AN POD GAEILGE: ‘Tá faitíos orainn uilig. Níl aon duine sábháilte’ – tuairisc ó Minneapolis

‘Tá faitíos orainn uilig. Níl aon duine sábháilte’ – tuairisc ó Minneapolis In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an t-iriseoir Máirtín Ó Catháin agus an t-iar-ollamh Nancy Stenson atá linn ó Minneapolis, cathair atá faoi scamall an fhoréigin agus an teannais faoi láthair I dteannta Bridget Bhreathnach tá Maitiú Ó […]

AN POD GAEILGE: ‘Tá faitíos orainn uilig. Níl aon duine sábháilte’ – tuairisc ó Minneapolis

‘Tá faitíos orainn uilig. Níl aon duine sábháilte’ – tuairisc ó Minneapolis

In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an t-iriseoir Máirtín Ó Catháin agus an t-iar-ollamh Nancy Stenson atá linn ó Minneapolis, cathair atá faoi scamall an fhoréigin agus an teannais faoi láthair

I dteannta Bridget Bhreathnach tá Maitiú Ó Coimín, Máirtín Ó Catháin agus Nancy Stenson, iar-ollamh le teangeolaíocht in Ollscoil Minnesota a bhfuil an-cheangal aici leis an tír seo agus le Gaeltacht Ráth Chairn go háirithe. Tá Nancy linn ó Minneapolis, a cathair dhúchais, cathair atá faoi scamall an fhoréigin agus an teannais faoi láthair. Pléitear a bhfuil ag tarlú i Minneapolis, mar ar mharaigh gníomhairí feidearálacha beirt an mhí seo, Alex Pretti agus Renee Goode, a bhí i mbun agóide in aghaidh iompar na ngíomhairí imirce.

Pléitear chomh maith cás imircigh na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na macallaí i scéal Minneapolis de stair na tíre seo.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Tá faitíos orainn uilig. Níl aon duine sábháilte’ – tuairisc ó Minneapolis'