An lasair sa bharrach i gceart sna craobhacha club

Ceol agus iománaíocht na príomhábhair chainte a bhí ag ár gcolúnaí nuair a thug sé turas ar chontae an Chláir

An lasair sa bharrach i gceart sna craobhacha club

Chaitheas cúpla lá iontach luath i mí Lúnasa i bhFiacail, sráidbhaile in oirthear an Chláir. Bhí an fhéile cheoil thraidisiúnta bhliantúil ar siúl ann agus bhí an áit thar a bheith gnóthach ón oíche Chéadaoin. Ba é an ceoltóir aitheanta áitiúil Martin Hayes a d’oscail an fhéile agus bhí na céadta pulctha isteach i Halla an Phobail an oíche sin chun ómós a thabhairt dá laoch féin. Don chúpla lá a bhíos ann bhí dhá phríomhábhar cainte, ceol agus iománaíocht.

Ó thrasnaíos an teorainn anall ó Luimneach go dtí ceantar na Creatalaí bhí bratacha agus dathanna an Chláir I ngach áit. Cheapfá go raibh rud éigin buaite acu i mbliana!

San Fhiacail bhuaileas leis an t-uafás daoine go raibh fonn cainte orthu faoin iománaíocht – contae agus club. Mar a tharla sé bhí an chéad bhabhta de na cluichí club ar siúl an deireadh seachtaine sin agus an Fhiacail ag imirt i gcoinne na Creatalaí ar a haon a clog ar an Satharn. Fuaireas cúpla tairiscint ar shíob chuig an gcluiche ach bhí cúrsaí ceoil níos tábhachtaí dom an tseachtain sin. Dar ndóigh fuaireas roinnt mhaith eolais i ndiaidh an chluiche agus muintir na háite sásta lena mbua. Bhíodar thar a bheith sásta freisin lena mbeirt imreoirí contae Éibhear Quilligan agus Adam Hogan agus na taispeántais a thugadar beirt an lá sin.

Is iomaí cluiche atá imeartha ó shin sa chomórtas agus an deireadh seachtaine seo táimid tagtha chuig na cluichí ceathrú ceannais agus an Fhiacail fós ann. Beidh siad ag imirt i gcoinne Chroisín (a chaill an cluiche ceannais anuraidh) níos déanaí um thráthnóna in Inis.

Ach is dócha go bhfuil an tsuim is mó sa chontae sa choimhlint idir Éire Óg, a bhfuil Shane O’Donnell agus David Reidy acu, i gcoinne Eidhneach/Cill na Móna a bhfuil na laochra contae David Fitzgerald agus Aidan McCarthy acu. Trí bliana ó shin d’imríodar i gcoinne a chéile sa chluiche leathcheannais agus bhí an bua ag Eidhneach ach in 2022 sa chluiche ceathrú ceannais bhuaigh Éire Óg éasca go leor.

Tháinig Éire Óg amach ar bharr an ghrúpa is deacra agus trí bhua acu i gcoinne Chluain Lára, Baile Uí Aodha agus Cluain Aodha- Cuinche. Caithfidh go bhfuil an fhoireann ó bhaile na hInse ina rogha  na coitiantachta don cheann seo.

Tá seaimpíní 2023 Cluain Lára ag tabhairt aghaidh ar Dhroichead Abhann ó gCearnaigh. Anuraidh bhíodar i gcoinne a chéile freisin agus thug bua Chluain Lára an-mhuinín dóibh ar a dturas chun Corn an Canon Hamilton a thabhairt leo.

Anseo i gCorcaigh tá na cluichí leathcheannais ar siúl freisin an deireadh seachtaine seo. I ndiaidh na gcluichí babhtaí tá seaimpíní 2023 Na Sáirséalaigh cáilithe cheana féin do cheann de na cluichí leathcheannais.

Beidh Cumann an Athar Uí Néill in aghaidh Uí Mhic Coille, An Charraig Dubh i gcoinne Cheann Tuirc agus Mainistir na Corann agus Baile Nua Sheandroma satá a chluiche ceathrú ceannais deireanach.

Beidh TG4 ag taispeáint cluiche iomána ó Luimneach agus Cill Mocheallóg agus Tobar Phádraig ag imirt sa chluiche grúpa deireanach. Beimid ag coimeád súil ghéar ar Chian Lynch, Diarmaid Byrnes, Aaron Gillane agus a leithéidí agus sinn ag caitheamh súil chun cinn ar chraobh idirchontae 2025. Dar ndóigh tá an dá chlub sin cáilithe cheana féin do na cluichí leathcheannais.

Fág freagra ar 'An lasair sa bharrach i gceart sna craobhacha club'