An miotal Gaeilge sa mBotsuáin, pocanna amú ar RnaG

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

An miotal Gaeilge sa mBotsuáin, pocanna amú ar RnaG

An chéad uair ag banna slodmhiotail Gaeilge ar stáitse sa mBotsuáin?

Is minic muid ag caint ar an gcéad uair a tharla seo nó siúd i nGaeilge, cuimhnigh ar An Cailín Ciúin, an chéad fhadscannán Gaeilge a ainmníodh do ghradam Oscar, nó an uair sin a dúirt Banríon Eilís Shasana ‘Go raibh maith agaibh’ ag ócáid stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Anois tá ‘den chéad uair’ eile againn, is é sin an chéad uair ag banna slodmhiotail ag casadh liricí Gaeilge ar stáitse sa mBotsuáin. Bhuel, an chéad uair, go bhfios dúinn.

Tuairiscíodh ar an Irish Independent an tseachtain seo go bhfuil an banna slodmhiotail dátheangach, Ten Ton Slug, ag tabhairt aghaidh ar fhéile cheoil sa mBotsuáin agus iad ar cheann de na príomhbhannaí a bheidh ag seinm ag an bhféile Vulture Thrust: Anger Management Fest 2025 sa mbaile Maun sa mBotsuáin i ndeisceart mhórthír na hAfraice.

Casann an banna, a bunaíodh i gConamara sa mbliain 2013, amhráin i nGaeilge agus i mBéarla agus bhí  ar an albam Colossal Oppressor a d’eisigh siad i mí Bealtaine na bliana seo caite. Tá na liricí don amhrán Mallacht an tSloda ón albam sin i nGaeilge agus gach seans go mbeidh sé ar cheann de na h-amhráin a bheidh á gcur i láthair ag Ten Ton Slug ar stáitse sa mBotsuáin.

Dá gcuirfí ceist ort, is dóigh go ndéarfá go bhféadfá a bheith cinnte go leor nach raibh aon bhanna slodmhiotail Ghaeilge ann rompu. Ach an féidir a bheith cinnte?

Is dóigh nach bhfuil éinne ag coinneáil taifead ar na rudaí seo. An mbeidh ‘den chéad uair’ eile againn sa nGaeilge? An chéad uair ag banna slodmhiotail Ghaeilge ar stáitse sa mBotsuáin ag casadh liricí Gaeilge?

Is dócha é a deir an Indo ach níl siad 100% cinnte faoi.

‘With the performance, Ten Ton Slug will likely become the first musicians to perform a metal song in the Irish language – Mallacht an tSloda, or the Curse of the Slug – in Botswana.’

Ar mhaithe le réiteach cinnte a fháil ar an scéal, b’fhéidir go n-inseodh léitheoirí Dialann Tuairisc dúinn má tá aon eolas acu faoi aon bhanna miotail eile a chas amhrán Gaeilge sa mBotsuáin.

Beidh Ten Ton Slug ag casadh sa Dali i gCorcaigh ar an 20 Meán Fómhair agus sa Róisín Dubh i nGaillimh ar an 11 Deireadh Fómhair.

Pocanna amú ar RnaG

Deireadh seachtaine mór a bhí ann do mhuintir an Spidéil agus Féile nua John Ford agus Taispeántas bliantúil Chois Fharraige ar súil ar an mbaile. Deireadh seachtaine mór a bhí ann d’iománaithe an Spidéil chomh maith agus iad ag imirt i réamhbhabhta ceathrú ceannais Chraobh Shóisir A an chontae tráthnóna Dé Sathairn.

Thíos ar an gCorrbhaile i ndeisceart an chontae a bhí an Spidéal agus iad ag imirt as baile in aghaidh Naomh Tomás. Bhí cluiche spleodrach drámatúil ann. Fuair an Spidéal cúl agus an 60 nóiméad caite chun dul chun cinn ach ar ais le Naomh Tomás ar an bpointe le scór ó bhuille saor chun am breise a chinntiú.

Bhíodar siúd nach raibh ar an gCorrbhaile ag brath ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tráchtaireacht Dhara Ó Ráinne le blaiseadh a fháil den dráma. Bhí tuilleadh eachtraí agus conspóide ag deireadh am breise. Shéid an réiteoir an fheadóg dheireanach agus muintir Naomh Tomás ag casaoid go raibh buille saor acu a bhí i bhfad amach ó chúl an Spidéil. Cuireadh iontas ar mhuintir an Spidéil agus ar thráchtaire RTÉ féin nuair a chuaigh an réiteoir siar ar an gcinneadh deireadh a chur leis an imirt.

“Ní fhaca mé a leithéid de rud riamh i mo shaol. Tá an buille saor ceadaithe aige do Naomh Tomás, a Mhaighdean Mhuire, a Mháthair na glóire,” a dúirt Ó Ráinne agus é leath ag gáire le hiontas.

Seachnaíodh tuilleadh conspóide nuair a d’imigh an poc saor amú. Agus deireadh curtha leis an imirt den dara huair, bhí éiginnteacht ann cé acu an mbeadh babhta eile d’am breise, athimirt nó pocanna éirice i gceist.

“Beidh mé ar ais anseo faoi cheann soicind chun chuile shórt a chinntiú,” a dúirt an Ráinneach agus cuireadh muid ar ais go dtí an stiúideo. Dara Ó Cinnéide an tí seo a bhí ag cur an chláir i láthair ó Bhaile na nGall. Faraor géar do lucht tacaíochta an Spidéil, níor chualathas focal eile ón Ráinneach, cé nach féidir aon mhilleán a chur air.

D’fhág an t-am breise agus na stadanna san imirt go raibh sé buailte ar a hocht a chlog nuair a tháinig deireadh leis an gcluiche agus cé go raibh beagnach sé uair an chloig de spórt craolta ar an stáisiún go dtí sin ar an Satharn, is léir nach raibh an t-am ann chun cúpla nóiméad eile a chaitheamh chun críoch an chluiche agus na pocanna éirice a chraoladh. Cloíodh go daingean le hainm an chláir, Spórt an Tráthnóna, agus is fada uainn Spórt na hOíche go fóill.

Lena gceart a thabhairt don bheirt Dara, seans gur diabhal neart a bhí acu air. Clár réamhthaifeadta cartlainne a bhí sa gcéad chlár eile ar an sceideal. Ní raibh aon láithreoir ann chun ligean don Ráinneach toradh na bpocanna éirice a thabhairt dúinn agus seans nach bhféadfaí an clár a chur siar gan sceideal na hoíche a chur as a riocht.

B’fhéidir nach léiriú ar easpa acmhainní RnaG a bhí sa scéal ar chor ar bith, áfach, ach iarracht muintir na Gaeltachta, agus muintir an Spidéil go háirithe, a choinneáil ó dhíobháil.

Drochscéala a bhí ann dóibh siúd a chuaigh sa tóir ar scéal ón gCorrbhaile. Cúig cinn de phocanna éirice a thóg imreoirí an Spidéil. Trí cinn acu a chuir siad amú agus deireadh déanta acu sa gCraobh Shóisir A.

B’fhéidir go raibh níos mó sásaimh le baint acu as éisteacht le sean-agallamh ag Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta leis an mboscadóir John Sheáin Dharach Seoige, mar a tharla sé.

Pádraic Ó Ciardha

Ag breathnú air…

Sraith choirdrámaíochta é Task le Mark Ruffalo sa bpríomhpháirt. Siad na daoine céanna a rinne an ceann seo is a rinne Mare of Easttown le Kate Winslet, sraith a raibh an-rath air in 2021. Filleann lucht an chláir sin ar Philadelphia sa tsraith nua seo, ach le scéal nua agus cliar nua. Ar fáil ar Sky agus NOW.

Fág freagra ar 'An miotal Gaeilge sa mBotsuáin, pocanna amú ar RnaG'