An scrúdú cainte a bhí like totally amazing, dude

‘Béiríní an Bhéarlagair’ a bhí ag teacht idir ár gcolúnaí agus codladh na hoíche

An scrúdú cainte a bhí like totally amazing, dude

Bhí mé i mo shámhchodladh nuair a dúisíodh as mo thromshuan mé ag sceilimis shaolta amuigh ar chúl an tí. Mé faoi shó i mo leaba the theolaí.

Céard sa diabhal?

Na cait ag troid arís an chéad rud a rith liom. Darth Vader agus Adonis agus an bhitseach sin Bella in adharca a chéile arís, níorbh fholáir. An bheirt fhearchat á marú féin mar gheall uirthi agus gan suim dá laghad aici i gceachtar acu. Í i ngrá le seana-Felix a bhí cúig chatbhliain is fiche d’aois más fíor.

Ach bhí dul amú orm. Níorbh iad na cait a bhí ann in aon chor ach scata de nathanna cainte Meiriceánacha. ‘Béiríní an Bhéarlagair’ a ghlaoimse orthu.

Bhíodar cloiste agam go minic cheana ach ní rabhadar riamh chomh gleoch agus a bhíodar aréir. A leithéid de ghleo agus de ghlisiam.

Ós rud é go rabhas im’ dhúiseacht ní raibh an tarna rogha agam ach éisteacht lena ngach re sea.

“Táim bréan bailithe de!” d’aithníos gurbh é babe a bhí ag labhairt. “Céard atá le rá agatsa ina thaobh, a OMG?”

“Céard a cheapann tusa? Táim i ndeireadh na feide mar is eol duit, babe. Fiú tá like ar buile ar fad faoi agus ní thógfainn air é.”

Ligeadh liú géar cráite a chloisfeá sa Domhan Thoir.

“An slibirín caol tanaí sin! Ná labhair liom faoi. M’áit tógtha ag tús na habairte aige, an diabhlán gan náire,” arsa like agus é ar tí gol shamhlófá.

“Caithfimid go léir breith air agus é a thachtadh chun bháis,” bhéic awesome agus an chuma uirthi go raibh sí ar an dé deiridh. “Dá raghainn féin, amazing, totally agus dude sa tóir air d’fhéadfaimis go léir é a thabhairt os comhair cúirte bradaí agus é a dhaoradh chun bháis go dleathach. Céard a cheapann sibh?”

“Níos fusa a rá ná a dhéanamh, awesome,” arsa like. “Bheadh sé níos éasca breith ar nathair ná breith air siúd. Tá sé chomh sleamhain agus chomh slíocánta sin go bhfuil sé geall le dodhéanta breith ar an mbromaire gan mhaith.”

“Caithfear rud éigin a dhéanamh agus a dhéanamh gan mhoill,” scread OMG agus cuma an-chrosta go deo uirthi.

“An ceart ar fad agat, a chailín!” arsa dude, totally, amazing agus awesome d’aon ghuth.

“Buailfimid le chéile arís san áit seo istoíche amárach ag an am céanna agus déanfaimid beart de réir ár mbéarlagair,” arsa like.

“Beidh sé deacair breith ar an ruidín beag bídeach sin,” bhagair dude.

“Ní bí chomh diúltach sin, dude!” arsa like.

“Bulaí intriachta!” d’fhreagair OMG, totally, amazing, awesome agus babe d’aon ghuth.

Ligeadh rosc catha agus bhí scaipeadh na mion-nathanna ann ansin.

Ag an bpointe sin caithfidh gur thit mo chodladh arís orm ach caithfidh nár shocraigh mé an clog aláraim mar bhí sé a naoi a chlog nuair a dhúisigh mé.

Léimeas as an leaba, anuas an staighre liom agus amach an doras de sciuird reatha.

Daltaí Ardteiste ag feitheamh go foighneach liom le haghaidh bréagscrúduithe cainte i bpobalscoil sa chathair.

Ar an mbus isteach bhíos ag iarraidh a dhéanamh amach cérbh é an nath sin a ghoill chomh mór sin orthu agus a chuir dá dtreoir iad. B’fhéidir gurbh é doh cool a bhí ag dó na geirbe acu? Bheadh orm éisteacht leo arís an oíche sin le teann fiosrachta.

Bhí an chéad bhuachaill istigh sa leabharlann bheag cheana féin nuair a bhrostaíos isteach.

Shuíos síos agus thógas amach mo chuid giuirléidí.

“Cad is ainm duit?” d’fhiafraigh mé de.

“Decó Ó Brógáin is ainm dom.”

“Inis dom fút féin, a Dhecó,” arsa mise leis.

So,” ar seisean, “so táim ocht mbliana déag d’aois agus tá cónaí orm . . . .”

Fág freagra ar 'An scrúdú cainte a bhí like totally amazing, dude'

  • Anna Ni Fhiannusa

    Ba cheart OMD (Ó mo Dhia) agus ní OMG a chur isteach anseo!!! Cloí leis an nGaeilge – A Dhúde !

  • Heather

    Aontaím go hiomlán leis an ráiteas seo a luaigh tú thuas a chailín mo chara dílis. mise le meas- Fraoch Ní Mhuireasáin (múinteoir Gaeilge cáilithe ó UCC). @tuairisc níl sé seo sásúil in aonchor. Réitigh an bhotúin nó déanfaidh mé teagmháil láithreach leis an Roinn Oideachas na hÉirinn. Níl mé ag magadh “hashtag” Gaeilgeoir4saol…

  • Niall Horan

    Dia duit a deartháir, tá tú pretty lit a chara. Bíodh lá ínteach agat mo chara.