An lá mór tagtha d’fhoireann na hÉireann agus Corn Domhanda na mBan linn

Déanfar dearmad ar na Wolfe Tones, ar Houston Dash agus ar ‘moon boots’ nuair a sheasfaidh imreoirí na hÉireann amach ar an bpáirc os comhair nach mór 80,000 duine

An lá mór tagtha d’fhoireann na hÉireann agus Corn Domhanda na mBan linn

Lauren McCabe le Daniel and Dylan. PictiúrINPHO/Laszlo Geczo

An Astráil v Éire – Stadium Australia, 11.00rn (Beo ar RTÉ 2)

I ndiaidh na conspóide, na himní faoi ghortuithe agus an fheithimh uile, tá Corn Domhanda na mBan 2023 linn faoi dheireadh agus mná na hÉireann ag fáil réidh chun a n-áit a thógáil i measc bhoic mhóra an tsacair san Astráil agus sa Nua-Shéalainn.

Is iomaí cor agus casadh a bhí in aistear na mban seo chuig an gcomórtas ón oíche sin ar chinntigh siad a n-áit ann. Is ar éigean a bhí an fheadóg dheireanach séidte an oíche stairiúil sin i Hampden Park nuair a thosaigh raic faoi chanadh an amhráin ‘Celtic Symphony’ sna seomraí feistis.

Tá an scéal sin curtha go cúl a gcinn ag an bpobal le fada anois ach tarraingíodh anuas an chonspóid a bhain leis an seal a chaith Vera Pauw ina bainisteoir sna Stáit Aontaithe cúpla lá tar éis di na himreoirí a bheadh ag taisteal chun na hAstráile a ainmniú. Baineadh geit dhamanta as lucht tacaíochta na hÉireann ansin nuair a bhain gortuithe do bheirt réaltaí na foirne, Katie McCabe agus Denise O’Sullivan, i gcluichí dúshláin le cúpla seachtain anuas ach tá siad tagtha chucu féin anois agus an t-aicsean ar tí tosú, buíochas le Dia.

Chomh luath agus a sheasann imreoirí na hÉireann amach ar an bpáirc i Stadium Australia inniu agus beagnach 80,000 duine ina dtimpeall sna seastáin, déanfar dearmad ar na Wolfe Tones, ar Houston Dash, ar ‘moon boots’ agus ar nach mór chuile rud eile.

Ócáid iontach do na himreoirí tús a chur lena gcéad Chorn Domhanda i staid a bheidh lán go béal agus cé go mbeidh siad go hiomlán dírithe ar an gcluiche, b’fhiú seasamh siar ar feadh soicind agus cuid den atmaisféar a shú isteach.

Níl aon amhras ach go bhfuil dúshlán mór roimh mhná na hÉireann anocht. Cé go bhfuil súil againn anseo go gcuirfidh an brú mór a bheidh ar na hAstrálaigh agus iad ag imirt sa bhaile as dóibh, d’fhéadfadh gurb iad a ghríosú a dhéanfadh an slua chomh maith agus tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfidh Éire tús maith leis an chluiche.

Beidh a fhios ag gach duine a chonaic foireann seo na hÉireann ag imirt le blianta beaga anuas an cur chuige atá aici. Suífidh na himreoirí siar agus iad sásta a gcéilí comhraic a fhágáil ag babhtáil pasanna i lár na páirce chomh fada is nach bhfuil aon spás i gcosaint na hÉireann.

Nuair a fhaigheann Éire seilbh ar an liathróid, imreoirí den scoth iad Katie McCabe, Denise O’Sullivan agus Sinéad Farrelly atá in ann deiseanna a chruthú ach is minic leis na cosantóirí an liathróid a lascadh suas an pháirc agus fágtar faoi leithéidí Kyra Carusa nó Marissa Sheva dul ina diaidh agus fanacht go dtiocfaidh an dream eile chun tacú leo.

Fágann an stíl sin gur deacair uaireanta breathnú ar chluichí na hÉireann ach seans go mbeidh an cur chuige sin ag teastáil inniu in aghaidh na hAstráile.

Tá an-chuid cainte déanta faoi Sam Kerr go dtí seo ach tá sí ar dhuine de na tosaithe is fearr ar domhan agus beidh ar Niamh Fahey, Louise Quinn agus Megan Connolly súil ghéar a choinneáil uirthi. Rinneadh sin nuair a bhuaigh Éire 3-2 ar an Astráil i dTamhlacht dhá bhliain ó shin, Kerr fágtha gan cúl ar bith sa chluiche céanna, ach tá 14 ceann scóráilte aici in 12 cluiche ó shin agus an Astráil imithe ó neart go neart. Tá Ceanada, an tSualainn, an Spáinn, Sasana agus an Fhrainc, cuid de na foirne is fearr ar domhan, ar fad sáraithe ag an Astráil le roinnt míonna anuas agus an chuma ar an scéal go bhfuil an fhoireann ag teacht in aois díreach ag an am ceart.

Níl siad gan locht ag cosaint, rud a léiríodh nuair a scóráil Éire, foireann nach n-aimsíonn go leor cúl, trí chúl ina gcoinne sa chluiche in 2021. Scóráil Éire cúl théis trí nóiméad sa chluiche sin, dá gcuirfidís tús chomh maith céanna le cluiche an lae inniu, bheadh linn.

An Astráil

Áit ar rangú domhanda FIFA: 10

Toradh is fearr ag Corn Domhanda na mBan: Babhtaí Ceathrú Ceannais (2007, 2011, 2014)

Bainisteoir: Tony Gustavsson

Captaen: Sam Kerr

Coinnigh súil ar: Ellie Carpenter. Níl aon amhras ach gurb í Sam Kerr réalta mór na foirne ach tá tábhacht ar leith le himreoirí eile ar nós Carpenter chun na deiseanna a chruthú di. Tá Carpenter, a imríonn le Lyon sa Fhrainc, tar éis teacht ar ais ó ghortú agus feicfidh sí go leor den liathróid ar an gcliathán inniu.

Fág freagra ar 'An lá mór tagtha d’fhoireann na hÉireann agus Corn Domhanda na mBan linn'