AN GHAEILGE SAN AE: Neart le foghlaim ag Gaeil an 21ú haois ó thionscadal ilteangach an Aontais Eorpaigh

Tá cuid mhór le foghlaim sa Bhruiséil ag pobal na Gaeilge faoin dátheangachas agus faoin ilteangachas, a deir aistritheoir Gaeilge atá ag obair i gComhairle an Aontais Eorpaigh

AN GHAEILGE SAN AE: Neart le foghlaim ag Gaeil an 21ú haois ó thionscadal ilteangach an Aontais Eorpaigh

Breis is trí mhí atá sé anois ó bhog mé féin chuig ‘Príomhchathair na hEorpa’, an Bhruiséil, le bheith i m’aistritheoir Gaeilge i gComhairle an Aontais Eorpaigh. Bhí tréimhse fhada caite agam i mo shaoraistritheoir Gaeilge roimhe sin, agus seal curtha isteach agam freisin mar dhíoltóir bogearraí airgeadais. Deirtear gurb é an tAontas Eorpach an tionscadal síochána is mó dár ceapadh riamh, rud atá le feiceáil anseo, áit a nglactar leis an ilteangachas mar ghné nádúrtha den saol seachas rud a mbíonn doicheall agus bacainní roimhe.

Samhlaigh duine ón Mór-Roinn nár labhair focal Gaeilge riamh ag iarraidh orm leabhair a mholadh di toisc go bhfacthas di nach leor in aon chor líon na leabhar Gaeilge i leabharlann na Comhairle i gcomparáid le bailiúcháin na mórtheangacha oifigiúla eile; sin an sórt dearcaidh i leith teangacha a bhíonn romhat anseo.

Eagraíocht a dhíríonn go mór ar fhorbairt ghairmiúil agus ar mhúineadh teangacha is ea an Chomhairle. Ba chúis díomá dom nár éirigh liom líofacht a bhaint amach sa tríú teanga Eorpach roimhe seo, ach tá an deis sin á tapú go fonnmhar agam ó tháinig mé anseo. Sula dtabharfaidh mé faoi ranganna Fraincise, tá tairbhe á baint agam as Duolingo agus as muintir na cathrach chun an mheirg a bhaint de mo chuid Fraincise den chéad uair ó thug mé faoin Teastas Sóisearach. Déanta na fírinne, ní féidir dul chun cinn go gairmiúil anseo dá huireasa. Agus is mór ag muintir na Beilge agus ag muintir na Comhairle an t-ilteangachas agus cén cainteoir Gaeilge a lochtódh sin?

Cén chuma atá ar an mBruiséil mar chathair? Dá gcaithfinn locht a fháil uirthi, déarfainn nach bhfuil sí go maith á cur féin chun cinn mar áit chónaithe ná mar cheann scríbe turasóireachta. Chonacthas dom sular tháinig mé anseo go raibh íomhá réasúnta leamh aici toisc go samhlaíonn mórán de mhuintir na hEorpa le maorlathas an Aontais Eorpaigh agus leis sin amháin í. Ach tá sí ar na cathracha is áille dá bhfuil feicthe agam ar an Mór-Roinn, agus í ar na cinn is suimiúla ó thaobh na staire agus imeachtaí cultúrtha de chomh maith. Maidir le seirbhísí sóisialta, tá an Bheilg féin cosúil le cuid mhór den Mhór-Roinn sa mhéid is go bhfuil siad thar a bheith cuimsitheach. Anuas air sin, is lú go mór an costas a bhíonn le híoc anseo ar ardchaighdeán maireachtála.

Is fearr i bhfad, mar shampla, na roghanna do thionóntaí anseo. Cathair a tógadh go dlúth is ea an Bhruiséil, rud a fhágann gur féidir siúl áit ar bith agus go bhfuil córas iompair phoiblí den scoth inti (meitreo, busanna agus tramanna). Gheobhaidh tú árasán fíormhaith anseo ar leath an mhéid a d’íocfá ar a leithéid in Éirinn, go háirithe i mBaile Átha Cliath. Anuas air sin, is fearr i bhfad a chosnaítear cearta tionóntaí anseo, murab ionann agus in Éirinn, áit a bhfuil cuid mhór tionóntaí á gcéasadh ag saint na dtiarnaí talún.

Gael ar bith a bheadh in amhras faoi fhiúntas stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach, déarfainn go rachadh sé i gcion orthu dá bhfeicfidís an pobal ilghnéitheach láidir Gaelach anseo a bhfuil a saol á chaitheamh go muiníneach acu, trí Ghaeilge, i dtimpeallacht nua-aimseartha idirnáisiúnta. Tá cuid mhór le foghlaim anseo ag pobal na Gaeilge faoin dátheangachas agus faoin ilteangachas, agus faoi mar a d’fhoghlaim an Piarsach ceachtanna ó thionscadal dátheangach na Beilge breis is céad bliain ó shin, tá neart le foghlaim ag Gaeil an 21ú haois ó thionscadal ilteangach an Aontais Eorpaigh, arbh fhéidir gurbh é lár leas na Gaeilge in Éirinn é.

Fág freagra ar 'AN GHAEILGE SAN AE: Neart le foghlaim ag Gaeil an 21ú haois ó thionscadal ilteangach an Aontais Eorpaigh'

  • murchadh

    Breis leabhar le cur ar na seilfeanna ach cé a léifidh iad?

  • Unabxl

    @murchadh: mise

  • Máiread de Faoite

    Maith thú, Seán. Go n-éirí leat.

    Sé an meoin atá againne anseo a dhéanann an dochair.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Duine cumasach eile ag cur a chuid talainn amú ag aistriú doiciméidí go Gaeilge nach léifear. Ag an am céanna tá sé ag dul deacair ar earnáil na Gaeilge daoine maithe le Gaeilge den scoth a earcú do na postanna maithe anseo sa mbaile: stádas na Gaeilge san Eoraip ag cothú ‘brain drain’ agus ag cur airgid poiblí amú, tá faitíos orm.

  • Carraig

    Costas mór ard ar fhíorbheagán tairbhe. Ní léifear agus ní léitear. Ní fiú bheith leis an obair aistriúcháin áiféiseach sin. Diomailt airgid amach is amach. Cuirtear coláiste oiliúna lánGhaeilge ar bun le haghaidh bunmhúinteoirí. Bheadh fiúntas éigin leis sin.

  • Louise Ní C

    Ag cur le stádas is le cosaint an teanga don todhcaí – maith thú a Sheáin, bon courage

  • Éanna Ó Ceallaigh

    Maith thú a Sheáin. A lán daoine earcaithe sna coláistí agus sna hollscoileanna in Éirinn chun cúrsaí aistriúcháin a mhúineadh agus stádas iontach na Gaeilge san AE ar cheann de mhórchúiseanna na hearcaíochta sin.

  • Paddy

    Dóibh siúd a deir gur cur amú airgid atá i gceist leis an aistriúchán Gaeilge, caithfear an t-airgead sin ar an aistriúchán ar aon nós, is cuma an bhfuil an Ghaeilge i measc na dteangacha a aistreofar. Arbh fhearr libh an Ghaeilge a fhágáil ar leataobh, in áit na leathphingne? Ní léiríonn sin meas ar an teanga i mo bharúil féin. Ding thú. a Sheáin!