An Ghaeltacht i lár an aonaigh i bParáid na Féile Pádraig i mBoston

Ghlac lucht eagair Pharáid na Féile Pádraig in Boston le hiarratas ó Údarás na Gaeltachta go dtabharfaí stádas oifigiúil don Ghaeltacht

An Ghaeltacht i lár an aonaigh i bParáid na Féile Pádraig i mBoston

Beidh stádas oifigiúil ag an nGaeltacht i bParáid na Féile Pádraig i mBoston.  Seo é an chéad uair ariamh ó bunaíodh an Pharáid gur tugadh an t-aitheantas seo don Ghaeltacht san ócáid mhór seo sa gcathair is mó ina labhraítear Gaeilge sna Stáit Aontaithe.

Ghlac lucht eagair na Paráide le hiarratas ó Údarás na Gaeltachta go dtabharfaí an stádas sin don Ghaeltacht sa pharáid a bheidh ar siúl ar an 15 Márta. 

Tarlaíonn sé gur i mBoston a rugadh Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach an Údaráis.  Chuaigh sé ’na scoile ansin ina óige sular fhill a mhuintir abhaile go Conamara.

Is é Seán Ó Mainnín, an t-iardhornálaí clúiteach as Ros Muc i gConamara a bheidh ina cheann feadhna ar chuid na Gaeltachta den Pharáid i mBoston.  Laoch é Seán Ó Mainnín i gcónaí i measc mhuintir na Gaeltachta – agus na nÉireannach – i Massachusetts agus i mBoston.  Bhí sé ina sheaimpín meánmheáchain éadrom ar Mheiriceá Thuaidh sna 1980idí agus throid sé do Chraobh an Domhain i 1984.

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go bhfuil socrú trí bliana déanta le lucht na Paráide i dtaobh stádas na Gaeltachta sa bParáid. 

Creideann Micheál go bhfuil cúrsaí cultúir is gnó agus siombalachas ar leith ag baint leis an socrú seo in Boston.  Tá go leor béime curtha ag an bpríomhfheidhmeannach ar cheangal le diaspóra na Gaeltachta agus diaspóra na hÉireann ina chuid oibre in Údarás na Gaeltacht agus roimhe sin, nuair a bhí sé ina bhainisteoir sinsearach i gComhairle Contae Dhún na nGall.

Tarlaíonn sé gur dhá scór bliain go ham seo a bunaíodh Údarás na Gaeltachta.  San eolas atá curtha ar fáil don ócáid de chuid an Údaráis a bheidh ar siúl in South Boston ar an 14ú Márta, tá sé ráite gur cuireadh tús leis an Údarás le fostaíocht a bhunú sa gcaoi agus go laghdófaí an sruth imirce as na ceantracha Gaeltachta a bhí faoi mhíbhuntáistí móra eacnamaíochta.

Tráthúil go leor, is san South Boston Public Library ar East Broadway a bheidh díospóireacht faoin ábhar sin ag an ócáid atá eagraithe ag an Údarás in Boston seachtain ón Satharn seo chugainn.  ‘Eispéireas Ghaeltacht na hÉireann’ an téama atá ag an ócáid.  Gaeltacht ina bealach féin a bhí sa gcuid sin de Bhoston san aimsir a caitheadh de bharr a raibh de mhuintir Chonamara – Gaeilgeoirí a bhformhór – ina gcónaí ann.  D’athraigh an daonra cuid mhaith in South Boston in imeacht na mblianta ach, fós féin, is ceantar é atá aitheanta go láidir mar bhunáit do mhuintir na hÉireann agus dá sliocht.

Cuirfidh David Leonard, Uachtarán chóras na Leabharlann Poiblí in Boston tús leis an ócáid ag a haon a chlog seachtain ón Satharn.  Tabharfar léargas ann ar chultúr agus oidhreacht na Gaeltachta.  Beidh taispeántas ann ar obair na gcurach,  casfaidh Máirín Ní Chéidigh amhráin sean-nóis, beidh taispeántas damhsa ar an sean-nós ann agus caint agus díospóireacht faoi na ceangail idir an Ghaeltacht agus Boston. 

Ar ndóigh tá barr slacht curtha ar an gceangal sin de bharr Marty Walsh, mac le himirceoirí as Ros Muc agus Carna, a bheith anois ina Mhéara ar phríomhchathair Mhassachusetts.

‘4O Bliain ag Forbairt Ghaeltacht na hÉireann’ an téama atá ag cur i láthair a dhéanfaidh Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta agus Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Pleanála Teanga agus Forbairt Réigiúnach na heagraíochta sin.  Beidh sin ag tarlú ag 3.15pm agus beidh deis acu siúd a bheidh ansin a bheith páirteach sa gcaint agus sa díospóireacht.

Is fada an lá paráid na Féile Pádraig á reáchtáil in Boston.

Cé go ndéantar ceiliúradh ar aimsir na Féile Pádraig ar fud na Stát Aontaithe anois, ba in Boston a tugadh aitheantas poiblí den chéad uair do Naomhphátrún na hÉireann i 1737.  Bhí Éireannaigh ag múnlú bunáit dóibh féin sa réigiúin chomh fada sin siar.  I lár na cathrach a bhíodh an Pharáid agus na himeachtaí ceiliúrtha ar feadh i bhfad.

I 1901 a aistríodh cúrsa Pharáid na Féile Pádraig go ceantar South Boston de bharr a raibh de chomhluadar Éireannach curtha fúthu sa gcuid sin den chathair.  Ba í an Ghaeilge teanga dhúchais chuimse acu siúd san am sin agus is ansin a bhíonn an pharáid riamh ó shin.

Tá cáil náisiúnta ar an bParáid i Meiriceá i gcónaí.  Mhéadaigh an aird a bhíodh ar Pharáid Bhoston le cúpla scór bliain, go háirithe de bharr óráidíocht agus diabhlaíocht William Bulger a chaith i bhfad ina Uachtarán ar an Seanad Stáit in Massachusetts.  Gael-Mheiriceánach a raibh aithne mhaith air i gCarna i gConamara, ba dheacair é a shárú ar an dea-chaint agus an deisbhéalaíocht.  Ba  mhinic a bhíodh sé féin agus polaiteoirí Gael-Mheiriceánach eile ag babhtáil focal ag ócáidí i ndiaidh na paráide agus thugadh na stáisiúin teilifíse náisiúnta cuairt orthu.

Tá William Bulger éirithe as an bpolaitíocht anois ach ní hin le rá nach mbíonn spraoi is ceiliúradh ag baint leis an bhféile agus nach dtarraingítear aird ar Éirinn. Tá buille á thabhairt ar son na Gaeltachta anois ag Micheál Ó hÉanaigh agus ag Údarás na Gaeltachta agus iad le bheith i lár an aonaigh ag an ócáid stairiúil seo.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht i lár an aonaigh i bParáid na Féile Pádraig i mBoston'