ANAILÍS MHÍLEATA: D’fhoghlaim an dá thaobh ceachtanna roimh an dara céim den chogadh

Tá sé mar chuid de theagasc míleata Arm na Rúise ionsaithe fíochmhara airtléire agus ón aer a dhéanamh roimh ionsaithe ar an talamh, beag beann ar cad atá sa bhealach

ANAILÍS MHÍLEATA: D’fhoghlaim an dá thaobh ceachtanna roimh an dara céim den chogadh

An dara céim den chogadh

Tá an cogadh san Úcráin ar siúl le beagnach dhá mhí anois. Tá an chéad chéim den choimhlint thart agus toisc go bhfuil an cath in Mariupol thart, a bheag nó a mhór, tá an dara céim ar na bacáin, go príomha i Donbas. Tá ionsaithe airtléire agus taiscéalaíochta á ndéanamh ag na Rúisigh faoi láthair chun na suíomhanna cosanta is laige sa láthair chogaidh a aimsiú. 

De réir Ard-Rúnaí Chomhairle Slándála agus Cosanta na hÚcráine tá seo á dhéanamh mar ullmhúchán don dara céim den choimhlint agus do na hionsaithe ar an talamh a mbeidh sé mar sprioc acu gob Donbas a dhúnadh agus fórsaí na hÚcráine a thimpeallú. Bhí ceachtanna le foghlaim ag an dá thaobh sa chéad chéim den chogadh, agus sna seachtainí amach romhainn beidh muid in ann a mheas cé acu a d’fhoghlaim na ceachtanna is mó.

Ceachtanna foghlamtha ag na Rúisigh

Le 20 bliain anuas tá infheistíocht shuntasach déanta ag na Rúisigh i bhforbairt arm atá níos cumhachtaí ná tancanna agus gnáthairm eile. Chaith siad cuid mhaith den infheistíocht ar fhorbairt arm straitéiseach, amhail diúracáin a eitlíonn ar threoluas hipearsonach agus diúracáin threoraithe. Tá torthaí na hinfheistíochta seo le feiceáil sa chogadh. Is féidir leis na Rúisigh bonneagar agus geilleagar na hÚcráine a scriosadh agus iad i bhfad ó na targaidí. Meastar go ndearnadh luach $600 billiún de dhamáiste don gheilleagar go dtí seo.  Is é an ceacht is mó atá foghlamtha ag na Rúisigh ná gur féidir leo na diúracáin seo a úsáid gan mórán freagra ón Úcráin. Leanfaidh siad ar aghaidh leis na hionsaithe seo ar feadh an chogaidh.

Tá sé mar chuid de theagasc míleata Arm na Rúise ionsaithe fíochmhara airtléire agus ón aer a dhéanamh roimh ionsaithe ar an talamh, beag beann ar cad atá sa bhealach. Chuir siad an teagasc seo i bhfeidhm sna hionsaithe ar Chirnihiv agus go háirithe ar Mariupol ach níor chloígh siad leis seo san ionsaí chun seilbh a ghlacadh ar Kyiv. Tá gach cosúlacht ann go bhfuil siad ag cloí leis an teagasc sna hionsaithe airtléire agus taiscéalaíochta atá ar siúl faoi láthair i Donbas. Cuirfidh siad leis seo roimh na príomh-ionsaithe nuair a bhainfidh siad níos mó úsáide as na scairdtrodairí agus na hingearáin atá á gcomhchruinniú acu thar an teorainn sa Rúis.  

Mheas na Rúisigh go raibh fórsaí na hÚcráine thar a bheith lag  sa cheantar thar timpeall Kyiv agus nach mbeidís in ann an chathair a chosaint. Gearradh pionós ar na gníomhairí a rinne an measúnú seo agus tuairiscíodh gur briseadh níos mó na 100 gníomhaire de chuid na Seirbhíse Slándála Feidearálaí (FSB) as a bpost. Tá fianaise ann anois go bhfuil ceacht na teipe seo agus ceacht ón ionsaí ar Mariupol foghlamtha ag na Rúisigh agus iad ag ullmhú don dara céim den choimhlint. Meastar go bhfuil thart ar 80,000 trúpaí comhchruinnithe acu in aghaidh thart ar 40,000 trúpaí Úcránacha. Is léir go mbeidh meas acu ar chumas míleata na hÚcránach as seo amach.

D’fhan na Rúisigh ar na bóithre sa tuaisceart agus bhog siad chun tosaigh ar fhronta cúng. Chruthaigh sé seo a lán deacrachtaí dóibh. Rinne na hÚcránaigh ionsaithe aniar aduaidh orthu agus ní raibh na Rúisigh in ann bogadh chun tosaigh chomh tapa agus ba ghá. Uaireanta eile bhog siad chun tosaigh róthapa. Chuaigh na haonaid taiscéalaíochta chun tosaigh gan tacaíocht ó na haonaid armúrtha agus uaireanta eile chuaigh na tancanna chun tosaigh gan tacaíocht ó na haonaid choisithe.  Bhí drogall orthu bogadh ó na bóithre mar gheall ar na hionsaithe agus leagan amach tíreolaíoch an réigiúin. Ón méid atá le feiceáil go dtí seo i Donbas, go háirithe sa ghluaiseacht taiscéalaíochta ó dheas ó Izyum go Slovyansk agus Kramatorsk, tá na Rúisigh ag bogadh ar aghaidh ar fhronta níos leithne. Anuas air sin tá a gcuid gluaiseachtaí níos comhordaithe ná mar a bhí siad sa tuaisceart. 

Ceachtanna foghlamtha ag na hÚcránaigh

Tar éis d’fhórsaí na hÚcráine na Rúisigh a stopadh taobh amuigh de Kyiv, thosaigh siad ag déanamh frithionsaithe ar scála beag. Nuair a d’fhógair na Rúisigh go raibh siad chun tarraingt siar as an gceantar bhí deis ag na hÚcránaigh frithionsaithe ar scála níos mó a dhéanamh, ach ní raibh sé ar a gcumas é sin a dhéanamh toisc nach raibh a ndóthain airtléire, feithiclí armúrtha troda acu sa láthair chogaidh. Tá an tarraingt siar ar cheann de na hoibríochtaí míleata is deacra a bhaint amach ach ní raibh na hÚcránaigh in ann an deis seo a thapú chun na Rúisigh a chliseadh go hiomlán. Ar an gcaoi chéanna ní raibh sé ar a gcumas frithionsaí ar scála mór a dhéanamh sa deisceart nuair a stop siad na Rúisigh ag Mykolaiv. Tá an ceacht seo foghlamtha acu agus tá siad tar éis i bhfad níos mó feithiclí armúrtha troda agus airtléire a éileamh ó thíortha an Iarthair ionas go mbeidh sé ar a gcumas frithionsaithe ar scála mór a dhéanamh. Fiú amháin tá comharthaí ann go bhfuil frithionsaithe á ndéanamh acu timpeall Kharkiv. 

Léirigh na hÚcránaigh sa tuaisceart cé chomh tábhachtach agus a bhí ionsaithe ar línte soláthair. Bhog siad go tapa ó áit go háit, fiú i gcarranna salúin agus ar chuadrothair, chun diúracáin fritancanna a úsáid i gcoinne na línte soláthair. Tuairiscíodh go bhfuil siad ag déanamh a ndíchill na línte soláthair i Donbas a ionsaí. Fiú sa cheantar faoi sheilbh na Rúiseach sa deisceart tuairiscíodh go bhfuil treallchogaíocht ar bhun acu chun a chur isteach ar línte na Rúiseach sa cheantar sin. Níos mó ná coicís ó shin tuairiscíodh go ndearna siad ionsaí ingearáin ar iosta ola in Belgorod thar theorainn na Rúise, ach níor deimhníodh riamh an t-ionsaí seo. 

Léiríodh a thábhachtaí agus atá trealamh míleata áirithe, lena n-áirtear dróin agus airtléire, sa chogadh. Bhain na hÚcránaigh an-úsáid as dróin go dtí seo. Tá clú agus cáil ar an drón a cheannaigh siad ón Tuirc ach níl ach cúpla dosaen den chineál seo acu agus mar gheall air sin tá siad ag baint úsáid as dróin tráchtála chomh maith.  Beidh dróin de gach cineál á n-úsáid acu i gcath Donbas chun targaidí a aimsiú agus a scriosadh. Bhí tionchar nach beag ag airtléire chun bogadh na Rúiseach sa tuaisceart a stopadh. D’úsáid na hÚcránaigh dróin chun targaidí a aimsiú agus tar éis dóibh treoracha a sheoladh chuig foirne airtléire, bhí na foirne in ann scaoileadh leis na targaidí go tapa. Tá dróin bhreise agus i bhfad níos mó gunnaí airtléire troma á dtairiscint ag na Meiriceánaigh le haghaidh an chatha i Donbas.

Measúnú le déanamh

Cibé fórsa a fhoghlaimíonn na ceachtanna is mó agus a chuireann na ceachtanna sin i bhfeidhm, beidh tionchar nach beag aige ar an gcath. Má éiríonn leis na Rúisigh dul chun cinn go tapa sa chath, agus tá thart ar 70% de cheantar Donbas faoina seilbh cheana féin, beidh an buntáiste acu. Mura n-éiríonn leo beidh orthu athbhreithniú suntasach a dhéanamh ar chúrsaí. Tar éis teip in dhá chath an fiú leanúint ar aghaidh, go háirithe nuair atá stráice ollmhór talún 500 míle ar fad agus 100 míle ar leithead soir ó Mykolaiv go Kharkiv faoina seilbh cheana féin? Má éiríonn leis na hÚcránaigh na Rúisigh a stopadh, beidh orthu measúnú eile a dhéanamh – an leanfaidh siad leis an gcogadh chun iad a dhíbirt as an tír?

Fág freagra ar 'ANAILÍS MHÍLEATA: D’fhoghlaim an dá thaobh ceachtanna roimh an dara céim den chogadh'

  • Fearn

    Go raibh maith agat, a Mhairtín, as sinn a choinneáil ar an eolas i dtaobh straitéisí.

    Is dóigh gur tháinig tuar faoi do thairngaireacht go dtitfeadh an Rúiseach i gceann dianbhuamála le airtilire. Is maith liom mar a mheasann tú an dá thaobh ó thaobh an chiall chogaíochta a cheannófar. Bheadh tosach ag an Úcráineach, is dócha.

    Muna bhfuil an neart aige i dtaca leis an Rúiseach, tá solúbacht, ligtheacht agus riteacht aige thar an Rúiseach, maille le ceannfháth cumhachtach. Níl léamh ag an Rúiseach ar a thaictící go fóill m.sh an iostas ola sa Rúis agus an long Rúiseach a chuireadh go tóin poill. (Is dóigh go bhfuil siad ag ligint leid don Rúiseach go bhfuil fearas a diongbháileachta aige, agus fáisnéis Mheiriceánach ar a chúl chun teacht i dtír ar laigí Rúiseacha.)

    Cé go deir tú go bhfuil ” torthaí na hinfheistíochta (suntasach) seo (ag an Rúiseach) le feiceáil sa chogadh” is iomaí cor coise a bhaineadh as. Tá an córas solártharairtí úafásach dona aige m.sh. truailliú airgeadais san arm. Deirtear nach bhfuil na leoraithe airm acmhainneach ar a n-obair; béim sa Rúis ar iarnróid sa mar chóras solártharairtí seachas bóithre; agus tá an líonra iarnróid san Úcráin siar-soir, seachas o thuaidh- ó theas a chuidodh leo.

    Is dóigh nach bhfuil ón Úcráineach ach tacaíocht armlóin agus fearas cogaíochta thar tír isteach chuige agus beidh rith an achair aige, in ainneoin síorbhascadh na mbuamaí.

    Bua agus treise leat!