An scéal a chuaigh tharam sa reilig in Acaill

An cheannlíne nuachtáin ‘Shanghai silver stored on Achill Island for sale in London’ a chuir ár gcolúnaí ag machnamh ar scéal a chuaigh thairsti

An scéal a chuaigh tharam sa reilig in Acaill

Bhí mé ar an láthair níos túisce i mbliana ach ní fhaca mé an scéal.

Agus mé ar saoire in Acaill, thug mé cuairt in athuair ar an reilig ag Séipéal Naomh Tomás. Seo an séipéal a bhí bainteach le ‘Misean’ an Urramaigh Nangle sa naoú céad déag.

Bhain mé sásamh as mar ba ghnách liom – ag siúl thart ag caitheamh súil ar na leachtaí stairiúla agus ag cuimhneamh freisin ar an bpobal beag de chuid Eaglais na hÉireann a bhí ag creimeadh de réir a chéile.

Ach bhí uaigh ann nach bhfaca mé agus bhí an té a bhí curtha ann luaite sa nuachtán an tseachtain seo caite.

Ní scéal nuachta a bhí ann ach mír faoi ábhar luachmhar a bhí le cur ar ceant i Londain.

An ceannteideal ar an alt san Irish Times a tharraing mo shúil: ‘Shanghai silver stored on Achill Island for sale in London’.

Nach ndéanfadh sé sin teideal maith do dhráma nó d’fhadscannán – ‘Shanghai Silver’?

Agus cé gur cheap mé ar dtús go raibh mistéir nó dráma mór teaghlaigh taobh thiar den scéal, ní raibh an chosúlacht sin air ar deireadh – ach bhí scéal an teaghlaigh suimiúil ar aon nós.

Ba as Acaill ó thús do mhuintir Sheridan agus ba é John James Sheridan a chuir an taisce d’earraí airgid le chéile fhad is a bhí sé in Shanghai. Rugadh eisean in Acaill in 1881 agus chuaigh sé go Shanghai i dtús an fichiú haois.

Mar thrádálaí fíona a rinne sé a shaibhreas thall cé go bhfuil sé scríofa ar ceann de na leathanaigh ghinealaigh ar líne, gur thug Harold McDowell (as Acaill) fir anonn go Shanghai le bheith ina bpóilíní tráchta. Bhí seisean i gceannas ar na póilíní thall.

(Tá an t-ainm McDowell cáiliúil in Acaill – mhair Violet McDowell go raibh sí beagnach céad bliain d’aois, agus ba í a bhí i mbun an óstáin a luaigh mé ar an suíomh seo cheana (Gray’s Guest House) agus atá fós le feiceáil ar phríomhshráid an bhaile i nDumha Goirt.

Ar chuma ar bith ní san obair phóilíneachta a rinne John James a shaibhreas ach i gcúrsaí fíona. Cathair ar leith a bhí in Shanghai uair amháin – í lán le hinimircigh agus iarchoilínigh agus an t-uafás airgid le déanamh ansin.

D’éirigh an scéal ní ba shuimiúla fós. Phós John James bean as an Rúis (‘Rúiseach Bhán’ a tugadh uirthi i ndiaidh an dream a sheas in aghaidh na Réabhlóide). Anna Dobershansky an t-ainm a bhí uirthi agus bhain sí le huasaicme na Rúise.

Bhí ceathrar clainne acu – buachaillí ar fad. Ach ar an drochuair fuair John James bás in Shanghai sa mbliain 1936, díreach sular thosaigh an Dara Cogadh Domhanda.

Buaileadh buille eile ar an mbaintreach óg nuair a cuireadh Anna sa bpríosún agus forlámhas glactha ag na Seapánaigh ar an tSín. Coinníodh í sa ‘Civilian Assembly Centre’ in Shanghai, áit a raibh campa géibhinn tógtha go speisialta ag na Seapánaigh i gcomhair saoránaigh Bhriotanacha agus Mheiriceánacha.

Bhain an campa cáil mhór amach toisc gur ann a coinníodh an t-úrscéalaí JG Ballard agus ba ar an gcampa sin a bhunaigh sé an leabhar agus an scannán mór le rá Empire of the Sun.

Tháinig Anna agus an chlann slán as an ngéibheann, d’fhágadar an tSín i ndiaidh an chogaidh agus thug siad leo na trí thrunc mhóra, déanta as adhmad snoite, ina raibh a gcuid maoine uilig agus na hearraí airgid istigh iontu, agus d’fhill siad ar Acaill. Mhaireadar ansin sa teach a bhí tógtha ag John James don uair a bhfillfeadh an chlann ar an oileán.

Coinníodh na hearraí airgid le chéile sna truncaí go dtí an tseachtain seo caite.

Pictiúr: Goldenlangan.com

‘Typical Export Ware’ a thug an ceantálaí Sworders i Londain ar na hearraí éagsúla airgid. Bhí an ceant ar siúl Dé hAoine seo caite agus chuaigh chuile shórt go maith. Ar na hearraí a díoladh as na truncaí adhmaid, bhí croiteoirí manglaim a raibh dragain agus siombailí eile ón tSín orthu. Díoladh citeal airgid ar sheastán a raibh an chuma air gurb as slaitíní bambú a bhí sé déanta ach airgead a bhí ansin freisin.

Bhí dealbh den Bhúda sa trunc freisin – go traidisiúnta breathnaíodh ar na dealbha seo mar chomharthaí áidh nó ‘sonóga’.

Rinne earraí Acla maith go leor ag an gceant agus frítheadh mórán mór na praghsanna a raibh súil acu leo. Idir £600 agus £800 a bhí luaite leis an gciteal agus íocadh £850 air.

Measadh go ndéanfadh an Búda thart ar £1,000 punt agus díoladh ar £2,000 é. Rinneadh £900 ar na croiteoirí manglaim cé gur thart ar £400- 600 a bhí curtha orthu. Ar ndóigh ní raibh iontu sin ar fad ach cuid den taisce.

Mhair Anna Dobershansky Sheridan ar Oileán Acla go dtí 1971 agus nuair a fuair sí bás cuireadh san reilig ansin í le taobh Shéipéal Naomh Tomás.

Duine dá clann mhac ab ea Brian Sheridan agus mhair seisean ar an Tulach Mhór, áit a raibh sé ina ardmháistir scoile. Níor phós sé agus chaith sé go leor ama ag déanamh taighde ar a chlann. Is beag den eolas atá breactha síos faoi ar an idirlíon, áfach, agus bhásaigh seisean sa mbliain 2013 in aois a 87 bliain.

Choinnigh duine de na deartháireacha a chuid sonraí go príobháideach agus ainmníodh deartháir amháin i ndiaidh a athar – John James, ach níl mórán eolais faoi ach oiread.

Agus an ceathrú mac – Erin Sarsfield Sheridan, bhásaigh sé go tragóideach i 1940 agus gan é ach 16 bliain d’aois nuair a bádh é agus é ag snámh ag Cladach an Daichead Troigh nó an ‘Forty Foot’ i gCuas an Ghainimh i mBaile Átha Cliath.

Tá Anna curtha i reilig Dhumha Goirt in Acaill, taobh le Séipéal Naomh Tomás. Caithfidh mé cuairt a thabhairt uirthi an chéad uair eile a bheas mé in Acaill.

Fág freagra ar 'An scéal a chuaigh tharam sa reilig in Acaill'