SCANNÁN: Blaiseadh de ‘Arracht’ le feiceáil den chéad uair

Ag mórfhéile scannánaíochta san Eastóin a thaispeánfar ‘Arracht’ an mhí seo

SCANNÁN: Blaiseadh de ‘Arracht’ le feiceáil den chéad uair

Beidh an fadscannán Gaeilge nua Arracht á thaispeáint den chéad uair ag Féile Scannánaíochta Tallinn Black Nights san Eastóin ag deireadh na míosa.

Taispeánfar ‘Arracht’, an chéad fhadscannán faoi stiúir Tom Sullivan as Baile Átha Cliath, mar chuid de phríomhchomórtas na mórfhéile scannánaíochta ‘The Grand Prix’ ar an 29 Samhain.

Macalla Teo a léirigh Arracht faoin chéad bhabhta de scéim Cine4, a bhfuil mar aidhm aici dhá fhadscannán Gaeilge a sholáthar in aghaidh na bliana.

Is é Dónall Ó Héalaí, aisteoir aitheanta as Cois Fharraige i gConamara atá sa phríomhpháirt sa scannán seo atá suite sa bhliain 1845, roimh an nGorta Mór. I measc an chliar, tá na haisteoirí Gaeltachta Dara Devaney, Siobhán O’Kelly agus Eoin Ó Dubhghaill chomh maith le Michael McElhatton as Game Of Thrones.

Scéal iascaire, a thugann dídean do strainséir ar iarratas an tsagairt áitiúil, is ábhar don scannán.

Beidh Arracht agus Finky, an chéad dá scannán a rinneadh faoin scéim Cine4 de chuid TG4, Bord Scannán na hÉireann agus an BAI á chraoladh ar TG4 ar an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'SCANNÁN: Blaiseadh de ‘Arracht’ le feiceáil den chéad uair'