Tabharfaidh Éire aghaidh ar Cristiano Ronaldo agus a chomrádaithe sa Liospóin anocht sa tríú babhta de chomórtas cáilithe Chorn an Domhain 2026 ach is beag caint a rinneadh faoi chluiche na hoíche anocht nuair a tháinig imreoirí agus lucht bainistíochta na foirne os comhar na meán i rith na seachtaine agus iarrachtaí á ndéanamh go fóill míniú a thabhairt ar an tubaiste a tharla san Airméin an mhí seo caite.
Bhí an toradh go dona, cailliúint 2-1, ach bhí an taispeántas níos measa fós agus is léir gur baineadh stangadh as an bhfoireann agus tá gach duine ag iarraidh teacht chucu féin go fóill.
Ar an gcéad fhéachaint, cheapfá gurb é an rud deireanach atá ag teastáil ná turas eile as baile chun aghaidh a thabhairt ar an bhfoireann atá rangaithe ar an gcúigiú ceann is fearr ar domhan agus a bhuaigh an chéad dá chluiche a bhí aici sa gcomórtas cáilithe. Tharlódh, áfach, nach é an rud is measa é ach an oiread.
D’admhaigh Finn Azaz i rith na seachtaine nach raibh aon tuiscint ag na himreoirí ar an dúshlán a thabharfadh an Airméin dóibh roimh an gcluiche sin. Tugann sé sin drochléargas ar mheon na n-imreoirí agus ar ullmhúcháin na bainistíochta ach ar a laghad níor cheart go mbeadh aon bhaol ann go ligfear na maidí le sruth i gcoinne na Portaingéile.
Is beag nár bhuaigh Éire ar an bPortaingéil i gcluiche cáilithe sa bPortaingéil in 2021 ach d’fhág cúil ó Ronaldo san 89ú agus 96ú nóiméid gur sciob siad leo na pointí agus comhscór a bhí idir na foirne i mBaile Átha Cliath an mhí ina dhiaidh sin ach is sa treo mícheart atá Éire imithe ó shin.
Bhí Éire uafásach in aghaidh na hAirméine ach an fhadhb is mó a bhí ann ná gur chlis go hiomlán ar an bhfoireann i lár na páirce. Bíonn Josh Cullen ag imirt gach seachtain do Burnley i bPríomhroinn Shasana ach tá tamaillín ann ó bhí cluiche maith aige d’Éirinn. Ní féidir an milleán uile a chur air, áfach. Tá Jayson Molumby tugtha isteach sa scuad arís ag Heimir Hallgrímsson, imreoir a chuireann fuinneamh san fhoireann cé gur féidir leis an Déiseach a bheith rófhuinniúil amanta.
Tá Will Smallbone ar ais chomh maith agus chabhródh seisean le seilbh ar an liathróid a choinneáil ach feicfimid cén cur chuige a bheidh ag Éirinn anocht. Tá caint ann arís go mbainfear triail as Nathan Collins a chur i lár na páirce. Níor éirigh ródhona le Collins san ionad sin sa gcéad leath in aghaidh Shasana anuraidh go dtí gur cuireadh Liam Scales den pháirc ag tús an dara leath agus ghéill Éire cúig chúl ina dhiaidh sin.
Léiríodh sa gcluiche sin cé chomh leochaileach is atá foireann seo na hÉireann agus má dhéantar slad eile orthu anocht, beidh jab acu gan críochnú ag bun an ghrúpa. Má éiríonn leo taispeántas maith a thabhairt, áfach, fiú má bhuann an Phortaingéil, d’fhéadfadh sé misneach a mhúscailt sna himreoirí. Dá mbuafadh Éire na cluichí atá le teacht i gcoinne na hUngáire agus na hAirméine, bheadh seans go fóill acu ar na babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain.
Fág freagra ar 'AN PHORTAINGÉIL V ÉIRE: Taispeántas maith níos tábhachtaí ná toradh maith d’fhoireann na hÉireann sa Liospóin'