An fhoireann dheireanach peileadóirí a mba sa tír seo a saolaíodh iad ar fad…

Tá 45 bliain caite ó sheas foireann idirnáisiúnta sacair a mba sa tír seo a saolaíodh iad ar fad an fód ar pháirc na himeartha

An fhoireann dheireanach peileadóirí a mba sa tír seo a saolaíodh iad ar fad…

Liam Brady. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Agus mé ag breathnú ar an gcluiche sacair idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag Dé Domhnaigh seo caite fuair an fhiosracht an ceann ab fhearr orm nuair a dúirt an tráchtaire go raibh 45 bliain caite ó sheas foireann peileadóirí a mba sa tír seo a saolaíodh iad ar fad an fód ar pháirc na himeartha sa gcód sin.

Ní dhéarfadh duine a leithéid ar an aer gan a bheith cinnte go raibh an ceart aige mar a fuair mé amach de bharr mo chuid póirseála féin. B’in an fhoireann thuas a bhuaigh ar an Tuirc 4-0 i Réamhbhabhtaí Chraobh na hEorpa ar Pháirc Chnocán Uí Dhálaigh ar an gCéadaoin deireanach den mhí seo i 1975.

Chomh maith le bheith ag imirt ba é Johnny Giles a bhí ina bhainisteoir ar an bhfoireann, post a bhí freisin aige le West Bromwich Albion lenar bhain sé
ardú céime chuig Roinn 1 amach ag deireadh an tséasúir áirithe sin. Faoina chúram, ní baileach go raibh an rath céanna ar fhoireann na hÉireann ina bhfeachtas áit a bhaint amach i mbabhtaí ceannais mórchomórtais den chéad uair riamh.

Réamhbhabhtaí Chraobh na hEorpa a bhí i gceist i 1975. Bhuaigh siad ar an Aontas Sóivéadach agus ar an Eilvéis freisin sa mbaile ceart go leor, ach ní bhfuaireadar as a gcuid taistil ach comhscór in aghaidh na Tuirce, rud a d’fhág farasbarr pointe ag na Sóivéadaigh orthu agus áit dá réir sna babhtaí ceannais a reáchtáladh san Iúgslaiv.

Seans go mba shiocair Giles a bheith i West Brom a thug Paddy Mulligan agus Mick Martin aghaidh ar an gclub sin tar éis dóibh dornán maith blianta a bheith caite acu le Chelsea agus Crystal Palace i gcás Mulligan, agus Manchester United i gcás Martin, a chaith formhór a shaoil ina dhiaidh sin in Newcastle.

Is é Steve Heighway is dóigh an té is mó a gcuirfeadh daoine ceist faoina dhúchas, ach ba i mBaile Átha Cliath a rugadh é agus a chaith sé na deich mbliana ba thúisce dá shaol sular thug a thuismitheoirí aghaidh ar Shasana. Bhí Heighway ag tabhairt faoi chéim ollscoile agus é 23 bliain d’aois nuair a chuaigh Liverpool sa seans air. Chuaigh a chumas ráigeanna lasracha a thabhairt buailte ar an taobhlíne i gcion go mór ar lucht leanta an chumainn lenar chaith sé 11 séasúr mar imreoir agus 25 séasúr eile mar chóitseálaí.

Ba naoscaire den scoth é Don Givens ar fheil an cineál imeartha a rinne Heighway dó agus ba mhinic a bhain seisean lánleas as na liathróidí a chuirtí trasna an chúil chuige. Léirigh sé é sin luath go maith i bhfeachtas 1975 nuair a scóráil sé trí chúl sa gcéad imirt in aghaidh an Aontais Shóivéadaigh.

Scil den chineál sin a d’fhág go ndeachaigh Manchester United sa tóir ar Givens agus é ina dhéagóir . Níor fhan sé in Old Trafford ach dhá bhliain sular thug sé aghaidh ar Londain agus ar Queens Park Rangers i 1972. Ansiúd a tháinig sé faoi bhláth – scóráil sé 23 cúl dóibh an séasúr ba thúisce a raibh sé ann agus bhaineadar áit amach i Roinn 1. In imeacht trí bliana bhí 49 cúl ar fad aimsithe aige.

Faoin am ar imríodh cluiche na Tuirce i 1975 ba iad QPR a bhí ar bharr Roinn 1 (an ceann ab uachtaraí a bhí ann) agus seans ar an gcoróin acu go críoch nuair a chuaigh Liverpool tharstu i gcluiche deireanach an tséasúir.

Mheas mise i gcónaí go mba Bhaile Átha Cliathach é Don Givens – dá mba ea ní hamháin gur dúchasaigh ar fad bheadh ar an bhfoireann sin a ghabhfadh chun páirce ar an 29 Deireadh Fómhair 1975, ach foireann iomlán ‘Jeaicíní’ .

Féach go raibh dul amú orm. Ba i gcomharsanacht Chaisleán Uí Chonaill i Luimneach a saolaíodh Don i 1949. B’in an bhliain ar tháinig deireadh le ré ghlórmhar chumann iomána an cheantair, Áthán. Bhí Mick agus John Mackey ar na foirne sin ar ndóigh agus nuair a bhíodar i mbarr a réime idir 1931 agus 1948 bhuaigh siad Craobh Shinsir Luimnigh 15 uair.

Ba iománaithe as Áthán aon duine dhéag den ochtar déag a bhí ar dualgas ag Luimneach i bPáirc an Chrócaigh nuair a fuaireadar an bua ar Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais na hÉireann i 1940 agus bhí Dan Givens, athair Don, ar dhuine acu.

Ní shin an t-aon nasc leis na Cluichí Gaelacha agus foireann sacair na hÉireann i 1975. Nuair a bhuaigh Áth Cliath Craobh Shinsir Peile Laighean i 1941 ba ógánach 18 bliain darbh ainm Con Martin a bhí i lár na páirce in éindí le Joe Mac Gearailt as Corca Dhuibhne. Níos túisce an bhliain sin bhí Martin ar fhoireann Choláiste Sheosaimh, Fionnradharc a bhuaigh craobh na gcoláistí.

An bhliain dár gcionn ba é an Gearaltach a d’ardaigh Corn Mhig Uidir in Ardán an Ógánaigh tar éis d’Áth Cliath an bua a fháil ar Ghaillimh, ach dé ná deatach ní raibh ar an Máirtíneach – ní mba ghortú ná tinneas a choinnigh as é ach scéal a rinneadh air go raibh sé ag imirt sacair le Drumcondra tráth a raibh bac i réim i gCumann Lúthchleas Gael a leithéid a dhéanamh. Go fiú agus nach bhfuair sé bonn as craobh an chúige a bheith buaite acu an bhliain roimhe sin.

Choinnigh Con Martin leis an sacar agus cúig bliana dár gcionn thug Aston Villa £10,000 air tráth arbh £5,000 lena chois sin an táille ba mhó a tugadh riamh ar imreoir. Chaith sé deich mbliana ansiúd mar leathchúlaí agus d’imir d’Éirinn deich n-uaire fichead. D’imir a mhac Mick Martin dá thír 16 uair níos minice ná sin, an cluiche in aghaidh na Tuirce ar Pháirc Chnocán i Dhálaigh ar cheann acu.

Sa mbliain 1971 a d’imir Mick den chéad uair.

B’in an bhliain freisin ar cuireadh deireadh le bac CLG, rud a chinntigh faoi dheireadh thiar thall go bhfuair Con Martin an bonn a bhuaigh sé deich mbliana fichead roimhe sin.

Fág freagra ar 'An fhoireann dheireanach peileadóirí a mba sa tír seo a saolaíodh iad ar fad…'

  • Seán Fennell

    An-alt go deo, speisiúil ar fad. Sacar, cluiche an lucht oibre. Ag dúil go mór go mbeidh foireann 32 contae againn!

  • Breandán

    Is dócha gurb é Liam Ó Brádaigh an peileadóir Éireannach is fearr a bhí riamh ann,tabharfaidh mise mo vóta dó ar aon nós.