Anailís á déanamh ar thuairimí 800 oibrí sa Ghaeltacht faoi labhairt na Gaeilge

Deineadh an suirbhé mar chuid d’athbhreithniú atá ar siúl ag an Údarás ar an monatóireacht teanga a dhéanann siad ar na comhlachtaí lena mbíonn siad ag tacú

Anailís á déanamh ar thuairimí 800 oibrí sa Ghaeltacht faoi labhairt na Gaeilge

Tá Údarás na Gaeltachta i mbun anailíse ar 800 freagra ó oibrithe sa Ghaeltacht faoina ndearcadh i leith úsáid na Gaeilge.

Thug an tÚdarás faoin suirbhé ar dhaoine atá ag obair i gcomhlachtaí a dtugann siad tacaíocht dóibh féachaint cad iad na tuairimí atá acu faoi labhairt na Gaeilge san ionad oibre agus i measc an phobail.

Deineadh an suirbhé mar chuid d’athbhreithniú atá ar siúl ag an eagraíocht ar an gcur chuige atá acu maidir le monatóireacht teanga a dhéanamh ar na comhlachtaí lena mbíonn siad ag tacú.

Cuireadh tús leis an athbhreithniú in 2021 tráth ar tuairiscíodh nach raibh aon taifead ag an Údarás d’aon chás le deich mbliana anuas inar coinníodh deontas ó chomhlacht mar nár chloígh siad le coinníollacha teanga.

Sa chéad chéim deineadh athbhreithniú ar “riachtanais na heagraíochta” ó thaobh cur chun cinn na teanga ina cliantchomhlachtaí. Deineadh scagadh chomh maith ar na córais riaracháin a bhí ann chun pleananna teanga a aontú le comhlachtaí agus chun monatóireacht a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Maítear go bhfuil cuid de na moltaí a tháinig chun cinn sa chéad chéim den athbhreithniú á gcur i bhfeidhm cheana féin san eagraíocht.

Dúradh go bhfuil “córais inmheánacha lárnacha agus ar líne” á bhforbairt chun go mbeadh an obair mhonatóireachta teanga níos “éifeachtaí”.

Chomh maith leis sin tá sé i gceist tosú ar phleananna teanga a phlé le comhlachtaí a luaithe is a dhéanann siad fiosrúchán faoi ghnó a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht. Tá cinneadh déanta chomh maith go dteastaíonn tacaíocht bhreise agus cur chuige nua chun “cliantchomhlachtaí a spreagadh agus a mhealladh leis an nGaeilge a chur chun cinn sa ghnó go hinmheánach agus go seachtrach”.

Mar chuid den dara céim den athbhreithniú rinneadh taighde i measc na gcliantchomhlachtaí féin agus a gcuid fostaithe le heolas agus tuairimí a fháil a bheadh  “mar bhunús le clár tacaíochta nua a fhorbairt, [a bheadh] dírithe ar na cliaint a mhealladh agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn”.

Baineann an tríú céim den obair athbhreithnithe le cur i bhfeidhm na moltaí a thiocfaidh ón obair thaighde agus le forbairt an chláir tacaíochta.

Dúirt Aire Stáit nua na Gaeltachta, Patrick O’Donovan go bhfógródh Údarás na Gaeltachta scéim nua chun tacú lena chliantchomhlachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn ach an t-athbhreithniú seo a bheith curtha i gcrích acu.

Bhí ceist á freagairt ag an aire stáit a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly air.

Fág freagra ar 'Anailís á déanamh ar thuairimí 800 oibrí sa Ghaeltacht faoi labhairt na Gaeilge'