An Rúis céim chun tosaigh, an Úcráin imithe céim ar gcúl

I ndiaidh ghabháil Avdiivka, tá an Rúis ag súil go mbeidh siad in ann a mhaíomh go luath go bhfuil an Donbas go hiomlán faoina seilbh

An Rúis céim chun tosaigh, an Úcráin imithe céim ar gcúl

Avdiivka

Seachtain roimh thús an tríú bliain d’ionradh na Rúise ar an Úcráin, bhí ar fhórsaí na hÚcráine tarraingt amach ó Avdiivka, cathair in oirthear na tíre a ceapadh a bheith ar an gcathair is mó cosaint ar an líne thosaigh.

Sheol an Rúisigh ceann de na cathanna is mó sa chogadh go dtí seo ag tús mhí Dheireadh Fómhair anuraidh chun an chathair a thimpeallú. Dar le blagálaí míleata Rúiseach, maraíodh níos mó ná 16,000 saighdiúir Rúiseach sa chath ach in ainneoin na cailliúna sin d’éirigh leo an chathair a ghabháil.

Bhí roinnt cúiseanna leis an gcinneadh an chathair a thréigean:

  • Bhí i bhfad níos mó trúpaí ag na Rúisigh
  • Bhí easpa sliogán airtléire ar na hÚcránaigh
  • Bhí ceannas san aer ag na Rúisigh agus mar gheall air sin bhí siad in ann buamaí faoi-eitilte, buamaí nach bhfuil aon chosaint ag na hÚcránaigh ina gcoinne, a scaoileadh ar thréanphointí na nÚcránach
  • Bhí ionsaithe á ndéanamh ag na Rúisigh ar na hÚcránaigh ar thrí thaobh

Seans gurbh é buille maraithe na muice nuair a d’éirigh leis na Rúisigh seanphíopaí séarachais a úsáid chun trúpaí a insíothlú isteach i lár na cathrach agus ionsaithe a dhéanamh ar chúl na nÚcránach, rud a tháinig go hiomlán aniar aduaidh orthusan.

Dul chun cinn na Rúiseach

Tharla sé roimhe seo sa chogadh nuair a bhí bua suntasach ag taobh amháin go raibh an bua sin ina shiocair le buanna eile. Nuair a d’éirigh leis na Rúisigh cathair Popasna a ghabháil in 2022 bhog siad go tapa chun seilbh a ghlacadh ar an dá chathair thábhachtacha, Lysychansk agus Severodonetsk. Sa chaoi chéanna, nuair a rinne na hÚcránaigh athghabháil ar Balakliia i gCúige Kharkiv níor thóg sé ródhada orthu moil iompair Kupyansk agus Lyman a athghabháil.

Tá an chuma ar chúrsaí anois go mbeidh na Rúisigh in ann leanúint leis an dul chun cinn tar éis dóibh Avdiivka a ghabháil. Tá roinnt sráidbhailte siar ón gcathair faoi bhrú, tá na hÚcránaigh tar éis ceann amháin a thréigean cheana féin agus tuairiscítear go bhfuil siad ar tí tarraingt amach as sráidbhailte eile.

Ní hamháin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag na Rúisigh siar ó Avdiivka, tá brú á chur acu ar na hÚcránaigh i láithreacha cogaidh eile. Tá siad tar éis stráice talún ó thuaidh de chathair Bakhmut a ghabháil, atá níos mó ná an talamh a d’athghabh na hÚcránaigh le linn an fheachtais frith- ionsaithe. Sa tuaisceart, timpeall chathair Kupyansk, tá na hÚcránaigh faoi fhíorbhrú agus tá sé admhaithe acu go bhfuil níos mó talún á chailleadh acu ná mar a bhí ag aon am eile le bliain go leith anuas.

Tuigeann na Rúisigh go bhfuil an buntáiste acu, go háirithe ó thaobh airtléire de, tuigeann siad freisin nach mbeidh aon fhaoiseamh ann do na hÚcránaigh go luath mar gheall ar na deacrachtaí i gComhdháil na Stát Aontaithe maidir le cúnamh míleata. Tá siad ag déanamh a ndíchill an leas is fearr a bhaint as an éiginnteacht sin sula dtiocfaidh séasúr na láibe, rud a d’fhéadfadh moill a chur ar a gcuid gluaiseachtaí.

Tá siad ag iarraidh bogadh freisin chomh fada siar agus is féidir leo ionas go mbeidh talamh breise acu chun trúpaí a chomhchruinniú sula seolfar feachtas ionsaithe ollmhór i rith an tsamhraidh. Is as na críocha nuaghafa seo a imeoidh na fórsaí le haghaidh na n-ionsaithe seo a dhéanamh.

Tá an chuma ar ghluaiseacht na Rúiseach go seolfar feachtas ionsaithe ó thuaidh de Avdiivka, ó dheas de Kupyansk agus siar ó Bakhmut chun an dá chathair thábhachtacha i gCúige Donetsk, Kramatorsk agus Slovyansk, a ghabháil. Má éiríonn leo beidh siad in ann a mhaíomh ansin go bhfuil an Donbas go hiomlán faoina seilbh.

Cor cinniúnach

As seo amach beidh na hÚcránaigh ag déanamh gach iarracht an fód a sheasamh a oiread agus is féidir leo gan mórán talún a ghéilleadh. Ach de réir tuairiscí, go háirithe ón láthair chogaidh siar ó Avdiivka, níl na cosaintí chomh daingean agus a bheifí ag súil leis toisc nach raibh na hÚcránaigh ag súil go gcaillfeadh siad an chathair sin.

Má fhaigheann siad an cúnamh míleata atá uathu ó na Stáit Aontaithe, beagán ar bheagán beidh siad in ann córas cosanta níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm chomh fada agus nach dtitfidh an córas as a chéile go tobann mar gheall ar ionsaithe na Rúiseach agus easpa armlóin na hÚcráine go dtí seo.

Ach tá na Rúisigh céim chun tosaigh anois agus tá na hÚcránaigh céim ar gcúl agus chun an buntáiste sin a fháil ar ais beidh orthu rud eile a dhéanamh seachas a bheith ar an gcosaint. Ag an bpointe seo níl sé soiléir go bhfuil an bealach acu chun é sin a bhaint amach.

Rinneadh tástáil ar chóras cosanta na Rúiseach anuraidh agus theip ar na hÚcránaigh é a bhriseadh. Tá an chuma ar an teip sin anois gur cor cinniúnach ab ea é. Tá tástáil á déanamh ar chóras cosanta na nÚcránach anois, beidh siad ag súil nach n-aithneofar cath Avdiivka mar chor cinniúnach eile sa chogadh brúidiúil seo.

Fág freagra ar 'An Rúis céim chun tosaigh, an Úcráin imithe céim ar gcúl'

  • Eoin Ó Murchú

    Bíonn an fhírinne searbh do lucht tacaíocht na hÚcráine.

  • An tSean Commie Bocht

    Putin abú!