Cé a chreidfeadh go mbeadh an tÉireannach áirithe ar an neach is duairce meoin i mórphobal an domhain mhóir?
Agus nílimid inár n-aonar.
Táimid i measc deich dtír a thug le fios gur dearcadh dubhach dorcha a bhí acu ar an-chuid de ghnéithe an tsaoil agus iad ag féachaint i dtreo na bliana nua 2026.
I bpobalbhreith ‘deireadh bliana’, a dhein comhlacht idirnáisiúnta i gcomhpháirtíocht le Red C agus Gallup, ar sheasca tír sa domhan, bhí an tÉireannach ina measc siúd a bhfuil lagmhisneach orthu maidir le cúrsaí ‘dóchais’ go ginearálta chomh maith le ‘rath eacnamaíochta’ agus ‘síocháin dhomhanda’.
20% de phobal na hÉireann a cheap go mbeadh bliain mhaith rompu amach agus 38% a cheap gur measa a bheadh an saol.
Cuir é sin i gcomparáid le tuairimí an phobail san Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.
Mheas 40% acu gurb amhlaidh ab fhearr a bheadh 2026 ná an bhliain roimhe san.
Caithfidh mé anois fíricí a tharrac as suirbhé eile a deineadh ní fada ó shin ar an leibhéal oideachais atá ar dhaoine ar fuaid an domhain.
An OECD, Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, a dhein é.
Tagann Éire ar bharr an liosta de dhaoine a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu.
52.4% i gcomparáid le 43.6% sa Ríocht Aontaithe agus 40.3% sna Stáit Aontaithe.
Ab é go bhfuil éirim is eolas nios mó ag an Éireannach ná mar atá ár gcomharsain soir is siar uainn, agus gurb in an réasún go bhfuil siad lagbhríoch?
An sotal i leataoibh, d’fhéadfadh firinne a bheith ann.
Duine as gach ceathrar den suirbhé domhanda a dúirt go raibh súil acu le bheith níos fearr as, ach in Éirinn faoi bhun 10% a cheap gurb amhlaidh a bheadh acusan.
Sa bheart tíortha ‘éadóchasacha’ le hÉirinn, tá an Ghearmáin, an Fhrainc, an Bheilg, an Ísiltír, an Ostair, an Ghréig, an Pholainn, an Rómáin agus an Bhulgáir.
Dúirt 40% den gcuid eile den domhan go raibh dóchas acu go mbeadh cúrsaí síochána go maith ach arís níor aontaigh 54% d’Éireannaigh gurb amhlaidh a bheadh.
Tíortha amhail an Araib Shádach, an Chéinia, an Afraic Theas, an Cholóim, an Phacastáin agus an Mholdóiv is mó a raibh misneach maith acu a’ féachaint chun cinn, nuair a ceistíodh iad.
Deacair aon chiall a bhaint as san, tíortha ina bhfuil ansmacht agus tíorántacht i réim go minic lán de dhóchas i gcomparáid linne.
Easpa eolais? Easpa oideachais?
Ach pé scéal ag pobalbhreitheanna é, léiríonn ‘duairceas’ an Éireannaigh, is léir, go bhfuil ‘dóchas’ ag líon an-ard den bpobal anseo go bhfuil saol maith romhainn amach nuair a chaith an oiread san acu vóta ar son an Uachtaráin Connolly, 63.36 % vótaí céadrogha, ainneoin an fheachtais nimhnigh a bhí go minic ag freasúra na Dála agus na meáin chumarsáide.
Níor chaill bean an mhisnigh riamh é, bail uirthi.
Fág freagra ar 'An tÉireannach ina measc siúd a bhfuil lagmhisneach orthu maidir le cúrsaí ‘dóchais’'