An neodracht, beartas cosanta na hÉireann agus na hEorpa

Tá formhór mhuintir na tíre i bhfabhar bheartas neodrachta na hÉireann ach ní mór cumas cosanta na tíre a phlé i gceart

An neodracht, beartas cosanta na hÉireann agus na hEorpa

Mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin tá aird i bhfad níos mó ar chúrsaí slándála agus cosanta san Eoraip ná mar a bhí roimhe seo. Tá níos mó plé á dhéanamh ná mar a bhí roimhe seo faoi Chomhbheartas Eorpach Cosanta agus Slándála, faoi Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) agus fiú faoi neodracht na hÉireann. Foilsíodh Compás Straitéiseach le haghaidh slándáil agus cosaint níos láidre san Aontas Eorpach sna deich mbliana amach romhainn ar an 21 Márta 2022 agus foilsíodh Tuarascáil an Choimisiúin ar Óglaigh na hÉireann ar an 9 Feabhra 2022.  

Mar gheall ar an ionradh tá ceachtanna le foghlaim chun cur leis an bplé seo. Tá ceachtanna le foghlaim ó na cathanna sa gcogadh, mar shampla, ceachtanna faoin trealamh míleata agus an tionchar a imreoidh sé ar eagraíochtaí míleata as seo amach. Tá ceachtanna le foghlaim ag an leibhéal straitéiseach freisin, mar shampla cé chomh tábhachtach agus atá uirlisí coimhlinte eile, leithéidí breosla agus feachtais faisnéise pobail. Ach is é an ceacht is mó ón gcogadh ná gur féidir le cogadh dearg tarlú ar mhór-roinn na hEorpa fiú nuair nach bhfuil mórán daoine ag súil leis.  

Bagairtí 

Chun ceisteanna cosanta agus slándála a phlé caithfear na bagairtí a aimsiú agus a aithint a oiread agus is féidir sula dtabharfar aghaidh ar na freagraí. Sa chaoi sin níl mórán difríochta idir ceisteanna cosanta agus slándála agus ceisteanna móra eile. Mar shampla chun dul i ngleic leis an athrú aeráide is léir go ndéantar go leor anailíse ar thionchar na faidhbe seo ar shaol an ghnáthdhuine. Tá freagraí agus beartais éagsúla curtha i bhfeidhm ar fud na cruinne atá bunaithe ar shainmhíniú an athraithe aeráide.  

Anuas ar na bagairtí ní mór na dualgais a bhíonn ar thíortha forbartha nó ar chomhghuaillíocht idirnáisiúnta a chur san áireamh agus beartas cosanta agus slándála a chur le chéile. Mar shampla, chuir an tAontas Eorpach (AE) oiliúint mhíleata ar fáil do Mhailí mar chuid de bheartas níos leithne leis an tír a dhaingniú i gcoinne na sceimhlitheoireachta sa réigiún. I gcásanna eile oibríonn an tAE mar ghníomhaire de chuid na Náisiún Aontaithe (NA) chun fórsaí coimeádta síochána a eagrú. Sa chaoi chéanna cuireann Éire trúpaí ar fáil d’fhórsaí coimeádta síochána de chuid na Náisiún Aontaithe mar chuid dá dualgas mar bhallstát de chuid na heagraíochta. Cé nach mbaineann na dualgais sin le cúrsaí cosanta go díreach tá baint acu le cúrsaí slándála agus caithfear iad a chur san áireamh. 

Struchtúr Míleata an AE v Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh 

Tá treoracha le haghaidh dul i ngleic le bagairtí slándála, leithéidí bagairtí faisnéise, cibirionsaithe agus bagairtí ón spás leagtha amach sa cháipéis – Compás Straitéiseach le hAghaidh Slándáil agus Cosaint níos Láidre san Aontas Eorpach. Agus cé go luaitear go bhfuil Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) fós mar bhunchloch na comhchosanta dá ballstáit sa cháipéis chéanna tá moltaí ann a bhaineann go díreach le fórsa míleata níos láidre a bhunú. Moltar sa cháipéis go mbunófaí aonad mear-imscartha de 5,000 saighdiúir agus cé go bhfuil an moladh seo ag teacht le Comhbheartas Slándála agus Cosanta an AE tá seans ann go bhféadfadh sé éiginnteacht a chruthú idir an tAE agus NATO maidir le cúrsaí cogaíochta. Mar gheall ar an dá cháipéis, an Compás Straitéiseach agus an Comhbheartas, d’fhéadfaí talamh slán a dhéanamh de go bhfuil cúrsaí ag dul i dtreo struchtúr míleata níos foirmiúla agus níos buaine a bhunú san AE. Anuas air sin tá seans ann go mbeidh sé seo ag teacht salach ar bheartas neodrachta na tíre de réir a chéile. 

 

Tá NATO eagraithe, tá taithí aici agus tá sé ar a cumas dul i mbun cogaíochta leis an tír is mó a bhfuil bagairt ag baint léi faoi láthair, an Rúis. Ach tarraingíonn sé seo ceist: cad is cúis le struchtúr míleata níos foirmiúla an AE nuair atá NATO ann chun an chuid is mó de thíortha an AE a chosaint? Tá an Fhionlainn agus an tSualainn tar éis iarratas a chur faoi bhráid NATO chun a bheith mar bhallstáit agus má tharlaíonn sé beidh gach tír san AE mar bhallstát de NATO seachas Éire, an Ostair agus Málta. Fágann struchtúr míleata an AE gur cinnte go mbeidh an tAE in ann oibríochtaí éagsúla a chur ar bun, leithéidí forfheidhmiú smachtbhannaí, forfheidhmiú na síochána agus oibríochtaí teoranta eile a bhféadfadh tacaíocht mhíleata a bheith ag teastáil ina leith. Ach dá dtiocfadh an crú ar an tairne agus dá mbeadh cogadh dearg ar na bacáin an dtiocfadh beartas agus struchtúr míleata an AE salach ar chumas NATO? 

Neodracht agus Cumas Cosanta na hÉireann 

Mar gheall ar an gcogadh san Úcráin tá ceisteanna faoi bheartas agus cumas cosanta na hÉireann tagtha chun cinn chomh maith. Tá ceisteanna ann faoin mbeartas neodrachta agus cén tionchar a bheidh ag beartais slándála agus cosanta an AE ar sheasamh na hÉireann as seo amach. 

Tá na bagairtí slándála agus cosanta seachtracha atá nó a d’fhéadfadh a bheith os comhair na tíre leagtha amach a oiread agus is féidir i dTuarascáil an Choimisiúin ar Óglaigh na hÉireann. Luaitear sa Tuarascáil go bhfuil seans ann go bhféadfaí Éire, mar bhallstát de chuid an AE, a tharraingt isteach i gcoimhlint idir na cumhachtaí domhanda agus go bhféadfadh sé seo tarlú ar an talamh, ar an bhfarraige agus san aer. Anuas air sin luaitear go bhféadfadh meascán ionsaithe de chineálacha eile a bheith ann mar shampla, cibirionsaithe. 

Leagtar amach trí leibhéal caiteachais chun dul i ngleic leis na bagairtí agus ionas go mbeadh sé ar chumas Óglaigh na hÉireann cosaint cheart a dhéanamh ar na tír. Ag an gcéad leibhéal ní bheadh ach an leibhéal caiteachais reatha ar fáil agus luaitear sa tuarascáil nach mbeadh Óglaigh na hÉireann in ann cosaint cheart a dhéanamh ar an tír ag an leibhéal seo. Ag an dara leibhéal theastódh 50% caiteachas breise agus ag an tríú leibhéal bheadh trí oiread an chaiteachais reatha ag teastáil chun an tír a chosaint i gceart. 

Tá cinneadh le déanamh againn mar thír maidir le cúrsaí cosanta agus slándála, cinneadh idir na roghanna seo a leanas:  

  • A bheith ag brath ar an gComhbheartas Eorpach Cosanta agus Slándála agus sinn ag súil go mbeadh cosaint iomlán don tír ar fáil faoin gcomhbheartas seo.  
  • Fáil réidh le neodracht na tíre agus dul isteach i NATO, rud a chinnteodh cosaint na tíre. Bheadh orainn thart ar 2% den olltáirgeacht intíre a chaitheamh ar chúrsaí cosanta. Tá thart ar 0.3% di á chaitheamh faoi láthair. 
  • Leanúint ar aghaidh mar thír neodrach ó thaobh cúrsaí míleata de. Beidh orainn thart ar a thrí oiread níos mó caiteachais a chur ar fáil chun an neodracht a chosaint. B’fhéidir go mbeadh ceachtanna cosanta le foghlaim ón gcaoi ar úsáid na hÚcránaigh diúracáin fritancanna, frith-aeráthaí agus frith-long chun cosaint a dhéanamh ar an tír. 

Sula ndéanfar an cinneadh sin beidh sé riachtanach na roghanna thuasluaite a phlé ar bhealach níos doimhne agus ní mór na ceisteanna seo a leanas (nach bhfuil in ord tosaíochta) a chur san áireamh: 

  • Na bagairtí slándála agus cosanta atá nó a d’fhéadfadh a bheith ann a shainmhíniú a oiread agus is féidir. 
  • An méid caiteachais nó an céatadán den olltáirgeacht intíre a bheimis toilteanach a chaitheamh ar chúrsaí cosanta agus slándála mar fhreagra ar na bagairtí agus na réimsí caiteachais rialtais a mbeimis sásta gearradh siar orthu. 
  • Na buntáistí, míbhuntáistí agus na dualgais a bhaineann le clúdach faoi Chomhbheartas Eorpach Cosanta agus Slándála agus a bhaineann le bheith mar bhallstát de NATO 
  • Na buntáistí don tír a bhaineann leis an neodracht ó thaobh na Náisiún Aontaithe de. An gcaillfimis na buntáistí dá ndéanfadh muid cinneadh gan a bheith neodrach? 

Anuas air seo, caithfear súil a choimeád i gcónaí ar na bagairtí a d’fhéadfadh eascairt ón deighilt idir na pobail sa Tuaisceart. Tá na dílseoirí fós ag feidhmiú. Tá na heasaontóirí fós ar an bhfód. Chaithfí an deighilt seo a chur san áireamh in aon bheartas cosanta d’Éirinn agus a bheith feasach ar an mbaol go gcruthódh sí deacrachtaí slándála don tír. 

Conclúid 

Is léir anois gur féidir le cogadh dearg tarlú ar mhór-roinn na hEorpa. Má tharlaíonn coimhlint idir cumhachtaí domhanda tá baol ann go dtarraingeofaí Éire, mar bhallstát an AE, isteach sa choimhlint bealach amháin nó bealach eile. Níl Óglaigh na hÉireann in ann an tír a chosaint i gceart faoi láthair agus mar gheall air sin níl Rialtas na hÉireann in ann an dualgas atá orthu, saoránaigh na tíre a chosaint, a chomhlíonadh.  

Léiríodh i bpobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe go bhfuil formhór mhuintir na tíre i bhfabhar bheartas neodrachta na hÉireann. É sin ráite ní mór fadhb chumas cosanta na tíre a phlé i gceart agus teacht ar réiteach, bealach amháin nó bealach eile.  

Bíodh an chosaint sin mar chuid de chomhghuaillíocht idirnáisiúnta nó trí chumas cosanta comhtháite neamhspleách a fhorbairt sinn féin. 

  • Iar-anailíslí míleata le harm na hÉireann é údar an ailt seo. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith 

 

Fág freagra ar 'An neodracht, beartas cosanta na hÉireann agus na hEorpa'