An príomh-aire is óige riamh ar an bhFrainc ceaptha ag Macron

Tá iarracht ar siúl ag Uachtarán na Fraince anam a chur ina dhara téarma agus é ag sracadh leis le tamall

An príomh-aire is óige riamh ar an bhFrainc ceaptha ag Macron

Tá Gabriel Attal ceaptha ag Emmanuel Macron ina phríomh-aire ar an bhFrainc.

34 bliain d’aois atá Attal, a bhí ina aire oideachais, rud a fhágann gurb é an príomh-aire is óige riamh ar an bhFrainc.

Chomh maith leis sin, tá Attal ar an gcéad duine ar dhuine aerach go hoscailte é le bheith ina phríomh-aire ar an bhFrainc.

Tiocfaidh Attal i gcomharbacht ar  Élisabeth Borne. Agus atheagar ar an rialtas beartaithe ag Macron, d’éirigh Borne as inné tar éis 20 mí in oifig.

“Tá an tUasal Gabriel Attal ceaptha ina phríomh-aire ag Uachtarán na Fraince agus an cúram leagtha air rialtas a bhunú,” a dúradh i ráiteas.

Tá iarracht ar siúl ag Uachtarán na Fraince anam a chur ina dhara téarma agus é ag sracadh leis is gan aon mhóramh sa pharlaimint aige le tamall.

Bhí fadhbanna go leor aige anuraidh chomh maith nuair a bhí agóidí forleathan ann faoin bplean leasú a dhéanamh ar chúrsaí pinsin. Bhí scoilt mhór ina pháirtí féin chomh maith faoi bhille imirce.

De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, tá Attal ar dhuine de na polaiteoirí is mó a bhfuil meas ag muintir na Fraince air faoi láthair. Tá cáil ar Attal as a scileanna cumarsáide agus a dheisbhéalaí i mbun díospóireachta, cáil a thuill an leasainm ‘Naoscaire na bhfocal’ dó.

Tugtar an “jeune loup de la Macronie”, “mac tíre beag Macron” chomh maith air.

Tá dul chun cinn an-tapa déanta ag Attal i saol na polaitíochta. Ar thaithí oibre sa roinn sláinte a bhí sé deich mbliana ó shin. Rinneadh urlabhraí de chuid pháirtí Macron de in 2018 ach faoi dheireadh na bliana sin bhí sé ina aire sóisir oideachais i rialtas Édouard Philippe. Agus gan é ach 29 bliain d’aois bhí sé ar an aire is óige riamh i gCúigiú Poblacht na Fraince.

Dream airgid a bhí i muintir Attal, arb as Páras dó, agus chuaigh sé go dtí an École Alsacienne, an scoil phríobháideach cháiliúil i bPáras a sholáthraíonn go leor de cheannairí na tíre.

Fág freagra ar 'An príomh-aire is óige riamh ar an bhFrainc ceaptha ag Macron'