An tábhachtaí Ryan a chéasadh ná seirbhís cheart phoiblí a chinntiú?

Beidh i bhfad níos mó airgid ag teastáil le haghaidh RTÉ Nua

An tábhachtaí Ryan a chéasadh ná seirbhís cheart phoiblí a chinntiú?

Ní bheathaíonn na briathra na bráithre, a deirtear, agus cé go bhfuil fáilte theoranta á cur roimh chaint ardstiúrthóir nua RTÉ, Kevin Bakhurst, táthar ag fanacht go hamhrasach le gníomh a chuirfidh RTÉ ar a chosa arís.

Agus mé ag scrúdú a raibh le rá ag Bakhurst, ní fhaca mé mórán ábhar dóchais ann.  Dhiúltaigh sé gealltanas a thabhairt go mbeadh teorainn le tuarastal láithreoirí áirithe (an ‘Tallann’), agus labhair sé i dtéarmaí an-ghinearálta faoin athchóiriú atá le déanamh ar an stáisiún.

Is trua mar sin go bhfuil aird na meán agus na bpolaiteoirí dírithe ar Ryan Tubridy is gur ar éigean go bhfuil aon chaint ann faoi céard is cóir a dhéanamh le seirbhís phoiblí craoltóireachta cheart a bhunú.

Ceapaim gur náireach an rud iad na tuarastail atá ag Tubridy, Joe Duffy, Clare Byrne is eile, ach is ar RTÉ féin atá an milleán le cur, mar sé RTÉ féin a chruthaigh cultas na gceiliúrán, agus sé RTÉ a chinn na bealaí íocaíochta atá tagtha chun solais.

Tugann an scannal reatha seans dúinn seirbhís cheart a chruthú, ach ní thiocfaidh a leithéid ó dhearcadh atá báite san oidhreacht lofa a chruthaigh an scannal ar an gcéad dul síos.

Ó thaobh na nuachta de bíonn RTÉ claonta i bhfabhar na Bunaíochta, maidir leis an gceist náisiúnta nó cúrsaí idirnáisiúnta, nó eile.  Cloiseann muid a lán faoi Prime Time Investigates, ach i bhfianaise an chaint atá ann faoi na cnuasbhuamaí atá le tabhairt ag Stáit Aontaithe Mheiriceá don Úcráin, an gcreideann éinne go ndéanfar iniúchadh ar úsáid aerfort na Sionainne don soláthar sin?  Ní chreideann, ná mise ach an oiread.

Is mar gheall ar an gclaontacht sin go gcailleann an pobal muinín in RTÉ, ní mar gheall ar scannal na n-ardtuarastal.

Ba chóir go gcuirfeadh RTÉ muintir na hÉireann ar an eolas i dtaobh a bhfuil ar siúl sa mbaile agus thar lear, agus ar an eolas freisin faoi na tuiscintí éagsúla atá ann faoi na hábhair sin.  Ach sin a bheith deanta, is féidir leis an bpobal a n-intinn féin a dhéanamh suas faoi gach scéal.

Ar ndóigh níl rialtas ar domhan ar mhaith leis go gcuirfeadh an craoltóir náisiúnta leagan den nuacht amach nach dtaitníonn leis an rialtas sin, bíodh sé ar an eite dheis nó ar an eite chlé.  Ach sa bhfadtéarma, mar a léiríodh nuair a chaill muintir an Aontais Shóivéadaigh muinín ina gcóras féin, ní oibríonn sé.

Sa bhfadtéarma tá muid go fírinneach níos fearr as leis an ionracas – ní caint faoi ionracas ach fíor-ionracas.

Maidir leis sin, cé mhéad iriseoirí atá fostaithe ag RTÉ a thagann ón aicme oibre?  An mó seans go dtiocfadh iriseoir as Carraig an tSionnaigh ná as Sráid an tSirriam?

Agus cén fáth nach ábhar buartha dóibh siúd is mó a labhraíonn faoin scéal go ndéantar éagóir ar iriseoirí Gaeilge RnaG i gcomparáid lena gcomhghleacaithe i réimse an Bhéarla ar Radio One?

Ní ceist nuachta amháin é ar ndóigh, ach seirbhís as an nua a chruthú a fhreastalóidh ar mhianta mhuintir na hÉireann maidir le cultúr, ceol, ealaín, stair, is a phléifidh na ceisteanna móra, faoin timpeallacht mar shampla, atá ina n-ábhar buartha don domhan.

Cláracha fiúntacha a dhéanamh a chuirfeadh le tuiscint na tíre orainn féin is ar an domhan atá de dhíth, gan a bheith buartha faoi rátaí lucht féachana is éisteachta ná faoina mealltacht do lucht margaíochta.

Agus sin é an pointe, pointe nach luann Kevin Bakhurst ar chor ar bith. Ag deireadh thiar ní féidir riachtanais seirbhíse poiblí a réiteach le riachtanais an chórais tráchtála.

Agus má táimid le fáil réidh leis na gcoimhlint sin, beidh i bhfad níos mó airgid ag teastáil le haghaidh RTÉ Nua – airgead ón sparán poiblí, ó ardú ar an gceadúnas nó íocaíocht láidir go díreach ón stát.

Cinnte, ní bheidh sé éasca an pobal a mhealladh chun glacadh leis sin, agus ní bheidh sé indéanta ar chor ar bith mura bhfuil i gceist ach focail dheasa gan fíor-athrú ar bith.

Ach sé an rogha eile atá ann ina ionad sin ná filleadh ar an sean-nós, roinnt daoine mór le rá a chaitheamh faoin mbus ach cúrsaí a fhágáil gan athrú; é sin, nó géilleadh ar fad don rannóg tráchtála agus airgead poiblí a thabhairt do chomhlachtaí príobháideacha; é sin, nó athchóiriú bunúsach a dhéanamh, agus RTÉ Nua ar fad a chruthú.

Ní raibh rian ar bith den smaoineamh nua seo i gcaint Kevin Bakhurst, agus níl aon phlé faoi ach an oiread sna meáin nó fiú ag na coistí Dála.

B’fhéidir gur chóir do pholaiteoirí ar an eite chlé cuimhneamh nach bhfuil siad ann le Ryan Tubridy a chéasadh ach le seirbhís cheart phoiblí a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'An tábhachtaí Ryan a chéasadh ná seirbhís cheart phoiblí a chinntiú?'