Anois ar theacht an tsamhraidh, bí cúramach le hothair Alzheimer…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: ní fheidhmíonn intinn an ghnáthdhuine i gceart sa teas, samhlaigh duine a mbeadh galar Alzheimer air nó uirthi

Anois ar theacht an tsamhraidh, bí cúramach le hothair Alzheimer…

Faoi dheireadh, tar éis cúpla iarracht gan rath, thosaigh an samhradh i gceart an tseachtain seo caite. Cheannaigh mé bríste gearr nua do mo mháthair agus buidéal den uachtar gréine agus thug aghaidh ar an ionad cúraim ina bhfuil sí ina cónaí.

Amach linn sa bhrothall. Bhí sé ag tarraingt ar am lóin agus 30 céim a bhí sa teas. Bhí gairdín an ionaid chúraim breac le seandaoine agus hataí tuí orthu, ach bhí an t-ádh linn agus d’aimsigh muid binse sa scáth. Ach tar éis tamaill ag breathnú ar na cáganna ag siúl siar is aniar go pioctha sprúisiúil mar a bheadh freastalaithe iontu i mbialann ardnósach amuigh faoin aer, d’éirigh mo mham corrthónach agus theastaigh uaithi dul ag siúl.

Togha, a shíl mé, tá dalladh den uachtar gréine ar d’aghaidh agus ar do lámha agus tá an siúladán linn. Amach as an ngairdín linn, mar sin, agus trasna an droichid thar an móta ina mbíonn lachain agus cearca ceannann ag spraoi, agus ar dheis linn faoi scáth na bpoibleog, i dtreo an timpealláin.

Ach gan choinne d’fhan mo mham ina seasamh, ag baint taca as an siúladán, agus thug mé faoi deara go raibh sí bán san aghaidh agus nárbh é an t-uachtar gréine ba chúis leis sin ach an tuirse agus an teas.

Céard sa diabhal? a shíl mé liom féin, níl ach 200 méadar curtha dínn againn, achar nach gcuireann mórán stró uirthi go hiondúil, ach anois bhí mé buartha. Bhí féachaint an-doiléir ina súile. Ní fhéadfadh sé go raibh sí ar tí titim i laige, an bhféadfadh?

Ní raibh ach 150 méadar le dul go dtí príomhdhoras an ionaid chúraim agus b’fhearr coinneáil orainn ná casadh timpeall, ach faoin am ar bhain muid an doras amach bhí saothar anála ar mo mham amhail is go raibh aistear dhá scór míle tríd an ngaineamhlach curtha di aici.

Suas san ardaitheoir linn go dtí an bhialann – am lóin a bhí ann – ach bhí trioblóid agam mo mham a chur ina suí i gcathaoir: níor thuig sí aon rud dá ndúirt mé léi agus níos measa fós, shílfeá nár thuig sí féin a thuilleadh céard a bhí i gcathaoir agus ba bheag nár shuigh sí in aice leis an diabhal rud.

Nuair a bhí sí curtha ina suí agam sa deireadh ní bán san aghaidh a bhí sí ach dearg, bhí sí ag bárcadh allais agus bhí a hanáil i mbarr a goib.

Mar bharr ar an donas tá ganntanas foirne san ionad cúraim faoi láthair toisc go bhfuil go leor de na hoibrithe ar saoire agus ní raibh aon chúnamh ar fáil. Ach ar ámharaí an tsaoil bhí gloiní uisce fágtha ar na boird ag duine éigin, thug mé súmóga beaga le n-ól do mo mham agus de réir a chéile fuair sí an anáil léi. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin bhí anraith asparagais á ithe aici amhail is nár tharla tada.

Ach bhí náire an domhain ormsa. Gan dabht bhí a fhios agam go gcuireann an teas as do sheandaoine ach níor thuig mé go mbeadh tionchar chomh millteanach sin ag siúlóidín 200 méadar. Níorbh é an tionchar fisiciúil a bhí ag an mbrothall ar mo mham áfach ba mhó a bhain siar asam ach an tionchar a bhí aige ar a cumas meabhrach. Níor chóir go mbeadh an oiread sin iontais orm, ar ndóigh. Ní bhíonn m’intinn féin ag feidhmiú mar an gcéanna nuair a bhíonn an teas os cionn 26 nó 27 gcéim Celsius, samhlaigh duine a bhfuil galar Alzheimer air nó uirthi.

Fág freagra ar 'Anois ar theacht an tsamhraidh, bí cúramach le hothair Alzheimer…'