An rialtas ag iarraidh éalú as ár bpolasaí neodrachta

Céard é an Glas Triarach a dteastaíonn ón rialtas é a chur ar ceal?

An rialtas ag iarraidh éalú as ár bpolasaí neodrachta

Tá na socruithe deireanacha á gcur le chéile don Fhóram Comhairleach um Polasaí Slándála Idirnáisiúnta a gcuirfear tús leis i gceann coicíse.

Tá an rialtas ag diúltú tionól saoránach a thabhairt le chéile mar a rinneadh maidir le scéalta eile, ach is iarracht é an Fóram mar sin féin a thabhairt le fios go bhfuil fíordhíospóireacht ar siúl maidir le neodracht, polasaí eachtrannach i gcoitinne agus cúrsaí slándála.

Is léir le tamall go bhfuil an rialtas ag iarraidh bealach a aimsiú le héalú as an bpolasaí neodrachta, agus tá siad ag díriú a n-aird anois go háirithe ar an nGlas Triarach – polasaí nach ligeann don rialtas fórsaí cosanta na tíre seo (os cionn beirt déag)  a chur thar lear gan cinneadh rialtais, toil na Dála agus sainordú na Náisiún Aontaithe.

Fógraíodh an Glas Triarach mar fhreagra ar an díospóireacht faoi Chonradh Nice 20 bliain ó shin.  Chuir go leor daoine i gcoinne an chonartha sin ar an mbonn go dtabharfadh sé cead d’Éirinn páirt a ghlacadh in oibríochtaí míleata an AE, rud a chuirfeadh isteach ar ár neodracht.  D’fhógair an rialtas an Glas Triarach mar chuid dá bhfeachtas chun diúltú an chéad reifrinn ar Chonradh Nice a chur ar ceal.

Anois, tá sé i gceist ag an rialtas fáil réidh leis an bpolasaí sin.

Is chuige sin atá an Fóram Comhairleach seo ann.

Deir an rialtas go bhfuil cathaoirleach neamhspleách ar an bhFóram, ach is í an cathaoirleach a scríobhfaidh aon tuarascáil ón bhfóram, gan cur isteach ó dhuine ar bith eile.  Agus cé atá ina cathaoirleach, ach Dame Louise Richardson, nó chun a teideal iomlán a thabhairt di, Dame Commander of the British Empire Louise Richardson.

An bhfuil an rialtas ag magadh fúinn agus iad ag rá gur duine neamhspleách í Dame Commander na hImpireachta?

Go deimhin tá feachtas láidir ar siúl ag na meáin mhóra freisin ag ionsaí polasaí neodrachta an stáit, agus ag cur brú orainn athrú a dhéanamh, in ainneoin go léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil dhá thrian de mhuintir an stáit i bhfabhar an pholasaí chéanna – polasaí a bhfuil an Glas Triarach ceangailte leis.

Is í an argóint atá ag an rialtas ná go dtugann an Glas Triarach ceart crosta don Rúis ar pholasaí eachtrannach na tíre, toisc go bhfuil an ceart sin acu ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (in éineacht le Meiriceá, Sasana, an Fhrainc agus an tSín).

Ach, mar a dúirt ambasadóir na Rúise chun na tíre seo, Yuriy Filatov, níor chuir an Rúis riamh cosc ar Éirinn páirt a ghlacadh in imeachtaí síochána de chuid na Náisiún Aontaithe.

Taibhse bagrach atá á dhéanamh den Rúis ag an rialtas ar mhaithe le muid a nascadh níos dlúithe le fórsaí míleata an AE agus le NATO.

Sa gcomhthéacs sin, is ábhar mór buartha go ndearnadh bagairtí in aghaidh óstán an Menlo Park i nGaillimh a raibh tionól síochána eagraithe ann don 22 Meithimh faoin teideal ‘Neodracht nó NATO’.  Cuireadh an áirithint ar ceal mar gheall ar an mbagairt.

Orthu siúd a bhí le labhairt ag an tionól bhí beirt fheisirí Eorpacha, Clare Daly agus Mick Wallace, agus beirt Teachtaí Dála áitiúla, Catherine Connolly is Máiréad Farrell.

Is ábhar conspóide é seo, ní hamháin don rialtas ach fiú do Shinn Féin.  Bhí ionadh, nó fearg fiú, ar a lán sa bpáirtí nuair a fógraíodh nach mbeadh siad ag tarraingt siar láithreach as PESCO nó PfP (Páirtnéireacht ar son na Síochána, atá ceangailte le NATO) agus iad i mbun rialtais.

Ba léir ón gcaoi gur labhair siad faoi go raibh leithéidí Matt Carthy is David Cullinane an-mhíchompordach leis an bpolasaí nua, ach anois is cosúil go bhfuil an cheannaireacht ag filleadh ar an bpolasaí mar a bhí.

Deirtear liomsa gur mar gheall ar an achrann inmheánach go bhfuil ‘soiléiriú’ nua ag teacht faoin bpolasaí.

Feicfimid, ach tá sé cinnte go bhfuil gá le ráiteas poiblí faoin scéal seo, díreach nuair atá neodracht faoi ionsaí an oiread sin.

Maidir leis na bagairtí i gcoinne an tionóil síochána i nGaillimh tá amhras ann faoi cé a dhein iad, nó an é gur chuir polaiteoirí is lucht gnó atá ceangailte leis an mBunaíocht iachall ar an óstán an áirithint a chur ar ceal?

Ceist eile ámh a laghad spéise atá curtha ag na meáin mhóra sa scéal in ainneoin go raibh beirt fheisirí Eorpacha agus beirt Teachtaí Dála faoi bhagairt.

Nach gá don Gharda Síochána an scéal sin a fhiosrú ar mhaithe le slándáil na polaitíochta?

Agus, ag deireadh thiar, an bhfuil sé chomh baolach sin labhairt faoin tsíocháin?

Fág freagra ar 'An rialtas ag iarraidh éalú as ár bpolasaí neodrachta'

  • Gabriel Rosenstock

    Is mór an náire dhóibh é. Más mian leis an aicme cheannais sa tír seo arm na hÉireann a mhéadú, ba chóir dóibh a gclann mhac agus a gclann iníonacha féin a oiliúint ina meaisíní cogaidh agus dea-shampla a thabhairt don chuid eile againn!

  • Concubhar Ó Liatháin

    Ní hé go bhfuil Rialtas na hÉireann ag iarraidh ‘éalú’ ó thraidisiún neodrachta ach go bhfúil ionradh bhrúidiúil na Rúise ar an Úcráin ag cur iachaill orainn go léir athmhachnamh is athmheas a dhéanamh. Ní ‘taibhse bréige’ í an Rúis ach fíor bhagairt don gcine daonna. Dealraíonn sé gur colún bolscaireachta ar son na Rúise an cholún seo agus bíodh is go bhfuil cead cainte againn sa tír seo, fiafraím an bhfuil gá ardán a thabhairt don mbolscaireacht seo agus coireanna in aghaidh na daonnachta á dhéanamh ag an Rúis san Úcráin is Putin ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn.

  • Antóin

    Tá na fealltóirí sa rialtas ag iarraidh deireadh a chur lenár bpolasaí neodrachta d’ainneoin thuairimí an phobail.

    Sa bhliain 2022 rinne Red C/ Sunday Business Post pobalbhreith maidir le ceist na neodrachta sa tír seo. Ba cheart d’Éirinn deireadh a chur lena polasaí neodrachta, an cheist a cuireadh. D’easaontaigh 57%, d’aontaigh 30% agus bhí céatadán eile neamhchinnte. Bhí 68% áfach i bhfách leis an cheist a chíoradh ag Tionól na Saoránach. An aon ionadh gur i bhFóram Comhairleach a phléifear an cheist anois?

    Ach tuigeann an aicme cheannais freisin go bhfuil faill na feannóige ann mar tá meascán mearaí de thuairimí i measc an phobail. Dúirt 46% go votálfadh siad i bhfabhar trúpaí na hÉireann a chur ag troid in arm na hEorpa am éicint amach anseo agus dá gciallódh sé go bhféadfadh slándáil na tíre a neartú dúirt 48% gur chóir d’Éirinn bheith páirteach in ECAT.

    Beag an baol áfach go mbeidh a gclann mhac ná a gclann iníonacha ná sliocht a sleachta sna línte tosaigh.

    Nach aisteach freisin nár chuir fulaingt mhuintir na Palaistíne iachall orainn athmhacnamh is athmheas a dhéanamh.

  • Gabriel Rosenstock

    Tá súil ghéar á coinneáil ar an Rúis ag Concubhar. Codlóidh mé go sámh anocht. Ar ndóigh,
    tá seantaithí ag muintir Chorcaí ar an obair sin: nár fhógair an Skibereen Eagle go raibh siad ag faire ar an Sár? Bhíodh tábhairne darbh ainm The Tzar ar an mbaile.
    https://www.geograph.ie/photo/1967604

  • Concubhar

    Chomh fada is a bhaineann sé liomsa is iad na Rúisigh Naitsithe ár linne. Ní féidir bheith neodrach mar gheall orthu. Is Éireannach mé le cois agus, dá bhrí sin, tugaim tacaíocht don tír atá faoi ionsaí ag a chomharsan nìos mó agus níos brúidiúla.
    Níor mhaith liom bheith sa chéad líne chátha ach táimíd ann pé scéal é, a bhuíochas sin don Rúis.

  • Gabriel Rosenstock

    https://www.dfmagazine.ie/
    Feictear thuas grianghraf as suíomh gréasáin An Cosantóir.
    An cheist, dar liomsa, ná an cóir go mbeadh a leithéid ar siúl in aon chor againn, ag éinne againn, Rúisigh, Úcránaigh, Éireannaigh. Ní haon mhaith a rá nach bhfuil aon rogha againn, go gcaithfear troid a dhéanamh i gcónaí – troid ionsaitheach nó troid chosantach. Ní chaithfidh.
    https://www.youtube.com/watch?v=TQ-Crh3rdQA
    Is léir ón agallamh a cuireadh ar Chomsky le déanaí, mura bhfuilimid sásta éirí as an gcogaíocht nach bhfuil romhainn ach an geimhreadh núicléach.

  • Concubhar

    Má bhí an cheart ag laochra 1916 agus Chogadh na Saoirse troid in aghaidh Impireacht Shasana chun saoirse a lorg, agus bhí, nach bhfuil an cheart chéanna ag na hÚcráinigh troid in aghaidh ionradh na n-impiriúlach Rúiseach agus nach bhfuil sé ceart, ós rud é go rabhmar sa bhád chéanna leo, go dtacódh Éirinn leis an dream atá á mbrú faoi chois, sa chás seo, na hÚcráinigh?