Dylan Casey imithe ag taisteal, bhí Armin Heinrich ar phainéal sinsir Chiarraí i mbliana chomh maith.
Níl foireann an Daingin chomh hóg agus a bhí agus is maith is eol dóibh go gcaithfear an deis ar chraobh an chontae a thapú go luath nó go bhféadfadh an gorta ó 1948 leanúint ar aghaidh roinnt mhaith blianta eile.
Spreagadh a bheidh i gcailliúint chluiche ceannais na bliana seo caite dóibh, agus chomh maith leis sin, an ceiliúradh a rinneadh níos faide siar sa leithinis le gairid. Beidh súil acu gurb í seo an bhliain.
Fág freagra ar 'Anois nó riamh ag an Daingean agus na Stacaigh idir iad agus bua stairiúil'