An Gaeilgeoir líofa a bhí i gceartlár athbheochan na New England Patriots

Tá scéal suimiúil ag an mac búistéara as Cloich na Caoilte gur ainmnigh Méara Bhostúin, Marty Walsh, lá ina onóir.

An Gaeilgeoir líofa a bhí i gceartlár athbheochan na New England Patriots

Ceapfaidh sibh mé a buailte ag an gcumha maoithneach agus mé ag filleadh arís an tseachtain seo ar bhóithre na smaointe agus a chead sin agaibh. Ach ó chríochnaigh mé ag scríobh an scéil a bhain leis an nGaeilgeoir Terry Casey agus bua a chapaill ‘Rough Quest’ i Grand National Aintree i 1996 níl ag teacht isteach i mo chloigeann ach cuid den tseilg a bhíodh orainn i Raidió na Gaeltachta tráth ar thóir ábhair.

Tá a fhios agaibh faoi seo gur fhág rothaí an tsaoil gur éalaigh an Cathasach bocht den duán orainn. Breac a thug muid i dtír ab ea an scéal faoi Ghaeilgeoir líofa eile a bhí i gceartlár athbheochan na New England Patriots sna 1980idí, a bhí ina bhainisteoir ginearálta ar an bhfoireann sacair The New England Revolution tráth a raibh Frank Stapleton agus báireoir na hIodáile Walter Zenga ag imirt dóibh.

Bhí baint nach beag ag an bhfear céanna le roghnú Foxborough Stadium mar ionad imeartha i gCorn Sacair an Domhain 1994 agus le linn an achair sin bhíodh Brian Ó Donnabháin le cloisteáil go rialta ar chláracha spórt Raidió na Gaeltachta.

Brian O’Donovan

Ar Shráid an Ághasaigh i gCloich na Caoilte áit a raibh siopa búistéara ag a athair a tógadh an Donnabhánach. Bhain sé céim amach san Ollscoil i gCorcaigh agus mar is dual don mhac léinn chaith sé cúpla samhradh i mBostún, áit a thaitnigh chomh mór sin leis gur shocraigh sé fanacht ar fad ann i 1980. Chuir sé lena chuid cáilíochtaí margaíochta agus cumarsáide in Emerson University.

An chraoltóireacht a bhí ina chloigeann ag an am, ach tháinig cor sa mbóthar a d’fhág gur chaith sé cuid mhaith dá shaol ag plé le cúrsaí spóirt ag an leibhéal ab airde sna Státaí.

Sna 1980idí ba ag teaghlach Éireannach de threabh na Súilleabhánach a bhí úinéireacht ar na New England Patriots agus a n-ainm freisin ar an staid ar a dtugtar Foxboro Stadium inniu. Nuair a thugadar siúd post do Brian O’Donavan ag eagrú coirmeacha ceoil i 1984 ba bheag an cheapadh a bhí aige go raibh sé leis na déaga de bhlianta a chaitheamh ann, na cinn ba rathúla go dtí sin i stair na Patriots.

Ní raibh aon chailleadh ar an dream a chuir sé ag casadh an cheoil ann ach an oiread – le linn réimis an Donnabhánaigh sheinn U2, The Rolling Stones, Madonna, Elton John, Pink Floyd, David Bowie, Paul McCartney, Phil Collins, Willie Nelson, Bob Dylan agus go leor eile.

Nuair a thóg an billiúnaí Robert Kraft úinéireacht ar na Patriots ceapadh fear Chloich na Caoilte ina Leas-Uachtarán ar an eagraíocht . Bhí sé lárnach san idirbheartaíocht a d’fhág gur imríodh leathdhosaen cluichí de chuid Chorn Sacair an Domhain 1994 sa staid – bhí caint ann roimh thús an chomórtais gur i mBostún a bheadh Éire lonnaithe, ach níor tharla sin.

Agus Corn an Domhain thart tosaíodh ar fheachtas fréamhacha an tsacair a scaipeadh ar fud na Státaí, tír ina raibh an tuairim inti riamh anall go mba le heachtrannaigh amháin an cluiche.

Beartaíodh sraith náisiúnta a bhunú arís – cliseadh tubaisteach a bhí i ndán don cheann a thug Pele agus Beckenbaeur go Meiriceá blianta roimhe – ach anois bhí ugach nua ann de bharr gur éirigh chomh maith sin le USA94.

Roinneadh na foirne amach ar na cathracha ba mhó, Bostún ar cheann acu agus ba é Brian O’Donavan a bhí ina bhainisteoir ginearálta ar The New England Revolution.

Ba ar an bpáirc chéanna a d’imir an Revolution. Bhí neart spáis ann don sacar ach le teacht Bill Belichick agus Tom Brady tháinig athrú as cuimse ar na Patriots. Ba ghnách leo a bheith níos gaire de bhun an tábla ná dá bharr go dtí sin ach le teacht na beirte bhuaigh siad an Superbowl trí huaire in imeacht ceithre bliana.

Dá bharr bhí géarghá le staid níos mó, ceann a thóg an t-úinéir George Kraft as a phóca féin – $325 milliún. Arís bhí Ó Donnabháin i gceartlár na pleanála.

Le linn an achair sin ar fad ní baileach gur thug Brian cúl ar fad don chraoltóireacht.

Ón mbliain 1986 tá clár dá chuid A Celtic Soujourn á chraoladh gach Satharn ag stáisiún raidió pobail Bhostúin.

Tá oiread de cháil faoi seo ar mhac an bhúistéara as Cloich na Caoilte gur ainmnigh Méara na cathrach, Marty Walsh, lá ina onóir.

Ar fud Bhostúin ar an 14 Nollaig 2017 rinneadh ceiliúradh ar ‘Brian O’Donavan Day’.

Fág freagra ar 'An Gaeilgeoir líofa a bhí i gceartlár athbheochan na New England Patriots'