An Nollaig ‘goidte’ ó dhaltaí scoile ach i bhfad níos mó ná sin goidte ó pháistí na mbocht

I bhfianaise na n-easnamh ar scolaíocht i mbliana is baolach go mbeidh cúrsaí níos mífhéaráilte ná riamh.

An Nollaig ‘goidte’ ó dhaltaí scoile ach i bhfad níos mó ná sin goidte ó pháistí na mbocht

Ceithre mhí ó shin cuireadh siar coicís iad. Anois i ndiaidh dúshlán cúirte tá síneadh sé seachtaine eile socraithe. Suífidh páistí 10 mbliana nó 11 bliain d’aois na scrúduithe aistrithe ó bhunscoileanna go scoileanna graiméir ag tús an téarma i ndiaidh shaoire na Nollag. Sin mura gcuireann Covid-19, nó cás cúirte eile, cor nua sa scéal cráite seo.

Blianta fada ó cuireadh deireadh go hoifigiúil leis an scrúdú 11+ tá dhá scrúdú a ritheann comhlachtaí príobháideacha fós i réim. Cothaíonn siad níos mó imní agus strus ná scrúduithe oifigiúla na dteastas, amhail A-Leibhéal. Córas aistrithe bunaithe ar roghnú acadúil is ea iad, aicmeachas i gceist agus daoine meáite de gur teip is ea gan áit i scoil ghraiméir a bhaint amach.

Scrúduithe iontrála is ea iad a ligeann do scoileanna graiméir na daltaí is cumasaí ó thaobh na hacadúlachta de a fháil, iad ag cosaint a gcoda mar scothaicme na scoileanna. Ní hé nach bhfuil roinnt meánscoileanna chomh maith leo, níos fearr amanna, ach is annamh a bhíonn oiread céanna acmhainní acu. Is ag na scoileanna graiméir atá an stádas, is leo a bhaineann líonrú sóisialta na mboc mór.

Tá oideachasóirí deimhin de go mbuanaíonn an córas éagothroime. Ba dheacair teacht ar shaineolaí, cé is moite de na páirtithe leasmhara, a chosnódh é; ‘barbartha’ an breithiúnas is coitianta. Fágann sé gasúir a aibíonn níos deireanaí ar an taobhlíne agus déanann sé leatrom as éadan ar pháistí nach bhfuil tacaíocht oideachais le fáil acu ag baile. Tá an cheist níos íogaire i mbliana ná riamh ó chaill páistí ceithre mhí scolaíochta i ngeall ar Covid-19. Tá fianaise fhollasach anseo, sa Phoblacht agus sa Bhreatain Mhór gurb iad na daltaí is boichte is mó atá thíos le heaspa scolaíochta i seomraí ranga.

D’achainigh Ardeaspag Ard Mhacha, an Dochtúir Eamonn Martin agus easpaig eile ar scoileanna graiméir Caitliceacha an scrúdú iontrála a chaitheamh i dtraipisí i mbliana i ngeall ar an bpaindéim.

Rinne cuid de na scoileanna rud orthu ach chuir a thuilleadh cos i dtaca. Tá na scoileanna graiméir Protastúnacha/stáit ag cloí leis na scrúduithe aistrithe.

Bhí scrúdú an 11+ ina chnámh spairne i dTuaisceart Éireann le fada an lá. Éiríodh as i Sasana i 1976 ach bhí scoileanna graiméir abhus, agus polaiteoirí aontachtacha a thacaigh leo, diongbháilte de go gcoinneofaí é. In 2002, ar an lá ar thit Stormont, ina ghníomh scoir mar Aire Oideachais d’ordaigh Martin McGuinness, Sinn Féin, deireadh leis an 11+.

Faoin riail dhíreach a lean, d’ordaigh an tAire Jane Kennedy in 2004 go mbeadh críoch ar fad leis an gcóras in 2008. Nuair a d’fhill Feidhmeannas roinnt na cumhachta in 2007 sheas an Roinn Oideachais leis an gcinneadh sin ach bhí an DUP dubh dóite ina choinne agus chuir na scoileanna graiméir tús lena scrúduithe féin. Sin iad a bhíonn fós ar siúl.

Níorbh iad na scrúduithe per se a bhí faoi chaibidil sa chás cúirte an tseachtain seo thart ach cathain a shuífí iad. Mhaígh dlíodóirí thar ceann beirt daltaí nár thug moill coicíse ar na scrúduithe deis do na páistí téarnamh ón am scoile a chaill siad; sárú ar a gcearta daonna a bheadh ann gan breis ama le haghaidh staidéir a dheonú. Níor ainmníodh na daltaí sa gcúirt. Tá duine acu ag freastal ar Ghaelscoil ach níl dóthain Gaeilge ag a tuismitheoirí le cuidiú léi agus maíodh, dá bhrí sin, go mbeadh sí faoi mhíbhuntáiste mura gcuirfí na scrúduithe siar go dtí an bhliain úr. Duine a bhfuil an t-uathachas ag dul dó is ea an dalta eile agus theastaigh am staidéir i seomra ranga chun an deis is fearr a sholáthar don scrúdú.

Tháinig na comhlachtaí a ritheann an dá scrúdú, an tAire Oideachais, Peter Weir, agus dlíodóirí mhuintir na bpáistí ar chomhréiteach go rithfí na scrúduithe i ndiaidh bhriseadh na Nollag. Shásaigh an socrú roinnt tuismitheoirí gan dabht, go leor daoine buartha faoin am scoile a cailleadh ach bhí daoine eile ar buile. Mhaígh roinnt gur éagóir ar a bpáistí siúd ab ea an síneadh ama. Bhí a bpáistí faoi réir don scrúdú ó bhí siad ag obair go coinsiasach ar scoil agus ansin sa bhaile le bliain, a dúradh. Ní bheadh d’am scoile breise i gceist, dar leo ach coicís eile roimh shaoire na Nollag, chaithfí tabhairt faoi na scrúduithe chomh luath is a d’fhillfeadh siad ó laethanta saoire. Ní bheadh de thoradh air sin ach go millfí an tsaoire – an Nollaig goidte uathu.

Aontaíonn roinnt múinteoirí nach mbeadh i gceist ach coicís d’am scoile sa bhreis. N’fheadar an leor sin do na daltaí nach raibh na fearais acu le haghaidh cianfhoghlaim a dhéanamh le linn na dianghlasála.

Thug an tAire le fios gur mar thaca do dhaltaí a bhí faoi mhíbhuntáiste a rinneadh an cinneadh. B’fhéidir gur chabhair bheag é do chuid éigin acu ach ní cheartóidh sé sin an locht bunúsach ata ar ‘roghnú acadúil’ in aois a 10 nó a 11.

Tá an córas claonta cheana féin i bhfabhar na ndaoine is mó buntáiste. Ba cheart deireadh a bheith curtha leis fadó. I bhfianaise na n-easnamh ar scolaíocht i mbliana is baolach go mbeidh cúrsaí níos mífhéaráilte ná riamh.

Ní hí an Nollaig amháin a ghoidtear ón íochtarán.

Fág freagra ar 'An Nollaig ‘goidte’ ó dhaltaí scoile ach i bhfad níos mó ná sin goidte ó pháistí na mbocht'