Bhí alt an-spéisiúil ag Donncha Ó hÉallaithe ar na leathnaigh seo an tseachtain seo d’imigh tharainn (‘Is trua nach ndeachaigh na Gaeil in Éirinn leis an bProtastúnachas’), alt a leag síos an teoiric gur seacht n-uaire níb fhearr a bheadh staid na Gaelainne ar na saolta seo dá mbeadh lucht a labhartha dulta leis an bProtastúnachas in éis an reifirméisin. Tuairim spéisiúil, cé gur beag maitheas a dhein an t-athrú creidimh dár mbráithre Albanacha agus a dteanga.
Ach luaigh Donncha an dul chun cinn a dhein lucht craobhscaoilte an Phrotastúnachais anseo i gCorca Dhuibhne sa naoú céad déag, agus is fíor dó. Tá rian na ngníomhaithe seo, a bhí ag iarraidh muintir na leithinse a iompú ón gCaitliceachas le linn na tréimhse ar a dtugtar an Dara Reifirméisean, nó ‘Cogadh an Bhíobla’ mar a thugann an staraí an Dr. Irene Whelan air, fós le feiscint inár dtimpeall.
Bhí roinnt bheag Protastúnach i gCorca Dhuibhne ag tús an naoú haois déag, ach Caitlicigh ab ea formhór mór na ndaoine.
Arsa duine de phríomhurraí na gcraobhscaoilteoirí i gCorca Dhuibhne, Mrs. D.P. Thompson:
‘What wonder that (as is the lamentable fact) all the English settlers of low degree lapsed into popery… or that in measure, as its people departed from the truth of God, the country around Dingle sank into insignificance and poverty, until Dingle was only known as the name of a place unknown! (‘I wish you were at Dingle-y-couch’—being a cant phrase, meaning totally out of the way.’
Ós na 1820idí ar aghaidh bhí craobhscaoilteoirí an Phrotastúnachais ar a gcroí ndíchill ag iarraidh an chosmhuintir a mhealladh ó bhóthar na Róimhe. Tosnaíodh ar scoileanna agus lonnaíochtaí a thógaint fud fad na leithinse, cuid acu atá fós ann. Éinne agaibh atá tar éis dul don mBlascaod Mór, an chéad fhoirgneamh a bhuaileann libh, sin í an scoil Phrotastúnach a thóg an Dingle and Ventry Mission ag deireadh na 1830idí, mar chuid de líonra scoileanna dá leithéid, chun oideachas a chur ar leanaí an oileáin, agus chun iad féin agus a dtuismitheoirí a sheoladh ar bhóthar a leasa, dar leo:
‘There are about 150 inhabitants on the great Blasquett; these people are in a state of extreme ignorance, not a single individual in the island could read, write, or speak a word of English … [I] was more affected than I have power to describe, by witnessing human nature reduced to the savage state it is among these islanders, within almost ear-shot of religious light and civilization … I made the reader my interpreter while I spoke to them of Christ. [Mrs. D.P Thompson]
Bhí scoileanna agus teampaill dá leithéid i nDún Chaoin, i gCeann Trá, i mBaile an Fheirtéaraigh, i bparóiste na Cille agus i mbaile an Daingin. Tá cuid acu ina seasamh fós; leagadh ceann Dhún Chaoin sna 1960í, ach is féidir é a fheiscint i roinnt mhaith de na grianghraif a tógadh anso sa chéad leath den bhfichiú haois.
Tá rian na hoibre seo fós ar ár logainmneacha chomh maith. Tá An Colony i mbaile an Daingin, agus ceann eile in aice le Baile an Fheirtéaraigh; lonnaíochtaí a bhí iontu seo dóibh siúd a bhí tar éis iompú. Tá Claí an Mhinistir i nDún Chaoin, agus an t-iliomad logainm eile a thugann nod dúinn faoin dtréimhse seo inár stair.
D’éirigh cuibheasach maith leis an ngluaiseacht ar dtús, agus go háirithe le linn an Ghorta Mhóir nuair a bhí cistineacha súip ag dáileadh bia orthu siúd a bhí ag fáil bháis den ocras (bhí os cionn míle duine tar éis tiontú faoi 1847). Ach bhí quid pro quo i gceist go minic; gheofá bia dá n-iompófá creideamh. Ní i gcónaí a bhí an coinníoll seo i gceist, ach d’fhan an tuiscint seo i gcuimhne na ndaoine. Is i gCorca Dhuibhne, chomh maith, a ceapadh an téarma ‘souper’, téarma atá in úsáid fós i gcaint na ndaoine in Éirinn d’éinne a iompaíonn ó ghnáthais a mhuintire nó a phobail.
Ach ní chun a ngoile a shásamh a d’iompaigh gach duine; bhí creideamh láidir sa chreideamh ‘nua’ ag scata. Tá a fhianaise sin le feiscint i nDaonáireamh na bliana 1901. Tá roinnt mhaith teaghlach gur Church of Ireland atá mar chreideamh ag a sinsir, cé gur Caitlicigh Rómhánacha na glúine eile sa tigh.
Bhí tionchar nach beag ag an ngluaiseacht ar chúrsaí teangan leis. Bhí cuid den gcléir Phrotastúnach go mór i bhfabhar na Gaelainne, leithéidí James Canon Goodman agus an tUrramach Tomás Ó Muircheartaigh (a dtugtaí Tomás an Éithigh air le teann tarcaisne). Dúirt sé in 1856 “[those who] labour in the English tongue and we wish them God speed from our hearts; but let us not be Saxonized again in this respect. Let us not have the Irish tongue cut out of our society, as it was cut out of our church 300 years ago”. Ba í an Ghaelainn teanga na seirbhísí agus teanga na scoileanna; ba as Gaelainn a bhí na Bíoblaí agus na téacsanna foghlamtha eile a bhí á n-úsáid ag Protastúnaigh in Iarthar Duibhneach. Don gcéad uair, bhí léamh agus scríobh na Gaelainne á múineadh ar bhonn rialta forleathan don aicme ab ísle i gCorca Dhuibhne. Thug sin stádas don dteanga nach raibh aici cheana i measc an phobail. Fiú, nuair a bunaíodh an córas scoile náisiúnta in Iarthar Duibhneach, ba as Béarla a bhí an teagasc á dhéanamh. Nach íorónta an rud é sin – gur Gaelaí a bhí scoileanna an chreidimh ‘Gallda’ ag an am ná na scoileanna náisiúnta?
Admhaím go raibh an teanga á húsáid mar armlón i gcath idirchreidimh, ach ní thugtar an chreidiúint atá tuillte acu do na scoileanna seo as litearthacht Ghaelainne a scaipeadh.
Ach ina theannta san, an-sheans go raibh tionchar níos mó fós ag na misin Phrotastúnacha ar ár litríocht. Cé go raibh Tomás Dhónaill Criomhthain ró-óg le freastal ar scoil an mhisin sa Bhlascaod, agus cé go bhfuil Tomás an-cháinteach ar an scoil Phrotastúnach agus na daoine a d’fhreastail uirthi ina chuid scríbhneoireachta (‘mainistir na súpanna’ a thugadh sé uirthi), ní foláir nó go raibh tionchar acu siúd a rinne freastal air ar thuiscint duine de mhór-údair na Gaelainne ar chumhacht na leabhar agus na scríbhneoireachta agus é ag éirí aníos, cé nach bhféadfaí é sin a admháil ag an tráth go raibh ‘An tOileánach’ á fhoilsiú.
Eoin Ó Murchú
Alt an-mhaith ar fad. an-speisiúil.
Ruairí Mistéal
Thuigeadar na Protastúnigh san am úd nár thuigeadar na Caitlicigh, gurb é cumhacht na daoine ná na daoine iad féin, toisc gur minic ná cuimhníonn rialtas ar an bpobal.
Seosaimhin Ní Bheaglaoich
Ana-shuimiūil ar fad. A thuilleadh dá shòrt a Dháithí led’ thoil.