An lasair sa bharrach i gCúige Laighean agus uair na cinniúna tagtha

Tá cluichí móra ar siúl sa chraobh iománaíochta ar siúl an deireadh seachtaine seo i gCúige Laighean agus Cúige Mumhan

An lasair sa bharrach i gCúige Laighean agus uair na cinniúna tagtha

Tá an lasair sa bharrach i gcúige Laighean agus ceithre chontae fós san áireamh do thrí áit. Tá Baile Átha Cliath ina suí ar barr an tábla le sé phointe ach tá dhá chluiche thar a bheith deacair fágtha fós acu. Beidh an chéad cheann acu inniu sa bhaile i gcoinne Chill Chainnigh agus an ceann deireanach as baile i gcoinne na Gaillimhe. 

Measartha a bhíodar go dtí seo. Sa chluiche deireanach i gcoinne na hIarmhí ní rabhadar sábháilte go dtí an deireadh agus sa chéad cheann i gcoinne Laoise ní raibh ach dhá chúilín eatarthu i bPáirc Pharnell. Ach bhí bua thar a bheith tábhachtach acu i gcoinne Loch Garman as baile. Sa chluiche sin bhíodar chun tosaigh ó thús deireadh ach bhí an t-ádh leo gur chuir na Carmannaigh 16 iarracht ar fóraoil agus gur theip ar Mark Fanning an sliotar a chur san eangach ó phoc éirice.

Seachtain ó shin thaispeáin an freasúra a bheidh roimh na Dubs amárach, Cill Chainnigh, cuid mhaith de na tréithe dearfacha céanna a bhíonn acu i gcónaí faoi Brian Cody. Faoi stiúir Cody bíonn an spiorad agus an troid fós iontu go dtí an fhead deiridh agus bhí sé sin soiléir arís i bPáirc an Phiarsaigh.

Bunaithe ar an taispeántas sin caithfidh go mbeidh Cill Chainnigh mar rogha na coitiantachta. Ach le blianta beaga anuas tá an bhearna idir iad féin agus na Cait á laghdú ag Áth Cliath.

Fiú agus gur amhlaidh atá, is dóigh liom go mbeidh an bua ag na Cait.

Ag an bpointe seo den chomórtas is dócha go mbeidh cluiche deireanach an ‘round robin’ idir Cill Chainnigh agus Loch Garman i bPáirc Uí Nualláin thar a bheith cinniúnach.

Maidir le Cúige Mumhan ní dóigh go raibh mórán leantóirí ag ceapadh nach mbeadh Corcaigh i measc an chéad trí fhoireann nuair a bheadh deireadh leis an ‘round robin’. Tá a gcuid seansanna ag laghdú agus iad ag taisteal amárach chuig Pháirc an Bhreathnaigh chun aghaidh a thabhairt ar Phort Láirge. In ainneoin gach rud diúltach atá ráite agus scríofa fúthu le cúpla seachtain anuas tá cuid maith de dhílseoirí an chontae fós ag tabhairt seans dóibh amárach. Faraor níl na geallghlacadóirí ag aontú leo agus Port Láirge go láidir mar rogha acusan. 

Feictear domsa nach bhfuil mórán le cailliúint ag Corcaigh ag an tráth seo. Tá sé in am acu iarracht a dhéanamh imirt le saoirse, spiorad agus diongbháilteacht. Tá sé in am iad féin a shaoradh ó shrianta an chórais imeartha nach bhfuil ag obair dóibh. Bunaithe ar chluichí an dá chontae go dtí seo bheadh sé deacair dul i gcoinne na nDéise.

Maidir le Tiobraid Árann, is dócha nach raibh ach teip i ndán dóibh ón tús agus iad d’uireasa na máistrí a bhí éirithe as nó gortaithe i mbliana. É sin ráite bhíodar thar barr do thrí cheathrú cuid den chluiche i gcoinne Luimnigh agus cé go bhfuil a rás rite ó thaobh teacht slán ón gcúige, caithfidh go bhfuil muinín ard go leor sa champa agus cluiche amháin eile acu i gcoinne Chorcaí an tseachtain seo chugainn.

Tá cluiche mór an lae inniu in Inis agus na comharsana in adharca a chéile. Tá an Clár tar éis teacht aniar aduaidh orainn agus iad thar a bheith feiceálach agus eagraithe go dtí seo. Ach seo an dúshlán is mó a bhí acu. Seo coimhlint bharr an tábla, na seaimpíní, Luimneach, fós dochloíte ach an Clár sna sála orthu.

Is deacair domsa cás a dhéanamh do chontae an Chláir, áfach. Cinnte tá éacht déanta acu ach tá éacht déanta ag Luimneach freisin (agus i bhfad níos mó éachtaí thar thréimhse ceithre bliana). I mo thuairimse, tá painéal Luimnigh fós ar leibhéal níos airde ná gach contae eile sa tír. 

‘Ní bhíonn in aon rud ach seal’, is fíor, ach níl seal Luimnigh caite fós ná baol air.

Fág freagra ar 'An lasair sa bharrach i gCúige Laighean agus uair na cinniúna tagtha'