An Spidéal i gcluiche ceannais an chúige den chéad uair agus seaimpíní Ros Comáin rompu

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra a d’imir na foirne Gaeltachta ag an deireadh seachtaine

An Spidéal i gcluiche ceannais an chúige den chéad uair agus seaimpíní Ros Comáin rompu

Gaillimh

Tá áit bainte amach ag peileadóirí an Spidéil i gcluiche ceannais Chonnacht den chéad uair riamh tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhéal an Mhuirthead i gcath Gaeltachta i gcluiche ceannais chraobh idirmheánach an chúige Dé Sathairn. Bhí am breise ag teastáil arís ó fhir Chois Fharraige ach ba iad ab fhearr an chuid is mó den chluiche agus farasbarr ceithre phointe acu ar deireadh, 0-13 in aghaidh 0-9.

Bhí an chuma ar an Spidéal go raibh siad i dtrioblóid ag leath ama, agus iad chun deiridh, 0-5 in aghaidh 0-2. Chruthaigh curaidh na Gaillimhe neart deiseanna ach amú a chuir siad a lán dá n-iarrachtaí, naoi gcinn sa gcéad 30 nóiméad.

Bhí Béal an Mhuirthead i bhfad níos cruinne go dtí an tráth sin agus nuair a d’aimsigh James Kelly, Cathal Barrett agus Eamon McAndrew cúilíní a d’fhág fir Mhaigh Eo ceithre phointe chun cinn agus gan ach 15 nóiméad fágtha, bhí neart le déanamh ag an Spidéal.

Ach mar a léirigh siad cheana sna cluichí a d’imir siad i gcoinne Mhicheál Breathnach i gcluichí ceannais an chontae, tá teacht aniar iontach i bhfoireann óg seo an Spidéil. D’aimsigh Finnian Ó Laoi cúpla scór chun an bhearna a laghdú, ach ba é a dheartháir Antaine an laoch. Fuair seisean dhá chúilín eile agus ba é an dara ceann acu sin agus an t-am caite a chinntigh go mbeadh am breise ann.

Bhí fir na Gaillimhe i bhfad níos fearr ná a gcéilithe comhraic sa 20 nóiméad breise sin. D’aimsigh na deartháireacha Uí Laoi trí phointe eile, rud a chuir an Spidéal chun cinn ag leath ama san am breise agus fuair Maghnus Breathnach agus Aodán Ó Curraoin cúilín an duine roimh dheireadh na himeartha agus ag fir Chonamara a bhí an bua.

Imreoidh an Spidéal i gcoinne sheaimpíní Ros Comáin, Fíorta, i gcluiche ceannais Chonnacht an deireadh seachtaine seo chugainn.

Beidh foireann Ghaeltachta eile i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir Peile Chonnacht mar bhuaigh Naomh Pádraig na Fairche a gcluiche leathcheannais inné. Cúl glan a bhí eatarthu féin agus seaimpíní Ros Comáin, Cill Ghlais, sa chluiche a chríochnaigh 1-12 in aghaidh 0-12.

Chuir fir Ros Comáin tús maith leis an gcluiche agus bhí siad chun cinn, 0-6 in aghaidh 0-1, tar éis deich nóiméad. Bhí ceithre phointe idir na foirne ag leath ama, 0-9 in aghaidh 0-5, ach b’iontach an spreagadh don Fhairche an cic éirice a scóráil Walter O’Halloran dóibh ag tús an dara leath.

D’fhág sé sin go raibh foireann na Gaillimhe pointe chun deiridh. Ag babhtáil scóranna a bhí na foirne ar feadh tamaillín ina dhiaidh sin, ach d’aimsigh an fear láir páirce Cathal Burke, dhá phointe as a chéile chun an Fhairche a chur chun tosaigh i dtreo dheireadh na himeartha agus is ann a d’fhan siad as sin gur séideadh an fheadóg.

I gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe, chinntigh Bearna go mbeidh sé fhoireann as Conamara ag glacadh páirt sa phríomhghrád an bhliain seo chugainn. Fuair siadsan an ceann is fearr ar Sheamróga Chortúin in athimirt cluiche dícháilithe.

Bua cuimsitheach go maith a bhí ag Bearna, 1-11 in aghaidh 0-6. Bhí siad cúig phointe chun tosaigh ag leath ama agus nuair a d’aimsigh Jason Lyons cúl dóibh agus gan ach deich nóiméad fágtha, ba léir go mbeadh an lá leo gan mórán stró. Fágann an bua go mbeidh Bearna, An Spidéal, Maigh Cuilinn, An Cheathrú Rua agus Naomh Anna Leitir Móir ag dul chun páirce sa chraobh shinsir an bhliain seo chugainn.

Ciarraí

Is ag peileadóirí an Daingin atá na cearta gaisce i gCorca Dhuibhne i mbliana ó d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar an nGaeltacht i gcluiche leathcheannais Chraobh Shinsir Chiarraí Thiar inné. Seacht bpointe a bhí idir na foirne ag deireadh na himeartha,1-15 in aghaidh 0-11.

Ag fir an Daingin a bhí an chóir láidir gaoithe sa chéad leath agus bhí siad seacht bpointe chun tosaigh ag an mbriseadh, 0-9 in aghaidh 0-2, a bhuíochas cuid mhaith de scata pointí ó Thomás Sheehy. Tháinig an Ghaeltacht ar ais go láidir ag tús an dara leath agus fuair siad sé phointe as a chéile, biaiste scórála a d’fhág nach raibh ach aon phointe amháin a idir na foirne.

Leath bealaigh tríd an dara leath a tháinig an scór cinniúnach nuair a shlánaigh Paul Geaney cic éirice chun an Daingean a chur cúig phointe chun cinn. Chuir siad leis an bhfarasbarr sin san am a bhí fágtha chun seaimpíní 2017 a dhíbirt as an gcomórtas.

Ar Abhainn an Scáil a thabharfaidh foireann an Daingin a n-aghaidh sa chluiche ceannais ar Pháirc an Ághasaigh Dé Domhnaigh seo chugainn.

Fág freagra ar 'An Spidéal i gcluiche ceannais an chúige den chéad uair agus seaimpíní Ros Comáin rompu'