CÉ hÉ an fear is cumhachtaí ar domhan? Barack Obama, b’fhéidir? Nó Vladimir Putin seans? Ar ndóigh, braitheann go leor ar an mbrí a bhaintear as an bhfocal ‘cumhacht’. Más airm agus saighdiúirí atá i gceist, is dócha gur duine den bheirt úd a thabharfadh an sway leis. Ach más é ‘cumas chun cúrsaí an domhain a athrú thar oíche’ an bhrí a bhainimid as an bhfocal, thabharfainn an choróin do dhuine eile ar fad.
Duine nár chuala an chuid is mó againn trácht air riamh. Fear a bhfuil gar don cheithre scór slánaithe aige agus atá fós sa phost ar ceapadh ann é 20 bliain ó shin.
Ar ndóigh, is éacht ann féin é sin i saol na polaitíochta! Nach diabhaltaí nach bhfuil cáil níos mó ar an bhfear céanna? Is fear é seo, áfach, nach mbíonn aird an phobail uaidh a bheag nó a mhór. Feairín beag ciúin, spéaclóirí agus croiméal breá air, nach dtabharfá mórán suntais dó dá gcasfadh sé duit sa tsráid. Fear a bhíonn gléasta uaireanta in éadaí Arabacha agus uaireanta eile i gculaith bhreá de chuid Saville Row.
Fear darb ainm Ali al-Naimi, Aire Ola na hAraibe Sádaí.
An fear a bhfuil OPEC go huile agus go hiomlán faoina smacht aige. An fear a shocraíonn praghas na hola ar na margaí idirnáisiúnta. An fear is cúis leis an titim 40% ar phraghas na hamhola le sé mhí anuas – titim a bhfuil impleachtaí ollmhóra aige, maith nó olc linn é, don gheilleagar domhanda. An fear, d’fhéadfá a rá, a chinn nach mbeifeá ag íoc ach €1.43 nó mar sin ar lítear peitril i do gharáiste áitiúil an tseachtain seo, seachas an €1.55 a d’íoc tú cúpla mí ó shin. Ar ndóigh, tá cleachtadh againn le beagnach leathchéad bliain anuas ar phraghas na hola a bheith ag dul in airde. Ní minic a fheicimid a mhalairt; ach táimid á fheiceáil anois.
Go deimhin, bheadh an titim seo níos feiceálaí fós murach an méid cánach a bhaineann an Rialtas s’againne amach – tuairim is 60c as gach euro a chaitear ag na caidéil. Bíodh sin mar atá, seo é an titim is mó agus is fadtéarmaí le blianta. Mar is iondúil, tá cúis an-simplí leis: easpa éilimh. De thairbhe an lag trá geilleagair idirnáisiúnta, tá titim shuntasach ar an méid ola atá in úsáid timpeall na cruinne. A bhuíochas don phróiséas conspóideach fraiceála (‘fracking’), tá foinsí nua ola tagtha chun cinn freisin, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Is ó thús na bliana seo amháin, áfach, atá tionchar na n-athruithe seo le feiceáil sna margaí. Le sé nó seacht de bhlianta anuas, níor thit praghas na hamhola riamh faoi bhun $100 an bairille; i mí an Mheithimh, bhíothas fós ag baint $107 an bairille amach ar amhola ar an margadh idirnáisiúnta.
An tseachtain seo caite, bhí an praghas sin tite go dtí $66.
Go traidisiúnta, is éard a dhéanfadh OPEC i gcás mar seo ná gearradh siar ar an méid ola a sholáthraíonn siad – rud a choinnigh praghasanna ard, ó tharla smacht iomlán a bheith acu ar an margadh. Ach is tábhachtaí i bhfad don Araib Shádach anois a sciar féin den mhargadh a chosaint ná praghas ard a bhaint amach; chuige sin atá Ali al-Naimi nuair a ghearann sé praghas na hamhola arís agus arís eile. Sin drochscéal dóibh siúd a sholáthraíonn ola don chuid eile den domhan agus a bhfuil a gcuid geilleagar féin ag brath air sin – an Rúis, mar shampla, agus cuid mhaith eile de bhaill eile OPEC. Ní mó ná sásta atá Putin, mar shampla. D’fhéadfá dollar a cheannach ar 35 rúbal Rúiseach i dtús an tsamhraidh; theastódh 50 rúbal uait anois chun an margadh céanna a dhéanamh.
Ach níl aon amhras ach gur deascéal don chuid eile dínn é – agus ní hamháin don té atá ag iarraidh an tanc peitril a líonadh. Deir na saineolaithe linn go dtiocfaidh fás 1.3% ar olltáirgeacht intíre na cruinne, bliain i ndiaidh bliana, má fhanann praghas na hola ag an leibhéal seo. Gan aon cheo a bheith déanta – nó gan a bheith déanta – ag Enda Kenny nó Michael Noonan. Ní hamháin go gcosnóidh sé i bhfad níos lú muid féin a choinneáil te teolaí an geimhreadh seo, ach ba cheart go dtiocfadh borradh níos mó fós faoi eacnamaíocht na hÉireann dá bharr – cuma céard a dhéanann an Rialtas s’againne.
A bhuíochas sin uile don fhear úd nár chualathas trácht air… Ali al-Naimi.
Gura fada buan é!
Is colúnaí leis an Irish Daily Mail é Paul Drury
Fág freagra ar 'An máistir dofheicthe'