An mbeidh Geert Wilders ina Chéad-Aire san Ísiltír?

Gan choinne, bhí bua ollmhór ag an bpolaiteoir iomráiteach frith-Ioslamach Geert Wilders in olltoghchán na hÍsiltíre Dé Céadaoin. Ach an éireoidh leis comhrialtas a bhunú?

An mbeidh Geert Wilders ina Chéad-Aire san Ísiltír?

Baineadh creathadh polaitiúil as an Ísiltír Dé Céadaoin nuair a bhí bua ollmhór gan choinne ag páirtí frith-Ioslamach, frith-inimirce, frith-aeráide agus frith-Eorpach san olltoghchán.

Agus an t-alt seo á scríobh tá an chuma ar an scéal go mbeidh 37 suíochán parlaiminte ag an PVV (Partij voor de Vrijheid, nó ‘Páirtí don tSaoirse’.)

Sin ar a laghad 9 gcinn níos mó ná mar a bhí á dtuar don pháirtí sin sna pobalbhreitheanna deireanacha roimh an toghchán.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil an PVV ar an bpáirtí is mó sa tír anois agus gur faoina gceannaire Geert Wilders, atá go láidir i gcoinne Ioslam agus a ciontaíodh as ‘maslú grúpa’ agus ’cothú idirdhealuithe’ sa bhliain 2016, a bheidh sé anois iarracht a dhéanamh comhrialtas a chur le chéile.

Toisc go raibh bua chomh mór sin ag an PVV, ba leor tacaíocht dhá pháirtí eile – nualiobrálaigh an VVD a bhí i gcumhacht ó 2010, agus páirtí nuabhunaithe atá rud beag ar dheis ón lár, an NSC (Nieuw Sociaal Contract, nó ‘Conradh Sóisialta Nua’) – ba leor tacaíocht na bpáirtithe sin chun rialtas móraimh a bhunú.

Bheadh móramh níos láidre fós ag comhrialtas den déanamh sin dá nglacfadh páirtí an pholaiteora leath-Éireannaigh Caroline van der Plas, an BBB (BoerBurgerBeweging, nó ‘Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach’) páirt ann freisin. Níor ghnóthaigh an BBB ach 7 suíocháin i dtoghchán parlaiminte na Céadaoin ach tá go leor suíochán acu i ‘Seanad’ na hÍsiltíre, an Eerste Kamer, rud a bheadh an-úsáideach.

Is í an cheist mhór, áfach, ná seo: an mbeidh an VVD agus an NSC, a tháinig sa tríú agus sa cheathrú háit in olltoghchán na Céadaoin, an mbeidh siad sin sásta páirt a ghlacadh i gcomhrialtas a bheadh faoi stiúir páirtí atá fíornaimhdeach d’Ioslam – reiligiún aon mhilliún Ísiltíreach?

Lena chois sin, tá dearcthaí láidre frith-Eorpacha agus frith-aeráide ag an PVV, tugann an páirtí tacaíocht ‘gan choinníoll’ do chogadh Iosrael i gcoinne Hamas, agus teastaíonn uathu srianta a chur le tacaíocht na hEorpa don Úcráin sa chogadh in aghaidh na Rúise.

Ach cé nár athraigh Wilders a phort faoi na hábhair sin, sa tseachtain dheireanach roimh an toghchán mhaolaigh sé tuin a chuid cainte go mór agus dúirt go mbeadh sé ‘ina chéad-aire do mhuintir na hÍsiltíre ar fad’, ‘cuma cén cúlra atá acu’, dá mbeadh sé ina Chéad-Aire.

Dúirt Wilders le linn an fheachtais freisin nach é an cath i gcoinne Ioslam an chloch is mó ar a phaidrín anois (tógadh Wilders mar Chaitliceach ach d’fhág sé an eaglais sin go hoifigiúil blianta fada ó shin) ach ‘an tÍsiltíreach a chur ag uimhir a haon arís’.

Dealraíonn sé gur geallúint mhealltach a bhí sa mhéid sin d’Ísiltírigh faoin tuath agus sna cathracha araon a mhothaíonn go bhfuil neamhaird á déanamh orthu ag na páirtithe móra traidisiúnta le blianta fada, ach a gcuireadh frith-Ioslamachas ‘crua’ Wilders ó dhoras iad go dtí seo.

Maidir leis an dá pháirtí a bhféadfadh Wilders rialtas móraimh a bhunú leo, an VVD agus an NSC, tá an chuma ar an scéal nach bhfuil a gceannairí siúd, Dilan Yesilgöz agus Pieter Omtzigt, chomh láidir sin i gcoinne comhrialtas a mbeadh Geert Wilders páirteach ann inniu le hais mar a bhí siad sula raibh bua ollmhór ag an PVV Dé Céadaoin.

Agus oiread sin cainte faoi bhua mór Geert Wilders, ba bheag nach ndéanfá dearmad go raibh bua mór ag dream eile in olltoghchán na Céadaoin leis.

D’éirigh le comhghuaillíocht de chuid an Lucht Oibre agus na nGlasach faoi stiúir an iarchoimisinéara Eorpaigh Frans Timmermans 25 suíochán a bhaint amach, 8 suíochán sa bhreis ar na cinn a bhí ag an dá pháirtí sin le chéile roimhe seo.

Go deimhin, mura n-éireoidh le Geert Wilders agus a pháirtí an VVD, an NSC agus b’fhéidir an BBB a mhealladh chun comhrialtais, comhrialtas faoi cheannas na comhghuaillíochta ar an eite chlé an t-aon fhéidearthacht eile – ach bheadh tacaíocht an VVD, an NSC agus ar a laghad páirtí amháin eile ag teastáil dá leithéid.

Inniu a chuirfear tús leis na cainteanna comhrialtais; idir an dá linn tá agóidí beartaithe i gcathair Amsterdam agus i gcathair Utrecht ag an eite chlé d’fhonn tacaíocht a léiriú don sciar sin den phobal – daoine de shliocht inimirceach i gcoitinne agus Moslamaigh go háirithe – ar ábhar mór imní dóibh bua mór an PVV.

Fág freagra ar 'An mbeidh Geert Wilders ina Chéad-Aire san Ísiltír?'