An geallghlacadóir a chur i sáinn a chuireann faobhar ar ghoile chuile chearrbhach

Tá scéalta go leor i seanchas na rásaíochta capaill faoi bhobanna a buaileadh ar gheallghlacadóirí

An geallghlacadóir a chur i sáinn a chuireann faobhar ar ghoile chuile chearrbhach

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Le scéalta faoi bhobanna a buaileadh ar gheallghlacadóirí is mó a bhaineann a seanchas siúd ar nós leo geall a chur ar chapaill – i 1975 a tharla an ceann is iomráití ar Ráschúrsa Bhaile an Bheileogaigh i gcontae na Mí áit a raibh capall de chuid Barney Curley darbh ainm Yellow Sam ag rith. 20-1 greanta ag na glacadóirí le taobh a ainm.

I bhfoisceacht ceathrú uaire de thús an rása ghlac comhghleacaí de chuid Curley seilbh ar an teileafón aonair a bhí ar an gcúrsa agus ag an bpointe ceannann céanna sin thosaigh ionadaithe de chuid Barney ag baint na sála dá chéile ag dul isteach i siopaí ar fud na hÉireann agus na Breataine agus ag cur idir £50 agus £300 ar Yellow Sam. An chianóg rua féin níor cuireadh síos ar an traic – ba é an praghas ansiúd nuair a bhuafadh sí a shocródh praghas na siopaí freisin agus ní raibh aon chúis ag geallghlacadóirí Bhaile an Bheileogaigh an 20-1 a laghdú.

Bhí na comhlachtaí móra lasmuigh de pháirc na rásaí agus go deimhin na geallghlacadóirí aonaracha ag imeacht as a gcranna cumhachta ag iarraidh scéala a chuir chucu siúd a bhí ar an traic go raibh an coup faoi lán seoil, ach mo léan, bhí an fón greamaithe de chluas ár gcara agus níor leag sé uaidh é gur fógraíodh ‘Winner All Right, Yellow Sam, 20-1’.

£1.4 milliún in airgead an lae inniu a thug Curley leis as an eachtra – cheannaigh sé stáblaí agus rinne an chreach traenálaí capall dó. Fós níor éirigh sé as a bheith ag ciapadh na ngeallghlacadóirí.

I gcás Yellow Sam níor briseadh aon dlí, ach bhíodh agus tá na húdaráis rásaíochta agus go deimhin dlí na tíre i gcónaí san airdeall ar eachtraí nach amhlaidh cás dóibh. Ní iontas sin agus 14,000 duine fostaithe sa tionscal sa tír seo (200,000 sa mBreatain) agus fiúntas €816 milliún agus £7 billiún faoi seach d’eacnamaíocht na dtíortha sin i gceist.

Taca an ama seo trí bliana ó shin gearradh fionraíocht 12 bliain ar an marcach Darren Egan ar chúiseanna nach ndearna sé a dhícheall rásaí a bhuachan ar chúrsaí Chepstow agus Bath agus tamall roimhe sin cuireadh Eddie Ahern ar fionraí ar feadh 10 mbliana ar na cúiseanna céanna.

Bhí an t-aisteoir agus an fear grinn Niall Tóibín sa scannán Murphy’s Stroke a bhí bunaithe ar coup den mhianach céanna le ceann Barney Curley ach sa gcás seo gur sáraíodh an dlí sa mhéid agus gur chuireadar siúd a bhí ina bhun capall i rás faoi ainm bréige – bhí an t-ádh dearg orthu nach bhfuaireadar príosún.

Ba iomaí sin scéal a bhíodh ag an Tóibíneach féin faoin ábhar agus é ar stáitse ina chuid seónna grinn.

Bhain ceann acu le Sasanach saibhir a bhí ag leagan amach scéim a bhí dírithe ar an tír seo, mar go mba í a bharúil nach mbeadh siad siúd i gceannas chomh géarchúiseach anseo agus a bheidís ina thír dhúchais.

Cheannaigh sé capall le cur i mbun iomaíochta i mbacrásaí – cinn nach ionann an meáchan a bhíonn le hiompar ag chuile chapall ag brath ar a chumas. Tá cáil a leithéid de rásaí i bhfad agus i ngearr ó thaobh glicis.

Agus é ag tabhairt faoin iomaíocht anseo den chéad uair rith an capall i rás ina raibh ceithre chapall eile. D’ordaigh an t-úinéir dá mharcach críochnú sa tríú háit agus b’in díreach mar a tharla.

‘Measann tú an mbeadh sé ann críochnú chun cinn ar an bpéire a bhí roimhe dá mba é sin a bhú uainn?’ a d’fhiafraigh an t-úinéir den mharcach agus iad ag baint na diallaite den chapall i ndiaidh an rása. ‘Níl aon amhras orm faoi’ an freagra a fuair sé, ach baineadh an straois de nuair a chuir an marcach cúpla focal eile lena bhreithiúnas.

‘Ní bheinn chomh siúráilte sin go mbeadh sé in ann ag an bpéire a bhí ina ndiaidh aniar,’ a dúirt sé.

Más é an geallghlacadóir a chur i sáinn a chuireann faobhar ar ghoile chuile chearrbhach tá rud eile freisin a n-aontaíonn siad ar fad ina thaobh – sin nár cheart go deo go dtabharfaí aon drochíde don ainmhí a dhéanfaidh an t-aicsean ar a son.

Sin an fáth go bhfuil rásaíocht chapall na hAstráile faoi scamall le seachtain nó dhó ag scéala faoin traenálaí capall is cáiliúla sa tír sin, fear darbh ainm Darren Weir, a bhfágfadh a mhacasamhail de chás anseo bagairt príosúin ar Aidan O’Brien, Willie Mullins nó Gordon Elliott.

Tá an cháil chéanna ar Weir san Astráil agus a bheadh ar Aidan O’Brien, Willie Mullins nó Gordon Elliott sa tír seo agus bhí 615 capall faoina chúram an lá deireanach den mhí seo caite nuair a thug póilíní Victoria agus maoir rásaíochta na dúiche sin cuairt ar a chuid stáblaí. Bhí Prince of Penzance, an capall a bhuaigh an Melbourne Cup in 2015 ar cheann de na capaill sin.

I seomra codlata an traenálaí fuarthas fearas mídhleathach ar a dtugtar ‘jigger’ – gaireas beag a bhfuil ar a chumas turraing leictreach a thabhairt uaidh, faoi mar a tharlódh dá mbéarfadh duine ar shreang bheo.

Ach priocadh de sin a thabhairt do chapall minic go leor sa mbaile agus an focal céanna a rá isteach ina chluas díreach agus an turraing le seoladh, tuigfidh an t-ainmhí faoi dheireadh go dtagann pian leis an bhfocal céanna sin agus brostóidh a choiscéim lena seachaint

Brúidiúlacht den chéad scoth é, ar aon dul leis an gcineál a dhéantar nuair a chuirtear tairní sa bpolla is uachtaraí den léim thar a mbíonn capaill sheómharcaíochta ag traenáil.

Tá fionraíocht ceithre mhí gearrtha ar Weir agus na póilíní ag cuimhneamh ar é a thabhairt os comhair na cúirte.

Fearacht spórtanna go leor eile tá scéalta go leor sa rásaíocht chapall faoi phiollaí beaga bána agus faoi chógais leighis mhídhleathacha a bheith á n-úsáid anois agus arís.

Is ag an Tóibíneach freisin sílim a bhí an scéal faoi thraenálaí Éireannach a raibh capall dá chuid ag rith tuairim 50 bliain ó shin ag ceann de mhórfhéilte Shasana ag a mbíonn na hataí arda agus na casóga eireabaill á gcaitheamh ag uaisle na tíre sin.

Ar dhuine acu sin bhí Diúc Norfolk, fear a bhí ina chathaoirleach ar an Turf Club thall.

Bhí aithne mhaith ag an Diúc ar an traenálaí Éireannach agus go deimhin cúpla capall dá chuid faoina chúram. Fágadh ina bhambairne ceart é nuair a rinne duine den phobal a bhí ag na rásaí gearán go bhfacthas an tÉireannach ag cur piolla beag bán i mbéal a chapaill féin i bhfáinne na paráide.

Cé go raibh leisce ar an Diúc baint ar bith a bheith aige leis an scéal, d’fhág a phost nach raibh an dara rogha aige agus go drogallach chuir sé fios ar an traenálaí agus d’éiligh míniú.

Is éard a dúirt sé siúd nach raibh aon chall imní dó.

‘Tá faisean agam agus mé ag teacht abhaile as na rásaí seasamh i dteach an óil agus cúpla leathghloine fuisce a ól, rud nach dtaitníonn beag ná mór le mo bhean,’ a deir an traenálaí.

‘Tá milseáin bheaga in Éirinn ar a dtugtar Silvermints agus le boladh an óil a cheilt is minic liom glac acu a bheith i mo phóca. Anois agus arís tugaim ceann do na capaill, ainmhithe a bhfuil dúil acu i rudaí milse, mar a thuigeann tú féin.’

Leis sin tharraing sé paicéad beag acu amach, chuir ceann ina bhéal féin agus thug ceann eile don Diúc, a chaith ina bhéal féin é agus a d’imigh leis agus é breá sásta lena raibh cloiste aige.

Agus é fillte ar fháinne na paráide, d’fhiafraigh a mharcach den traenálaí faoin bplean a bhí leagtha amach dó san iomaíocht. Seo an freagra a fuair sé.

‘Coinnigh tamall siar é sa gcéad leath den rása, gar don ráille. Nuair a shroichfidh tú leath bealaigh athraigh amach ar an taobh amuigh agus ansin nuair a bheas tú staid amháin ón deireadh tug dhá bhuille dó agus báigh do shála ina bholg. Má théann aon bhlas tharat idir sin agus an posta – mise a bheas ann, nó Diúc Norfolk!’

Fág freagra ar 'An geallghlacadóir a chur i sáinn a chuireann faobhar ar ghoile chuile chearrbhach'