An scannán Gaeilge ‘Arracht’ ar an léiriú is mó ainmniúcháin IFTA i mbliana

Tá 11 ainmniúchán do na Gradaim IFTA faighte ag an bhfadscannán Gaeilge ‘Arracht’ agus tá beirt aisteoirí Gaeltachta i measc na n-iomaitheoirí

An scannán Gaeilge ‘Arracht’ ar an léiriú is mó ainmniúcháin IFTA i mbliana

Na haisteoirí Gaeltachta Dara Devaney, 'Arracht' agus 'Finky', Dónall Ó Héalaí, 'Arracht' agus Tom Sullivan, stiúrthóir agus scríbhneoir 'Arracht'

Tá níos mó ainmniúchán IFTA faighte ag an fhadscannán Gaeilge Arracht ná mar atá faighte ag léiriú ar bith eile i mbliana.

Tá an scéinséir Arracht, a léiríodh faoin scéim Cine4, ainmnithe do 11 gradam ar ghearrliostaí IFTA a fógraíodh inniu.

14 ainmniúcháin ar fad a fuair saothair Ghaeilge do ghradaim na bliana seo.

Dráma faoin ghéarchéim tithíochta de chuid RTÉ Rosie, atá sna sála ar scannán TG4 le naoi n-ainmniúchán. Beidh Arracht san iomaíocht don ghradam ‘An Scannán is Fearr 2020’, ceann de mhórdhuaiseannna IFTA, in éineacht le A Bump Along the Way, Calm with Horses, Extra Ordinary agus Ordinary Love.

Tá stiúrthóir agus scríbhneoir Arracht Tom Sullivan ainmnithe do dhá ghradam IFTA, ‘An Stiúrthóir is Fearr’ agus ‘An Script Scannáin is Fearr’.

Dónall Ó Héalaí, Arracht

Beidh Dónall Ó Héalaí, a raibh páirt Cólman Sharkey aige in Arracht, san iomaíocht do ghradam an phríomhaisteora is fearr i scannán.

Beidh Ó Héalaí á fhéachaint sa rannóg sin le Dara Devaney, atá ainmnithe do ghradam an phríomhaisteora is fearr dá pháirt sa scannán Gaeilge Finky agus do ghradam an aisteora is fearr i ról tánaisteach in Arracht. 

Beidh siad san iomaíocht le Liam Neeson, Moe Dunford, Tom Vaughan Lawlor agus Barry Ward do dhuais an phríomhaisteora scannán. An banna ceoil aitheanta Kila a rinne an fuaimrian do Arracht agus tá siad ainmnithe sa rannóg don cheol nuachumtha.

Tá ainmniúcháin faighte ag Arracht chomh maith i gcúig rannóg eile – cineamatagrafaíocht (Kate McCullough), dearadh léiriúcháin (Padraig O’Neil), dearadh feistis (Clodagh Deegan), fuaim (Brendan Rehill agus Alan Scully) agus smideadh agus gruagadóireacht (Niamh O’Loan).

Dara Devaney, ‘Finky’

Údar mór uchtaigh a bheidh sna hainmniúcháin atá faighte ag Arracht agus Finky, do lucht na scéime Cine4, atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann.

Is iad Arracht agus Finky, an chéad dá scannán a léiríodh faoin scéim sin agus iad le feiceáil sna pictiúrlanna i mbliana.

Is é Ciúnas, a scríobh agus a stiúir Tristan Heanue, an saothar Gaeilge atá san iomaíocht agus é ainmnithe sa rannóg don ghearrscannán is fearr.

Tá ceithre ainmniúchán eile faighte ag lucht na Gaeilge ar ghearrliostaí IFTA, ina measc, an t-aisteoir as Luimneach, Cillian Ó Gairbhí, a bheidh le feiceáil go luath i Foscadh agus Mo Ghrá Buan, dhá scannán eile de chuid Cine4. Tá fear Luimnigh ainmnithe do ghradam an aisteora is fearr i ról tánaisteach dá pháirt sa tsraithteilifíse Blood.

Tá stiúrthóir Blood Hannah Quinn, a tógadh ar an Cheathrú Rua i nGaeltacht Chonamara, ainmnithe do ghradam an stiúrthóra is fearr don chlár céanna agus tá Gaeilge chomh maith ag Úna Ní Dhonghaíle, atá ainmnithe do ghradam an eagarthóra is fearr don dráma Rosie.

Rinne Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, comhghairdeas leis na léiriúcháin de chuid TG4 a bhain áit amach ar ghearrliosta IFTA na bliana.

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí bainteach leis na fadscannáin Cine4, Arracht agus Finky.  Mar cheann de chraoltóirí seirbhíse poiblí na hÉireann, tá ról lárnach ag TG4 maidir le geilleagar cruthaitheach na hÉireann a spreagadh.

“Chreid muid i gcónaí go mbeadh éileamh láidir ar scannáin Cine4 agus creideann muid freisin go n-osclóidh Cine4 doirse go hidirnáisiúnta do léiritheoirí scannáin na hÉireann.”

Fág freagra ar 'An scannán Gaeilge ‘Arracht’ ar an léiriú is mó ainmniúcháin IFTA i mbliana'