An tAire Iompair chun ‘a dhícheall a dhéanamh’ maidir le Bóthar ‘contúirteach’ Chois Fharraige

Deir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go bhfuil cúram cúrsaí sábháilteachta á nglacadh chucu féin ag muintir Chonamara mar gheall ar easpa gnímh an Rialtais

An tAire Iompair chun ‘a dhícheall a dhéanamh’ maidir le Bóthar ‘contúirteach’ Chois Fharraige

Tá sé ráite ag an Aire Iompair Darragh O’Brien go “ndéanfaidh sé a dhícheall” cúnamh a thabhairt do na tuismitheoirí agus daltaí scoile i nGaeltacht na Gaillimhe atá buartha faoin gcontúirt a bhaineann le Bóthar Chois Fharraige.

“An tseachtain seo caite, bhuail mé le múinteoir as na Forbacha trí líonra rothaíochta na hÉireann. Bhíomar ag caint faoin stailc agus na fadhbanna sna Forbacha agus i mBearna freisin. Déanfaidh mé mo dhícheall cabhair a thabhairt do na daoine i mBearna agus sna Forbacha,” a dúirt an tAire O’Brien.

Bhí sé ag freagairt ceisteanna ón Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Catherine Connolly faoin taisteal glas i gcontae agus i gcathair na Gaillimhe.

“Tá an taisteal glas ag teastáil ón bpobal. Mar shampla, bhí an dara hagóid ann i mBearna. Bhí orthu dul amach agus agóid a dhéanamh dhá sheachtain i ndiaidh a chéile mar gheall ar theip a bhaineann le slí shábháilte ar scoil,” a dúirt Connolly.

Dúirt sí go raibh cúram cúrsaí sábháilteachta á nglacadh chucu féin ag muintir na háite mar gheall ar easpa gnímh an Rialtais.

“Tá na páistí seo in aois scoile. Ní ag déanamh áibhéil atá mé. Ní gan údar a théann daoine amach ag agóidíocht dhá sheachtain i ndiaidh a chéile ag a hocht a chlog ar maidin, agus iad ar a míle dícheall aird na comhairle contae a tharraingt ar an gcontúirt.

“Ar ndóigh, tá clár na slite sábháilte ar scoil a reáchtálann An Taisce ar fheabhas, ach níl a dóthain airgid ná acmhainní ag an gcomhairle contae leis na scéimeanna a chur i bhfeidhm,” a dúirt sí.

Bhí na céadta tuismitheoirí agus páistí ó Chois Fharraige i mbun agóidíochta le coicís anuas agus iad ag iarraidh aird a tharraingt ar a chontúirtí is atá an bóthar réigiúnach a shíneann ó chathair na Gaillimhe siar go dtí an Líonán. Tá ocht scoil Ghaeltachta ar an mbóthar i gceantar Chois Fharraige agus Bearna.

Bhailigh grúpaí lasmuigh de scoileanna i mBearna, sna Forbacha, sa Spidéal agus in Indreabhán agus iad ag iarraidh go gcuirfí béim ar shábháilteacht ar an mbóthar go práinneach.

Tá imní léirithe ag tuismitheoirí faoin luas a bhíonn faoi charranna agus feithiclí eile agus iad ag dul thar bráid na scoileanna agus deir siad go mbíonn sé an-chontúirteach ag páistí a bhíonn ag iarraidh an bóthar a thrasnú agus iad ag teacht agus ag imeacht ón scoil.

Fág freagra ar 'An tAire Iompair chun ‘a dhícheall a dhéanamh’ maidir le Bóthar ‘contúirteach’ Chois Fharraige'