AN RÚIS 2018: Na scéalta is aistí agus is iontaí ó Chorn an Domhain…

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na scéalta is déanaí ón Rúis, mar a bhfuil Corn an Domhain 2018 faoi lán seoil

Cúl báire na hÉigipte, Essam El-Hadary

Ní thagann ciall roimh aois…

Má bhíonn Essam El-Hadary ag imirt sa chúl don Éigipt anocht, beidh sé sa Táin mar an t-imreoir is sine riamh a d’imir ag Corn an Domhain. Tá El-Hadary 45 bliain d’aois, dhá bhliain níos sine ná Faryd Mondragon cúl báire na Colóime ag Corn an Domhain 2014.

Tá fear na hÉigipte thart chomh fada sin go bhfuil triúr de na bainisteoirí a bheidh i gceannas ar fhoirne sa Rúis níos óige ná é: Aliou Cissé (An tSeineagáil), Mladen Krstajic (An tSeirbia) agus Roberto Martinez (An Bheilg). D’imir El-Hadary a chéad chluiche don Éigipt in 1996, rud a fhágann go bhfuil go leor imreoirí ag Corn an Domhain nach raibh fiú ar an saol nuair a chaith sé geansaí a thíre den chéad uair.

Seanfhondúir eile é captaen Mheicsiceo, Rafael Marquez, an dara himreoir is sine ag an gcomórtas sa Rúis. D’imir Marquez ag Corn an Domhain den chéad uair in 2002 agus má bhíonn sé ag imirt i gcoinne na Gearmáine Dé Domhnaigh beidh sé ar an gcúigiú huair aige imirt sa chomórtas, rud nach bhfuil déanta ach ag beirt eile, Antonio Cabajal, arb as Meicsiceo dó chomh maith, Lothar Matthaus na Gearmáine.

Salah ag súil le breithlá sona

Laoch Liverpool agus na hÉigipte, Mohamed Salah. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Éacht a bheadh ann má éiríonn le El-Hadary imirt tráthnóna in aois 45 bliain, ach ní hé is mó atá i mbéal an phobail san Éigipt faoi láthair agus iad ag fáil réidh dá gcéad chluiche. Níl aon chaint sa tír sin ach ar Mohamed Salah laoch na foirne. Bhuail scaoll muintir na hÉigipte nuair a ghortaigh Salah a ghualainn agus é ag imirt do Liverpool i gcluiche ceannais Shraith na gCuradh.

Bronntanas lá breithe deas a bheadh ann dá mbeadh sé in ann dul chun páirce tráthnóna agus é 26 bliain d’aois inniu.

Ní hé Salah an t-aon fhear a bheidh ag imirt ar a bhreithlá as seo go ceann cúpla lá áfach. Amárach, seans go mbeidh Odion Ighalo ag imirt don Nigéir i gcoinne na Cróite ar a bhreithlá agus breithlá Rodney Wallace as Cósta Ríce a bheidh Dé Domhnaigh, an lá céanna a thabharfaidh a fhoireann aghaidh ar an tSeirbia.

Sracfhéachaint ar an mbosca sa chúinne…

Agus tús á chur le Corn an Domhain ar RTÉ inné, chomhairligh Eamon Dunphy dúinn gur cheart an pholaitíocht agus an spórt a scaradh óna chéile. Dhá nóiméad ina dhiaidh sin, bhí Dunphy ag insint dúinn nach ndéanfadh an Ghearmáin aon ní cóir i gcomórtas na bliana seo toisc go bhfacthas le déanaí Mesut Özil agus Ilkay Gundogan agus iad i bhfochair Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdoğan.

Ach oiread le tuairimí Dunphy, neamhshocair go maith a bhíonn an gheopholaitíocht dhomhanda agus ba dhána an mhaise d’aon duine a bheith ag iarraidh léamh ar cheachtar acu.

An dá mar a chéile…

Thuas, Ronnie ‘Rico’ Whelan agus George ‘Sonny’ Hamilton sa Rúis. Thíos, Philip Michael Thomas agus Don Johnson ó ‘Miami Vice’.

Na cluichí móra atá le teacht…

Is é an cluiche idir An Phortaingéil agus An Spáinn tráthnóna an cluiche is mó a imreofar le linn an chéad chúpla lá den chomórtas ach beidh neart coimhlintí suimiúla eile ann agus cuid de na boic mhóra ag cur tús lena bhfeachtais an deireadh seachtaine seo.

Beidh An Fhrainc ag dul chun páirce i gcoinne na hAstráile maidin amárach agus Didier Deschamps ag súil go gcuirfidh a fhoireann óg tús maith leis an gcomórtas. Níos deireanaí tráthnóna, beidh Lionel Messi agus deichniúr eile ag imirt don Airgintín i gcoinne na hÍoslainne.

Dé Domhnaigh, beidh curaidh 2014, An Ghearmáin, ag imirt in aghaidh Mheicsiceo sa gcéad chluiche i nGrúpa F. Ina dhiaidh sin, beidh deis ag Neymar agus a chomhghleacaithe a chruthú go bhfuil a stádas mar rogha na n-údar do chomórtas na bliana seo tuillte acu. I gcoinne na hEilvéise a bheidh siad.

Dé hAoine, 15 Meitheamh

An Phortaingéil v An Spáinn – 7.00i.n.

Dé Sathairn, 16 Meitheamh

An Fhrainc v An Astráil – 11.00i.n.

An Airgintín v An Íoslainn – 2.00i.n.

Dé Sathairn, 17 Meitheamh

An Ghearmáin v Meicsiceo – 4.00i.n.

An Bhrasaíl v An Eilvéis – 7.00i.n.

Fág freagra ar 'AN RÚIS 2018: Na scéalta is aistí agus is iontaí ó Chorn an Domhain…'